Tá cúrsa nua do mhúinteoirí iarbhunscoile fógartha ag an Rialtas chun iarracht a dhéanamh dul i ngleic leis an nganntanas múinteoirí Gaeilge atá ann faoi láthair.
D’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley agus an tAire Breisoideachais Simon Harris go bhfuil cúrsa uas-scileála nua le forbairt don Ghaeilge. Institiúid ardoideachais a chuirfidh an cúrsa páirtaimseartha saor in aisce ar fáil do mhúinteoirí.
Maítear go dtabharfaidh an scéim deis do mhúinteoirí dóthain inniúlachta a bhaint amach sa Ghaeilge chun go mbeidh siad in ann an teanga a mhúineadh.
Tá cúrsaí uas-scileála eile do mhúinteoirí iarbhunscoile tosaithe cheana féin i roinnt ollscoileanna ar fud na tíre. Tá cúrsaí curtha ar fáil don fhisic, don Spáinnis agus don mhatamaitic, trí ábhar eile a bhfuil deacrachtaí ann maidir le soláthar múinteoirí.
Dúradh go raibh an Roinn Oideachais chun iarraidh ar institiúidí ardoideachais cúrsa Gaeilge a fhorbairt toisc go raibh “deacrachtaí suntasacha” ag scoileanna poist do mhúinteoirí Gaeilge a líonadh.
“Is léir go bhfuil ag gabháil dian ar iarbhunscileanna na tíre a múinteoirí a fháil chun ábhair áirithe a theagasc – Gaeilge, nuatheangacha eachtracha agus ábhair STEM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic). Tá áthas orm a fhógairt go mbeimid ag iarraidh ar institiúidí clár uasoiliúna do mhúinteoirí iarbhunscoile a thosú ionas go mbeidh oidí ar fáil a bheidh ábalta Gaeilge a mhúineadh,” a dúirt an tAire Oideachais, Norma Foley
“Bealach eile na cláir seo chun soláthar oidí a chinntiú le freastal ar riachtanais na ndaltaí agus na scoileanna sna blianta seo romhainn i gceithre abhar tábhachtach: matamaitic, fisic, Spáinnis agus Gaeilge.”
Dúirt an tAire Simon Harris nach raibh amhras ar bith air ach go dtacódh na hinstiúidí ardoideachais le forbairt an chúrsa nua don Ghaeilge.
Tá sé i gceist go mbeadh na cúrsaí seo “solúbtha” agus go reáchtálfaí iad ar bhonn páirtaimseartha chun freastal ar mhúinteoirí.
Beidh múinteoirí in ann clárú leo bíodh siad ag teagasc i scoil faoi láthair nó ná bíodh. Deirtear go dtabharfar tosaíocht do mhúinteoirí nach bhfuil aon phost acu i láthair na huaire agus dóibh siúd nach bhfuil post lánaimseartha acu.