Tá curaclam nua forbartha i nGaeilge chun ‘Mórtas Áite’ a spreagadh i ndaltaí bunscoile agus iarbhunscoile.
Oidhreacht Chorca Dhuibhne a d’fhorbair an curaclam nua i gcomhpháirt le Pobalscoil Chorca Dhuibhne.
Tá a leithéid de churaclam a mhúineann mórtas áitiúil á fhorbairt san Ísiltír, sa Tuirc, agus sa Phortaingéil faoin scéim Erasmus+ an Aontais Eorpaigh.
Agus an curaclam á fhorbairt, bhí deis ag baill foirne de chuid Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus múinteoirí ó Phobalscoil Chorca Dhuibhne freastal ar sheisiúin traenála i dtíortha eile san Eoraip atá i mbun na scéime.
Tá an curaclam, atá oiriúnach do dhaltaí ardranga ar an bhunscoil agus daltaí iarbhunscoile, á fhorbairt le trí bliana anuas agus measúnú á dhéanamh ar a dhul chun cinn.
Dúirt urlabhraí ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh daoine bródúil as an cheantar ina maireann siad nó as an cheantar gurb as dóibh ó dhúchas.
“Braitheann daoine go bhfuil ceangal láidir acu leis an áit dhúchais agus leis an aicme daoine a mhaireann ann. Ceangal mothúchánach é sin agus tugann san féiniúlacht dóibh. Cuid bhunúsach den mhórtas áite sin a fhorbairt ná an teagasc fén oidhreacht chultúrtha áitiúil.”
An fhealsúnacht atá mar bhonn leis an tionscadal seo ná “go gcuideoidh an t-oideachas seo leis an gcomhtháthú sóisialta, leis an ionchuimsiú sóisialta má tá inimirce chun an cheantair, le rannpháirtíocht sa phobal agus go ndéanfaidh sé leas an phobail i gcoitinne i gceantracha tuaithe,” a dúirt urlabhraí ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne.
Beidh an curaclam nua á sheoladh inniu, Dé hAoine, agus fáil air ar an suíomh Oidhreacht.ie.