Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
‘deistineach’-nach-bhfuil-cinneadh-deanta-fos-faoi-chuiteamh-do-lucht-na-gcolaisti-samhraidh

‘Déistineach’ nach bhfuil cinneadh déanta fós faoi chúiteamh do lucht na gcoláistí samhraidh

| Tuairisc.ie | , ,

Tá sé “déistineach” nach bhfuil aon soiléiriú faighte ón Rialtas fós faoi cheist an chúitimh d’earnáil na gcoláistí samhraidh i mbliana, a deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh.

Deir Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go bhfuil “obair idir lámha” ag a Roinn maidir le ciste cúitimh a bhunú agus go bhfuil sé “muiníneach” go dtiocfar ar “réiteach sna seachtainí atá romhainn”.

Dúirt an tAire Stáit gurb í an sprioc a bhí aige ná a chinntiú go mbeadh “teacht aniar” i ndán don  earnáil “ionas go mbeidh sí in ann leanúint ar aghaidh in 2022 agus sna blianta amach romhainn”.

Ach chuir Aengus Ó Snodaigh i leith an aire go rabhthas ag tarraingt na gcos agus gur léir nach rabhthas ullamh don scéala go mbeadh na coláistí samhraidh á gcur ar ceal don dara bliain as a chéile.

“Tá sé déistineach go bhfuil muid leathbhealach tríd an samhradh anois beagnach agus fós níl amchlár nó tuairim ar bith tugtha dóibh ag an rialtas faoin gcúiteamh a gheobhaidh coláistí, mná agus fir tí, agus hallaí pobail na Gaeltachta.

“Is léir nach bhfuil an obair déanta ag an rialtas go dtí seo, in ainneoin go raibh a fhios ag cách ó mhí Feabhra ar a laghad go raibh coiste cobhsaithe ag teastáil agus gur ardaigh mé an cheist leo go minic.

“Níl aon leithscéal acu. Tá ról lárnach ag earnáil na gcoláistí i ngeilleagar na Gaeltachta, agus tá faillí iomlán déanta ag an Aire ina chuid dualgas ina leith.”

Ina fhreagra ar cheisteanna Dála a chuir Ó Snodaigh air, dúirt an tAire Stáit Jack Chambers go raibh sraith cruinnithe ar líne aige féin agus ag feidhmeannaigh a Roinne le lucht na gcoláistí samhraidh le roinnt seachtainí anuas “chun tuairimí agus moltaí faoin ábhar a chloisteáil go díreach ó na páirtithe leasmhara”.

Bhí cruinniú aige le grúpa a dhéanann ionadaíocht ar lucht lóistín na gcoláistí, le scáthghrúpa na gColáistí Samhraidh, CONCOS, agus le grúpa atá ag déanamh cás ar son cúitimh do na hallaí pobail Gaeltachta a bhíonn á n-úsáid ag na coláistí.

“Bhí an plé sin thar a bheith tairbheach domsa mar Aire agus chabhraigh sé go mór liom léargas níos fearr a fháil ar na deacrachtaí agus na tosaíochtaí atá ag na páirtithe leasmhara in earnáil na gColáistí Samhraidh,” a dúirt an tAire Stáit.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, mhaígh Aengus Ó Snodaigh gur léir nuair a d’fhógair an rialtas a bplean téarnaimh eacnamaíochta an tseachtain seo caite nach raibh “plean” acu don Ghaeltacht agus nár thuig siad “tábhacht na gcoláistí” ach gur thaispeáin freagra an Aire Stáit “dímheas” chomh maith leis an easpa “tuisceana” sin.

Mhaígh Ó Snodaigh gur fhág an tAire “go dtí an nóiméad deireanach é” chun na coláistí a chur ar ceal.

“Rinneadh é seo go léir agus muinín agus dóchas acu go raibh an rialtas ag ullmhú plean B ag an am céanna. Is léir nach raibh. Tá na daoine atá ag brath ar na coláistí samhraidh tinn tuirseach de bheith ag fanacht ar ‘a luaithe is atá indéanta’, agus tá sé maslach é sin a rá arís ag an staid seo gan dáta a shonrú agus cinnteacht a thabhairt dóibh faoi dheireadh…”

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers gur cinneadh na coláistí a chur ar ceal i gcomhar le lucht lóistín, lucht stiúrtha na gcoláistí agus lucht na hallaí pobail.

“Tuigim go mbeidh díomá ar go leor daoine dá bharr seo, go háirithe ar na daoine óga a bhí ag súil le freastal ar chúrsa i mbliana. Tuigim chomh maith céanna na himpleachtaí a bhaineann leis an gcinneadh seo do gheilleagar na Gaeltachta, a bhraitheann cuid mhaith ar na coláistí samhraidh.”

Dúirt an tAire Stáit go raibh plé “tairbheach” ó shin aige le lucht na hearnála faoi cheist a chúitimh, plé a thug “léargas níos fearr” dó ar na “deacrachtaí agus na tosaíochtaí” atá i gceist.

€4.73 milliún a íocadh le coláistí samhraidh agus mná tí na Gaeltachta mar chúiteamh ar chur ar ceal chúrsaí na bliana seo caite.

Faoin socrú “aon uaire” sin íocadh €3.1 milliún le húdaráis an 42 coláiste samhraidh “le cur ar a gcumas táillí/éarlais a aisíoc le tuismitheoirí” agus cuireadh €1.6m ar fáil don 700 teaghlach Gaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do na scoláirí.

Níos mó