Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ar díol agus ar cíos sa Ghaeltacht
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinnte
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
deireadh-re-–-nil-aon-duine-ag-goid-sluaiste-feasta

Deireadh ré – níl aon duine ag goid sluaiste feasta

Tuairisc

Níl baol faoin spéir ann go ngoidfear an tsluasaid feasta.

“D’fhéadfá do shluasaid a chaitheamh in do rogha áit anois,” arsa an Comhairleoir Contae Tomás Ó Curraoin ag cruinniú de Chomhairle Bardasach Chonamara inné “agus ní leagfar lámh uirthi nó go dtiocfaidh tú air ais á hiarraidh arís.”

Athrú saoil.

Ba thráthúil gur labhair an Comhairleoir Ó Curraoin ar an tsluasaid.  “Ba mhó cleachtadh a bhí agam uirthi ná a bhí agam ar an bpeann,” a deir Tomás.

Chleacht Pádraig Breathnach, Paddy Walsh,  as an Léim taobh thoir den Teach Dóite, an cineál sin saoil freisin.

Chríochnaigh Paddy a théarma oibre le Comhairle Chontae na Gaillimhe le déanaí.  Tabhair téarma air.  Seacht mbliana agus dhá fhichead a chaith Paddy ag obair ar bhóithre Chonamara.  Thosaigh sé luath go maith sna 1970idí.  Ag sluaisteáil a bhí sé an uair sin, ag oibriú piocóide, ag iompar clocha troma lena dhá láimh.  Le himeacht na haimsire ceapadh é ina shaoiste agus ina stiúrthóir ar bhuíonta na Comhairle Contae thart ar an Teach Dóite.

“Tá athrú mór ar an Teach Dóite inniu,” a deir an Comhairleoir Thomas Welby ag cruinniú de Chomhairleoirí Thoghcheantar Chonamara.  “Go n-éirí an saol le Paddy.  Gan na hoibrithe a théann amach faoin spéir ar aimsir mhaith, ar aimsir fhliuch agus aimsir fheannta, ba bheag an leas a dhéanfadh obair oifige.”

Is iomaí sin athrú atá tagtha ar obair na mbóithre agus ar obair fhisiciúil ó thosaigh Paddy Walsh.  Níl an sclábhaíocht chomh trom cé nach bhfuil mórán d’athrú ar an aimsir.  Lá a mbíonn scaladh geal gréine ar na Beanna Beola, lá eile a mbíonn caipín sneachta ar bharr na gcnoc nó réabadh gála ag fuadach tráithníní trasna an chriathraigh.

Sin é an saol faoin spéir ag fear oibre.

Ach is dóigh go mbainfeadh cuid den chaint a cluineadh ag cruinniú Chomhairleoirí Chonamara inné cor as fear cruachúiseach oibre féin.

Ar an gcéad iarraidh, tá an pobal sásta leis an obair atá ar bun ar na bóithre, go deimhin, tádar ag moladh Comhairle Chontae na Gaillimhe.

Sin é a dúirt an Comhairleoir Dáithí Ó Cualáin agus bhí Tomás Ó Curraoin agus Eileen Mannion ar an bport céanna.

Bhí an-áthas ar an innealtóir sinsearach i gConamara, Damien Mistéal, go raibh an pobal sásta.  D’éirigh an moladh chomh binn sin agus gur iarr an Comhairleoir Thomas Welby go scríobhfadh an pobal an moladh seo uilig ar pháipéar.

Is dóigh go mbeadh iontas ar Phaddy Walsh théis na mblianta oibre agus é ag teannadh soir abhaile i dtreo na Léime, agus i dtreo an chuid eile dá shaol, an chaint seo a chloisteáil i gConamara.   Nár leag Joe Molloy as Corr na Móna píopa sceite ‘exhaust’ ar an mbord amach ar aghaidh bhainisteoir an Chontae sna blianta a caitheadh agus dúirt go mba iad bóithre Conamara a rinne cosnach den phíobán céanna.

“A sacrificial offering,” a thug Joe air a íobairt den ‘exhaust’.

Bhí muintir Chonamara traochta ag gearán faoi dhrochbhóithre.

Ní raibh aon léargas ann ar an athrú saoil.

Ach tá sé tagtha sa saol anois go bhfuil dream ann atá den bharúil go bhfuil an iomarca léargais ar an saol san oíche ag muintir Chonamara agus tá siad ag iarraidh casadh le Comhairleoirí Chonamara.  Mhínigh an Comhairleoir Eileen Mannion go raibh scéala faighte aice ó ghrúpa na spéartha dorcha – nó na ‘Dark Skies’ – go bhfuil cruinniú uathu leis na Comhairleoirí.

Riamh anall, bhíodh Comhairleoirí Chonamara ag tuineadh le Comhairle Chontae na Gaillimh tuilleadh soilse a chrochadh.  Bhí agus tá fós iarratais as sráidbhailte ar fud an cheantair ar shoilse poiblí breise.  Bhíodh cúrsaí sábháilteachta i gceist ag na Comhairleoirí agus comhluadar an tsolais freisin i gceist ag daoine eile.   Tá gluaiseacht na spéartha dubha ar mhalairt poirt, go pointe ar chuma ar bith.  Leagann siadsan béim ar an nádúr agus ar dhraíocht na spéire.   Creideann siad gur cheart a bheith spárálach leis na soilse abhus ar an saol seo le súil agus go mbeadh amharc níos fearr ar na réalta i ríocht na spéire.

Ar an gcóras ‘ar líne’ atá cruinnithe na gComhairleoirí Contae á reáchtáil le tamall maith anois de bharr Covid-19.  Ach, tá sé i gceist go mbeidh an chéad chruinniú eile de Chomhairleoirí Chonamara ar bun ar an seanbhealach – daoine in éineacht i seomra na Comhairle Contae ar an 18 Meitheamh.

Beidh sé ag bordáil ar an lá is faide sa mbliain, tráth a mbíonn gar go maith do scór uaireanta an chloig solais againn i gConamara.  Níl sé soiléir fós an mbeidh toscaireacht ó chomhaontas na spéartha dorcha istigh ag casadh leis na Comhairleoirí an lá sin.

Beidh feidhmeannaigh agus innealtóirí na Comhairle Contae ag súil  go mairfidh an moladh atá ar obair na mbóithre i gConamara go dtí sin, ar a laghad.

Agus níl baol faoin spéir ann go mbeidh oiread agus sluasaid amháin goidte i gConamara idir seo agus sin.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge