Tá an fear grinn iomráiteach Dara Ó Briain i measc na ndaoine a bhfuil blas breá á fháil acu ar Siúcra, gearrscannán nua faoin nGaeilge atá déanta ag aisteoir óg as Baile Átha Cliath.
Roxanna Nic Liam a rinne an scannán ina gcuireann sí in iúl an grá atá aici don Ghaeilge.
Amharclann an Axis i mBaile Munna a choimisiúnaigh an scannán a stiúir Cathal Mac an Bheatha.
Mheas Dara Ó Briain gur saothar “álainn” a bhí i Síucra, dán ómóis agus gairm chatha in éineacht.
Tá sé seo álainn! A gorgeous spoken word poem/essay/call to arms in tribute to the Irish language. Well done @nicliamo and @axisBallymun. I particulalry liked the 11 different words for “Mysterious”… https://t.co/RD0JMqpbJF
— Dara Ó Briain (@daraobriain) March 24, 2021
Lón machnaimh a bhí sa scannán a dúirt an láithreoir de chuid TG4 Caitlín Nic Aoidh agus ‘cracker’ an breithiúnas gonta a bhí ag réalta Gaeltachta eile, Dáithí Ó Sé, air.
Can’t express in either language just how wonderful & heartwarming this is – grab a cupán tae leis seo. Comhghairdeas @NicLiamo @Cathalmacan, tá sé seo iontach álainn agus cumhachtach.
(Agus #Gaeilge álainn Átha Cliath leis! Is 💙 liom blas ceart na hárdchathrach sa Ghaeilig!) https://t.co/Sz4SQ8eDoS
— Scott De Buitléir (@scottdebuitleir) March 24, 2021
Craoladh an scannán den chéad uair an tseachtain seo ag seoladh Scríobh, féile Ghaeilge an Axis, agus tá sé ag dul i bhfeidhm go mór ar dhaoine ó shin.
Grab a cupán tae and watch this…and don’t forget your Siúcra…Comhghairdeas le @nicliamo @axisBallymun @Cathalmacan ó @WeAreTUDublin for this love letter to an Ghaeilge and Baile Átha Cliath … tá sé cumhachtach agus lán de ghrá 😍https://t.co/OhyKwZ1n72 via @YouTube
— TU Dublin Oifig na Gaeilge (@TUDublinOnaG) March 24, 2021
Tá an físeán seo thar barr, @NicLiamo.
Cumhachtach. Fíor. Álainn. Tábhachtach.
An físeán is fearr den lá, nó den céad bliain.#Gaeilge https://t.co/GEnSchU9jW— Niall Mac Aindriú (@niallmcandrew) March 24, 2021
Can’t express in either language just how wonderful & heartwarming this is – grab a cupán tae leis seo. Comhghairdeas @NicLiamo @Cathalmacan, tá sé seo iontach álainn agus cumhachtach.
(Agus #Gaeilge álainn Átha Cliath leis! Is 💙 liom blas ceart na hárdchathrach sa Ghaeilig!) https://t.co/Sz4SQ8eDoS
— Scott De Buitléir (@scottdebuitleir) March 24, 2021
Ar fheabhas ar fad! This was wonderful, thank you @NicLiamo agus @axisBallymun @ForasnaGaeilge 🙏 https://t.co/HUaOhmJKkq
— Ruth Gallagher (@RGallr) March 23, 2021