Tá beagnach céad post lánaimseartha nua le cruthú i gceantair Ghaeltachta ar fud na tíre, a deir Údarás na Gaeltachta.
D’fhógair an eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga go bhfuil tacaíocht ceadaithe do thograí ina mbeidh 95 post lánaimseartha á gcruthú iontu. Dúradh go bhfuil infheistíocht suas le €2.77 milliún ag baint le cruthú na bpost, idir infheistíocht phríobháideach agus tacaíocht Stáit.
Is i gCiarraí is mó a chruthófar poist – 38 ceann ar fad – ach beidh poist i gcomhlachtaí Gaeltachta i nGaillimh (25 post), Dún na nGall (21) agus i Maigh Eo le cruthú freisin mar chuid de na tograí a bhfuil infheistíocht nua ceadaithe dóibh. Ceadaíodh an maoiniú ag cruinniú de bhord Údarás na Gaeltachta.
Pléadh ag an gcruinniú freisin cinneadh Chomhairle Chontae na Gaillimhe cead pleanála a dhiúltú do thogra Pháirc na Mara i gCill Chiaráin. Chuir an Bord a ndíomá in iúl maidir leis an gcinneadh agus éilíodh go mbreathnófaí ar gach rogha atá ar fáil don eagraíocht chun an togra a bhrú chun cinn.
Cinneadh gan cead pleanála a bhronnadh ar an togra níos luaithe i mbliana agus é ráite ag lucht pleanála na Comhairle Contae nach bhféadfaí a bheith cinnte nach gcuirfeadh an togra as do chúrsaí caomhnaithe agus soláthair uisce i gCuan Chill Chiaráin, ar oileáin an cheantair agus ar Choimpléasc Phortach Chonamara.
Mheas Bord Údarás na Gaeltachta go raibh togra Pháirc na Mara ina thogra fíorthábhachtach do Ghaeltacht Chonamara.
Deir Údarás na Gaeltachta go bhfuil suim léirithe ag 30 infheisteoir i dtogra Pháirc na Mara agus go gcuirfeadh an togra 200 post díreach agus 400 post indíreach ar fáil i gceantar atá buailte go dona ag an imirce agus an dífhostaíocht.
Chuir Bord Údarás na Gaeltachta fáilte roimh fhógra ón rialtas go raibh os cionn €424,000 de mhaoiniú ceadaithe acu do mhoil gteic éagsúla. Tá 15 mol san áireamh sa mhaoiniú.
Ceadaíodh an maoiniú chun uasghrádú a dhéanamh ar éifeachtacht fuinnimh, bothán rothar, áiseanna físchomhdhála agus teicneolaíocht do dhoirse nua-aoiseacha i measc oibreacha eile.