448 cás eile den choróinvíreas a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.
Beirt eile a raibh an víreas orthu atá básaithe agus líon na marbh fógartha ag an HSE den chéad uair ó rinneadh cibirionsaí ar Fheidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte mí Bealtaine.
Beagnach 5,000 duine atá básaithe sa stát de dheasca an víris ó thús na paindéime.
7,155 duine ar fad a fuair bás de dheasca an víris in Éirinn go dtí seo, 5,000 ó dheas agus 2,155 ó thuaidh.
399,784 cás den Covid-19 atá deimhnithe in Éirinn go dtí seo, 272,336 ó dheas agus 127,448 ó thuaidh.
Níor tháinig aon athrú le lá anuas ar líon na ndaoine le Covid-19 sna hospidéil ó dheas. 44 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil agus tá 14 acusan in aonad dianchúraim.
Thug an tOllamh Philip Nolan ó NPHET le fios tráthnóna gur idir 1.0 agus 1.2 atá ráta atáirgthe an ghalair, nó an uimhir R, i láthair na huaire. Dúirt sé go raibh forleithne an ghalair ag méadú thart ar 2% gach lá.
D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh 326 cás nua den ghalar deimhnithe. Fógraíodh nach raibh aon duine eile básaithe ansin de dheasca an víris le 24 uair an chloig.
21 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá beirt acusan in aonad dianchúraim. Tuairiscíodh go bhfuil ráigeanna den ghalar i gceithre cinn d’ionaid chúraim i dTuaisceart Éireann.
Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,166,842 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 871,216 duine.