Tá conspóid tarraingthe in Westminster ag an nGaeilge agus an Bhreatnais agus raic ann faoi fheisire Parlaiminte a labhair na teangacha sin i dTeach na dTeachtaí.
Ghuigh feisire de chuid Plaid Cymru Liz Saville Roberts beannachtaí na féile Pádraig ar an teach i nGaeilge agus i mBreatnais Dé Céadaoin seo caite ach ghearr an Spéicéir isteach uirthi nuair a cheap sé go raibh sí chun leanúint uirthi ag labhairt i mBreatnais.
Dúirt an Spéicéir, Sir Lindsay Hoyle, léi stopadh agus go raibh sé in aghaidh rialacha an Tí tada níos faide ná beannacht a thabhairt sa Bhreatnais.
Nuair a mhínigh Saville Roberts gur i nGaeilge a bhí cuid dá beannacht, dúirt Hoyle nach raibh aon fhadhb aige leis sin agus nach raibh sé ach ag iarraidh rialacha an Tí a chur i bhfeidhm.
Bhain tuilleadh conspóide leis an scéal nuair a thug Jacob Rees-Mogg, ceannaire Theach na dTeachtaí, teanga iasachta ar an mBreatnais.
Bhí Rees-Mogg ag iarraidh Saville Roberts a chosaint maidir le húsáid na dteangacha nuair a dúirt sé go raibh “modest quotation in foreign languages” ceadaithe ach nach raibh óráidí iomlána i dteanga eile seachas an Béarla ceadaithe.
I bhfreagra a thug sí ar Twitter ar an méid a bhí le rá ag Rees-Mogg, dúirt Saville Roberts nach teanga iasachta í an Bhreatnais agus go raibh sí á labhairt sa Bhreatain ar feadh na gcéadta bliain fiú sularbh ann don Bhéarla.
Jacob Rees Mogg may not be aware, but Welsh is not a “foreign language”. It had been spoken in Britain for hundreds of years before English even existed.
Proof, if ever it were needed, that Etonian eloquence =/= education. pic.twitter.com/zehXffgI52
— Liz Saville Roberts AS/MP (@LSRPlaid) March 18, 2021
Ní hí seo an chéad uair ag Saville Roberts an Ghaeilge a labhairt i dTeach na dTeachtaí. In 2018, bhain sí úsáid as an teanga chun ceist a chur maidir le hacht Gaeilge ó thuaidh.
Measadh go bhféadfadh gurbh í sin an chéad uair a labhraíodh an Ghaeilge i bparlaimint Westminster le breis is 100 bliain.