Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitir PEIG.ie
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
‘An Chaint’ / The ‘Talk’
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Teilifís & Raidió le Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
An Coimisinéir Teanga
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Leideanna do dhaoine atá ag lorg poist leis an nGaeilge
Folúntais
CV Samplach Gaeilge
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
diospoireacht-theasai-i-dteach-laighean-le-linn-ple-ar-chursai-gaeilge-ardteiste

Díospóireacht theasaí i dTeach Laighean le linn plé ar chúrsaí Gaeilge Ardteiste

Bhí díospóireacht theasaí i seomra na Dála tráthnóna agus plé ann faoi na cúrsaí nua Ardteiste atá beartaithe don Ghaeilge nuair a cuireadh i leith ceannaire ceardchumainn gur mhaslaigh sé scoileanna DEIS.

Agus plé á dhéanamh ag Coiste Gaeilge an Oireachtais ar na sonraíochtaí T1 agus T2, mar atá tugtha orthu, dúirt John MacGabhann, Ard-Rúnaí Cúnta Aontas Múinteoirí Éireann (TUI), go mbeadh an eagraíocht in aghaidh pointí breise a thabhairt don chúrsa T1, a deirtear a bheidh oiriúnach do dhaltaí scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta. Dúirt John MacGabhann go mbronnfadh pointí bónais buntáiste ar scoileanna lán-Ghaeilge agus go mbeadh daltaí i scoileanna DEIS níos faide “chun cúil”.

“Bheimis in aghaidh a leithéid de mholadh. Bhronnfadh sé buntáiste breise áit a bhfuil neart buntáistí cheana féin. I scoileanna nárbh fhéidir leo T1 a chur ar fáil, mar shampla scoileanna sa scéim DEIS ach go háirithe, chuirfí na daltaí sna scoileanna sin níos faide chun cúil ná mar atá siad cheana féin,” a dúirt MacGabhann.

Dúirt an Seanadóir de chuid Fhianna Fáil, Lorraine Clifford-Lee, gur chuir an méid a bhí le rá ag MacGabhann iontas uirthi, go háirithe mar gheall ar a taithí mar scoil DEIS i gcathair Phort Láirge. Mheas sí go raibh MacGabhann ag maslú daltaí agus múinteoirí sna scoileanna sin.

“Níl sé ceart a rá nach bhfuil Gaeilge mhaith sna scoileanna DEIS. Níl sé ceart a rá nach bhfuil an cumas ag na daltaí sna scoileanna DEIS ardchaighdeán a bhaint amach,” a dúirt an Seanadóir.

Dhiúltaigh MacGabhann go láidir don áiteamh go raibh masla tugtha aige do scoileanna DEIS. Dúirt sé go raibh blianta fade caite aige ag múineadh i scoil DEIS agus gur ag cosaint na scoileanna céanna a bhí sé.

“Tá dul amú ort má cheapann tú gur mhaslaigh mé aon duine, ar an gcéad dul síos, agus ba mhaith liom a chur in iúl duit féin gur chaith mé breis is dhá scór bliain mar mhúinteoir i scoil DEIS,” arsa MacGabhann le linn plé teasaí idir é féin agus an Seanadóir Clifford-Lee.

“Tá sé curtha i mo leith agatsa gur mhaslaigh mé scoileanna DEIS. B’fhéidir go mbeadh sé úsáideach an rud a dúirt mé a léamh,” a dúirt MacGabhann agus píosa óna ráiteas tosaigh á léamh amach arís aige.

“Chuirfí chun cúil [na scoileanna DEIS], b’in a dúirt mé, agus chuirfí chun cúil iad mar nach mbeadh fáil acu ar T1. Ní ligfí dóibh T1 a dhéanamh. Is é sin an moladh atá ann i láthair na huaire,” arsa MacGabhann.

“Níor mhaslaigh mé scoileanna DEIS, níor mhaslaigh mé scoláirí sna scoileanna sin, níor mhaslaigh mé múinteoirí sna scoileanna sin. Ní hamháin sin, is ar son na scoileanna DEIS a bhíothas ag labhairt. Ar a son.”

Dúirt MacGabhann ag an gcruinniú gur “geall nach bhfuil sé ceadaithe” do scoileanna Bhéarla an sonraíocht T1 a chur ar fáil agus gurb é tuairim an TUI gur chóir go mbeadh sé ar fáil i ngach scoil sa tír.

