Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
cuig-scannan-is-fiu-a-fheiceail-an-samhradh-seo

Cúig scannán is fiú a fheiceáil an samhradh seo

| Saoirse Ni Chiaragain | ,

Tar éis geimhreadh agus earrach fada, tá an samhradh linn ar deireadh. Is féidir linn uile  taitneamh a bhaint as na laethanta fada, an aimsir mhaith (le cúnamh Dé) agus athoscailt na dtithe tábhairne, na mbialann, agus na bpictiúrlann. 

Fiú mura mbíonn tú ar do shuaimhneas dul chuig an bpictiúrlann go luath, tá neart scannáin nua le fáil ar sruthsheirbhísí an samhradh seo. Seo hiad na cúig scannáin is fiú a fheiceáil an samhradh seo, sa bhaile agus amuigh.

Candyman (stiúr. Nia de Costa)

Scríobh mé faoin scannán seo cheana, i mo liosta de na scannáin is fiú a fheiceáil i mbliana – agus seasaim leis mo rogha. Tar éis fanacht fhada, beidh seans ar deireadh ag an lucht féachana an scannán uafáis seo a fheiscint. 

Beagnach tríocha bliain i ndiaidh an chéad scannáin Candyman, beidh sé suimiúil go leor a fheiceáil cén treo ina bhfuil de Costa chun an scéal a iompair. Agus téamaí láidir a bhaineann leis an gciníochas ann, is scéal uafáis é seo atá chomh tábhachtach anois agus a bhí sé in 1992. Beidh sé ar fáil ón 27 Lúnasa. 

The Green Knight (stiúr. David Lowery)

Tá i bhfad níos mó cáile ar an gcomhlacht léirithe A24 as a chuid scannáin uafáis, leithéidí Hereditary agus The Lighthouse, nó as drámaí cosúil le Minari agus Lady Bird, ná atá le hábhair staire. Is údar mór é sin go bhfuil The Green Knight chomh suimiúil sin, agus an fáth go mbeidh lucht féachana ag tnúth go mór leis.

Bunaithe ar an bhfinscéal Sasanach, insítear in The Green Knight scéal Sir Gawain (Dev Patel) agus é ag dul i gcoinne an Ridire Ghlais — fathach scanrúil agus osnádúrtha. Beidh an scannán ar fáil faoi dheireadh mhí Iúil.

The Sparks Brothers (stiúr. Edgar Wright)

Sula mbíonn seans againn a scannán nua, Last Night in Soho, a fheiceáil i mí na Shamhna, beimid uile in ann spraoi a bhaint as an gclár faisnéise seo le Edgar Wright. I ndomhan an scannáin, tá ‘Sparks’ ar cheann de na bannaí ceoil is mó tionchar riamh – agus tá seans maith nár chuala tú trácht riamh orthu. 

Insítear sa scannán scéal bheirt deartháireacha a chruthaigh an banna, agus na ceoltóirí agus ealaíontóirí a spreag siad – Björk, Beck agus Neil Gaiman ina measc. Níl ort ach fanacht go dtí an 18 Meitheamh chun é a fheiceáil.

Luca (stiúr. Enrico Casarosa)

Tar éis bliain fhada ag fanacht sa bhaile agus ag freastal ar scoil ar an idirlíon, tá lá mór amuigh san bpictiúrlann tuillte ag na páistí…ach beidh orthu fanacht. Níl scannán níos fearr dóibh an samhrah seo ná Luca, ó Disney-Pixar, ach beidh sé seo ar fáil ar Disney+ amháin.

Insítear in Luca scéal bheirt bhuachaillí san Iodáil a bhfuil rún acu – nuair a bhíonn siad san uisce, athraíonn siad ina n-ollphéist. Deir leis an stiúrthóir Enrico Casarosa, bhí tionchar mór ag a chuid taithí san Iodáil mar pháiste ar an scannán. Beidh Luca ar fáil ar Disney+ ón 18 Meitheamh.

He’s All That (stiúr. Mark Waters)

Má tá téama ar bith sna scannáin a bheidh ar fáil an samhradh seo, is é “re-makes” an téama sin. Idir Candyman, The Suicide Squad agus Space Jam, beidh roinnt scéalta a chonacthas cheana le feiceáil arís. Ina measc siúd tá He’s All That, atá bunaithe ar an scannán She’s All That ó 1999.

San leagan nua, tá na inscní athraithe. An leor an iarracht seo casadh nua a chur ar seanscéal? Nílimid cinnte, ach gheobhaidh muid amach nuair a bheidh an scannán ar fáil ar Netflix ón 27 Lúnasa.

Níos mó