Tá iontas, díomá agus fearg ar eagraíochtaí oideachais agus Gaeltachta faoin scéal go bhfuil an TUI i gcoinne pointí bónais a thabhairt do dhaltaí a thabharfadh faoi scrúdú Ardteiste Gaeilge.
Ag labhairt dó ag Coiste Oireachtais na Gaeilge inné, dúirt John McGabhann, Ard-Rúnaí Cúnta Aontas Múinteoirí Éireann, go bhfuil an TUI go “daingean in aghaidh” pointí bónais a bhronnadh ar chainteoirí líofa Gaeilge a thabharfadh faoi chúrsa nua níos dúshlánaí san Ardteist.
Leatrom ar dhaltaí i scoileanna Béarla agus “bearna phribhléide ó thaobh na Gaeilge” an toradh a bheadh ar phointí bónais don chúrsa nua T1, a dúirt MacGabhann.
Is é Aontas Múinteoirí Éireann an ceardchumann is mó a dhéanann ionadaíocht ar mhúinteoirí in iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.
Dúirt Fiona Uí Uigínn, urlabhraí Gaeloideachas agus iarphríomhoide Gaelcholáiste, nár aontaigh sí “ar chor ar bith” le dearcadh an TUI maidir le ceist na bpointí bónais.
“Más ag caint faoi chothrom na Féinne atá muid, cén fáth nach bhfuil cúrsa níos éasca sa Bhéarla ar fáil do dhaltaí Gaeltachta nó daltaí atá atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge?”
Dúirt Uí Uigínn nach raibh “aon cheist ann” faoi dheighilt idir scoileanna toisc go mbeadh an tsonraíocht T1 oscailte do gach iarbhunscoil sa tír.
“Tá sé scríofa sa dréachsonraíocht go bhfuil an dá shonraíocht oscailte do gach iarbhunscoil sa tír. Más é an múnla seo, T1 and T2, an rogha atá curtha os ár gcomhair, ní fhéadfaí a bheith ag súil go ndéanfadh daltaí scrúdú níos dúshlánaí agus cúrsa a bhfuil níos mó oibre i gceist leis gan cúiteamh a dhéanamh leo. I gcomhthéacs an chórais CAO, níl bealach ar bith le cúiteamh a thabhairt seachas pointí breise a chur ar fáil,” a dúirt Fiona Uí Uiginn.
Chuir seasamh láidir an TUI i gcoinne pointí bónais “iontas” ar Dhónal Ó hAiniféin, Cathaoirleach COGG, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta.
“Ba chúis iontais dom go dtógfadh an TUI an seasamh seo agus go ndéarfaí a leithéid os comhair coiste Dála gan comhairliúchán leathan a dhéanamh leis na baill. Ní heol dom go bhfuil plé déanta laistigh den TUI faoin gceist ríthábhachtach seo. Conas mar a tháinig siad ar an bpolasaí seo?
“Tá rogha ag gach scoil T1 nó T2 a ghlacadh agus tá sé de rogha ag gach dalta, is cuma cén meán teagaisc, is cuma cén cúlra, is cuma an Gaelcholáistí DEIS nó meánscoileanna Béarla iad.”
Dúirt Ó hAiniféin go mbeadh sé “tromchúiseach don Ghaeltacht agus don teanga” gan cúiteamh i bhfoirm pointí breise a bhronnadh ar dhaltaí T1.
Ag trácht di ar dhearcadh an TUI i leith na bpointí bónais dúirt Mairéad Ní Fhátharta, Príomhoide Choláiste Naomh Eoin ar Inis Meáin, go raibh easpa tuisceana an TUI i dtaobh shaol na Gaeltachta “dochreidte”.
“Is léir nach bhfuil tuiscint acu ar luach na teanga sa Ghaeltacht ná ar na hachainí atá déanta ag príomhoidí i scoileanna Gaeltachta.
“Cén fáth a gcuirfí de phionós ar aon duine scrúdú níos dúshlánaí a dhéanamh ina dteanga dhúchais? Ní dhéanann sé ciall ná réasún agus is léir nach bhfuil aon tuiscint ag an TUI ar an saol sa nGaeltacht. Cén fáth nach mbeadh luach ar líofacht sa Ghaeilge? Spreagadh atá de dhíth, mar atá sa mhata, in áit díluacháil iomlán a dhéanamh ar an teanga,” a dúirt Príomhoide Choláiste Naomh Eoin.
D’aontaigh Séamus Ó Briain, príomhoide Phobalscoil Ghaoth Dobhair, go raibh easpa tuisceana i gceist le dearcadh an TUI faoi na dúshláin atá roimh dhaltaí Gaeltachta.
“Is léiriú é dearcadh an TUI nach bhfuil tuigbheáil ar bith acu ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht. Tá a fhios againn cad chuige go bhfuil scéim aitheantais do scoileanna Gaeltachta tugtha isteach agus go bhfuil polasaí oideachais le tabhairt isteach. Tá brú ar an Ghaeilge sa Ghaeltacht agus mar a tchíonn muid tá go leor daoine sa Ghaeltacht nach í an Ghaeilge teanga labhartha an tí acu,” a dúirt Séamus Ó Briain.
Mhol sé go dtabharfaí an dara cúrsa is scrúdú ‘Gaeilge Fheidhmeach’ isteach, amhail An Mhatamaitic agus an Mhatamaitic Fheidhmeach, agus go mbeadh pointí bónais breise ar fáil do dhaltaí a thugann faoin scrúdú breise sin.
Dúirt Urlabhraí ó ‘An Gréasán’, grúpa a dhéanann ionadaíocht ar mhúinteoirí Gaeilge, le Tuairisc.ie go raibh “soiléireacht” agus “cinnteacht” de dhíth ar earnáil an oideachais lán-Ghaeilge faoin chúrsa nua Ardteiste Gaeilge.
“Tá imní léirithe ag múinteoirí agus ag tuismitheoirí sa Ghaeltacht anuas ar an bhuaireamh atá forleathan in earnáil an oideachais lán-Ghaeilge faoin dochar a d’fhéadfadh a leithéid a dhéanamh mura mbeidh an spreagadh ceart ann do chúrsa níos dúshlánaí,” a dúirt urlabhraí An Gréasán.
Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn go raibh “an-díomá” air faoi dhearcadh an TUI i leith na bpointí bónais.
“Is í an bhuncheist ar sheachain an TUI freagra a thabhairt uirthi inné ná mura mbíonn pointí bónais ann do dhaltaí as scrúdú níos dúshlánaí a dhéanamh, cén fáth a ndéanfaidís é? Ní raibh aon fhreagra acu air sin,” a dúirt Julian de Spáinn.