I mBéarla mhínigh David Duffy, Oifigeach Oideachais agus Taighde TUI, go raibh dualgas ar scoileanna atá ag glacadh páirt sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta an cúrsa T1 a chur ar fáil, ach nach bhfuil sé ráite nach mbeadh cead ag scoileanna eile é a chur ar fáil freisin.

Deirtear sa dréachtsonraíocht T1, a foilsíodh níos luaithe i mbliana, go bhfuil sé i gceist go mbeadh an scrúdú níos dúshlánaí ar fáil i ngach cineál scoile.

“Tá an tsonraíocht seo do Ghaeilge na hArdteistiméireachta dírithe ar chainteoirí́ dúchais agus ar fhoghlaimeoirí́ i scoileanna Gaeltachta agus ar scoláirí́ san earnáil a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge (Gaelcholáistí agus Aonaid Lán-Ghaeilge). I scoileanna a fheidhmíonn trí mheán an Bhéarla beidh an rogha ann an tsonraíocht T1 a chur ar fáil chomh maith.”

Nuair a lorg an Seanadóir Clifford-Lee tuairim Aontas Múinteoirí Éireann ar na marcanna bónais atá tugtha dóibh siúd a thugann faoin chúrsa Ardleibhéil sa Mhatamaitic, dúirt MacGabhann nach raibh aon phlé déanta ag an gceardchumann ar an gceist.

“Ach tá tú i gcoinne na bpointí breise don Ghaeilge?” a dúirt Clifford-Lee go neamhbhalbh.

Rinne MacGabhann síocháin leis an Seanadóir níos deireanaí sa chruinniú, “ós rud é go rabhamar in adharca a chéile níos túisce”.

Sa chuid eile den phlé, tugadh le fios go bhfuil cinneadh déanta ag an  gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) an spriocdháta do dheireadh an phróisis comhairliúcháin faoi na cúrsaí nua a chur siar go dtí tús mhí na Nollag.

Bhí deireadh le teacht leis an gcomharliúchán mí Lúnasa ach deir an NCCA anois go bhfuil síneadh ama curtha leis an sprioc sin go dtí an 30 Samhain i mbliana, bunaithe ar “aiseolas ó gheallsealbhóirí go dtí seo”.

Diúltaíodh roimhe seo d’éileamh a rinne 13 móreagraíocht teanga agus oideachais go gcuirfí stop “láithreach bonn” leis an bpróiseas.

Bhí na heagraíochtaí ag iarraidh go dtabharfaí deis athbhreithniú a dhéanamh ar dtús ar na cúrsaí Gaeilge nua a tugadh isteach don Teastas Sóisearach.

Ag an gcruinniú inniu, d’aontaigh an dá cheardchumann, Aontas Múinteoirí Éireann agus Cumann Múinteoirí Meánscoile na hÉireann (ASTI) gur cheart go gcuirfí an próiseas comhairliúcháin faoi na cúrsaí nua don Ardteist siar go mbeidh an t-athbhreithniú déanta ar chúrsaí na Sraithe Sóisearaí.

D’aontaigh na hionadaithe ón ASTI agus ón TUI freisin gur ábhar imní a bhí sa mholadh ón NCCA fáil réidh leis an gcúrsa Gaeilge Bonnleibhéil. Dúradh go gcaithfí a chinntiú go mbeadh Bonnleibhéal ar fáil chun go mbeadh deis ag daoine ar gach leibhéal cumais tabhairt faoin nGaeilge.

Dúirt na ceardchumainn freisin gur céim sa treo mícheart a bhí sa mholadh na marcanna atá ann don bhéaltriail sa scrúdú Ardteiste a laghdú. Tá sé beartaithe líon na marcanna don scrúdú cainte sa Ghaeilge a laghdú ó 40 go dtí 35 marc.

Dúirt John MacGabhann cé nach raibh athrú ollmhór i gceist ar líon na marcanna, go raibh “siombalachas an mholta sin thar a bheith dainséarach”.

Cháin sé freisin an easpa soiléire a bhí tugtha maidir le céard a bheidh le déanamh ag daltaí agus múinteoirí sna cúrsaí nua. Bhí na sonraíochtaí a foilsíodh ró-oscailte, a mhaígh sé.

“Dá dheasca sin, is iad na foilsitheoirí leabhar a chuirfidh snas orthu agus a leagfaidh an caighdeán síos go pointeáilte. Fágfar fúthu ábhar foghlama an tsiollabais Ghaeilge a roghnú agus a chinntiú,” arsa MacGabhann.

Níos mó