Tá cosaint déanta ag Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont ar a chinneadh Béarla amháin a labhairt ag cruinniú de choiste Oireachtais, fiú nuair a cheistigh Seanadóir i nGaeilge é.
Béarla amháin, seachas cúpla beannacht i nGaeilge, a labhair ceannasaí TG4 ag cruinniú den Choiste um na Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht an tseachtain seo caite.
Chloígh Ard-Stiúrthóir TG4 leis an mBéarla fiú nuair a chuir an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil Malcolm Byrne ceist i nGaeilge air.
“I’ll reply in English…[it’s] better for the record,” a dúirt Alan Esslemont.
Rinne ceannasaí an stáisiúin Ghaeilge cosaint ar a chur chuige teanga nuair a d’fhiafraigh Tuairisc.ie de TG4 ar cheart don stáisiún a bheith ag spreagadh polaiteoirí chun Gaeilge a úsáid seachas a bheith ag tabhairt le fios dóibh gurbh fhearr do thaifead an Oireachtais é Béarla a labhairt.
“Tugann TG4 spreagadh do pholaiteoirí Gaeilge a labhairt, mar a fheictear ar Nuacht TG4 gach oíche. Ach tá cead ag Ard-Stiúrthóir TG4 cás TG4 a chur ar aghaidh go neamhbhalbh in aon teanga agus in aon fhóram, náisiúnta agus idirnáisiúnta,” a dúirt Alan Esslemont.
Lorg Tuairisc.ie míniú ar an ráiteas go raibh an Béarla “better for the record” agus ar chinneadh an Ard-Stiúrthóra gan a cheart reachtúil a ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an gcoiste a éileamh.
“Bíonn an Coiste sin sásta aistriúchán a chur ar fáil agus is cainteoir líofa í an Cléireach a dhéanann a cuid oibre liom i gcónaí trí Ghaeilge,” a dúirt Esslemont.
“Bheadh an rogha agam mo chuid gnó a dhéanamh i nGaeilge ar fad ach roghnaigh mé gan na hacmhainní aistriúcháin sin a iarraidh don seisiún mar gheall gur thuig mé go mbeadh easaontas idir na finnéithe (Sky, RTÉ, Virgin) agus theastaigh uaim go mbeadh an chumarsáid agus an díospóireacht idir na finnéithe soiléir agus siúlach.”
Faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá ceart ag aon duine a bhíonn ag caint “os comhair ceachtar Tí den Oireachtas nó os comhair coiste, comhchoiste nó fochoiste Oireachtais ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid”.
Níor ghlac an tArd-Stiúrthóir leis go raibh rud éigin as alt le TG4, a bhíonn ag brath go minic ar pholaiteoirí a ndícheall a dhéanamh Gaeilge a labhairt, a bheith ag freagairt i mBéarla ceist a chuir polaiteoir air i nGaeilge i dTithe an Oireachtais.
“Mar gheall nach raibh na hacmhainní aistriúcháin iarrtha agam, lean mé leis an gcur chuige a d’aontaigh mé leis an gCléireach.”
Thug Alan Esslemont le fios chomh maith nach dóigh leis go bhfuil aon neamhréiteach idir a bheith ag trácht i dTithe an Oireachtais ar chearta teanga phobal na Gaeilge i leith seirbhísí craoltóireachta agus, ag an am céanna, a roghnú gan éileamh a dhéanamh ar na cearta teanga atá ar fáil.
Thagair an tArd-Stiúrthóir ag cruinniú na seachtaine seo caite do ráiteas a rinne Breandán Ó hEithir gurb é an Béarla ‘teanga chroí an Stáit’.
Nuair a chuir Tuairisc.ie ceist ar TG4 an raibh an baol ann gurb ionann an cur chuige aonteangach Béarla ag an gcoiste agus a bheith ag géilleadh don mheon sin, thagair Alan Esslemont arís don cheart atá aige cás a dhéanamh do TG4 ina rogha teanga aon áit ar mian leis.
Pléadh ag an gcruinniú den choiste Oireachtais maoiniú na craoltóireachta in Éirinn. Dúirt Alan Esslemont ag an gcruinniú go raibh gá le beart láidir ón Stát le cinntiú go bhfanfadh na meáin Ghaeilge ábhartha.
D’éirigh ag an gcruinniú idir Ard-Stiúrthóir TG4 agus Stiúrthóir Gnóthaí Rialála agus Corparáideacha Sky Ireland, Mark Carpenter.
Chuir Alan Esslemont i leith Sky go raibh siad ‘ag tarraingt na gcos’ maidir le haip TG4 a chur ar fáil ar a seirbhís.
Ba ghá, a dúirt ceannasaí TG4, reachtaíocht láidir a thabhairt isteach lena chinntiú go mbíonn áit mhaith ag cláir Ghaeilge ar sheirbhísí teilifíse íoc-ar-amharc.
Dúirt Mark Carpenter, Stiúrthóir Gnóthaí Rialála agus Corparáideacha Sky Ireland, go raibh ‘ábhairín iontais’ air faoi chaint Alan Esslemont go raibh Sky ag tarraingt na gcos le blianta maidir le haip TG4.
Mhaígh Mark Carpenter go raibh ‘ceisteanna teicniúla’ le réiteach ar an ‘dá thaobh’ chun go mbeadh an aip ar fáil ar Sky.