Tá ionad vacsaínithe nua le freastal ar mhuintir Chonamara oscailte ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte in iarthar na Gaillimhe.
D’oscail an t-ionad vacsaínithe ar an gClochán inné agus é i gceist é a dhéanamh níos éasca do mhuintir na Gaeltachta agus pobail eile sa cheantar an vacsaín a fháil.
Is i mBaile an Bhriotaigh ar imeall thoir chathair na Gaillimhe a bhí an t-aon ionad vacsaínithe sa chontae go dtí seo.
D’admhaigh an tAire Sláinte Stephen Donnelly sa Dáil mí Bealtaine go raibh ar mhuintir Chonamara taisteal rófhada chun an vacsaín a fháil.
Níl sé i gceist go mbeadh an t-ionad nua ar an gClochán oscailte ach lá amháin nó dhá lá in aghaidh na seachtaine. Deir na seirbhísí sláinte go bhféadfaí go n-osclófaí an t-ionad, atá lonnaithe ag Scoil Phobail an Chlocháin, níos minice má bhíonn an t-éileamh ann.
Dúradh le Tuairisc.ie go bhfuil na húdaráis sláinte ag obair ar chóras a ligfeadh do dhaoine a bhfuil an chéad dáileog den vacsaín faighte acu i mBaile an Bhriotaigh an dara dáileog a fháil ar an gClochán.
“Beidh clinicí ar siúl san ionad nua vacsaínithe ar an gClochán ina dtabharfar an dara snáthaid do dhaoine a fuair an chéad cheann san ionad i mBaile an Bhriotaigh. Cuirfear líne chabhrach ar fáil agus féadfaidh daoine glaoch uirthi sin chun a iarraidh go dtabharfaí an dara snáthaid dóibh sa gClochán seachas i mBaile an Bhriotaigh.
“Go dtí sin, is í ár gcomhairle d’aon duine a fhaigheann coinne don dara vacsaín i mBaile an Bhriotaigh freastal ar an gcoinne san ionad sin. Sa gcás gur gá sin, is féidir le duine coinne a athrú ach glaoch ar HSElive ag 1800 700 700 nó freagra a thabhairt ar an téacs maidir lena gcoinne.”
Dúirt Paul Hooton ón ngrúpa cúram sláinte, Saolta, atá i bhfeighil an ionaid go raibh ríméad orthu an t-ionad nua ar an gClochán a oscailt agus go dtabharfadh sé deis níos mó do mhuintir Chonamara an vacsaín a fháil.
“Tá sé i gceist againn go mbeidh an t-ionad oscailte lá nó dhó sa tseachtain, ach beidh sin ag brath ar an líon daoine atá cláraithe agus an soláthar vacsaíní a bheidh ar fáil.”
Bhí an t-aistear fada a bhí le déanamh ag muintir Chonamara chun an vacsaín a fháil cáinte ag polaiteoirí an rialtais agus an fhreasúra.
Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív go raibh sé “náireach” go gcaithfeadh daoine ón nGaeltacht dul go cathair na Gaillimhe chun vacsaín a fháil. Agus an scéal pléite sa Dáil aici, luaigh Mairéad Farrell ó Shinn Féin nach raibh seirbhís bus ann a thabharfadh muintir Chonamara isteach chuig an ionad i mBaile an Bhriotaigh.
Dúirt an tAire Sláinte Donnelly le Farrell ag an am go raibh “cúpla ceantar i Maigh Eo, i gConamara agus i gcodanna de Dhún na nGall atá níos faide ó ionad vacsaínithe ná an t-achar ba mhaith linn.”
D’oscail ionad vacsaínithe i gCarn Domhnach i dtuaisceart Dhún na nGall an tseachtain seo caite agus is féidir le daoine coinne a iarraidh ansin seachas dul go Leitir Ceanainn, mar a raibh an t-aon ionad eile sa chontae go dtí sin.