Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
na-fag-ciarrai-gan-snamh-i-ros-beithe!-–-treoir-don-turasoir

Ná fág Ciarraí gan snámh i Ros Beithe! – treoir don turasóir

| Slaine Ni Chathallain | ,

Ba cheart d’éinne a dtaitníonn snámh leo turas a thabhairt ar Ghleann Beithe agus Ros Beithe an samhradh seo. Táid seo buailte ar phríomhbhóthar an N71 – aka Mór-Chuaird Chiarraí!

Ní féidir Óstán na Towers a shárú. Tá cuid des na seomraí athchóirithe acu le déanaí agus leapacha thuas thíos do leanaí iontu, mar aon le leaba dhúbailte. Ina theannta san, tá cistinín beag ann, a bhfuil cuisneoir agus spás chun bia a ullmhú ann mar aon le plátaí agus babhlaí agus araile. 

Cuirtear fáilte ann roimh mhadraí chomh maith, agus tá doras amach go dtí an gairdín ag na seomraí ina dtógtar na gadhair. Tá biachlár ana-fhairsing ag an Towers agus tarrac ar spás chun ithe istigh agus amuigh. Tá botháin bheaga ar chruth tithe acu leis, ina bhfuil fuinneoigín atá dealraitheach le ceann a bheadh i dtigín ceann tuí.

Ar chraiceann do chluaise, ná fág an áit gan dul ag snámh ar Thráigh Ros Beithe. Bíonn ráiseanna capall ar an dtráigh seo de ghnáth. Tráigh mhór fhada is ea í, agus má shroicheann tú a deireadh ag siúl, beidh Tráigh Inse in Oirthear Duibhneach trasna na farraige uait. Tá an t-uisce i Ros Beithe níos teo ná aon áit eile a rabhas féin ag snámh ann in Éirinn cheana. 

Ina dhiaidh sin, is féidir leat do scíth a ligint agus cupán caifé a ól i dtábhairne mhuintir Shúilleabháin, Ross Point. 

An oíche sin, ith do ghreim in Óstán na Towers. Tá píotsaí saor ó ghlútan acu agus rogha eile do bhia a bhfuil blas an bhaile air. Tá Gaolainn agus fáilte ar fáil ós na cailíní a chríochnaigh an Ardteist i mbliana i gColáiste Íde in Iarthar Duibhneach, atá buailte fúthu sa dúthaigh don samhradh agus ana-chraic iontu!

An lá arna mháireach, téir ag siúl tríd an gcoill trasna na habhann ón óstán, ar an seana-iarnród a bhíodh ann fadó idir an Fearann Fuar agus Cuan Dhairbhre. Is anseo a thosnóidh Bealach Glas Uíbh Ráthaigh má cheadaítear é agus beidh sé go hálainn. 

Tá an choill chomh ciúin, chomh suaimhneach, chomh glas. Tá siúlóid síog leis ann dos na leanaí, atá níos giorra, (tosnaíonn seo níos cóngaraí do Thráigh Ros Beithe ar thaobh an phríomhbhóthair chun na trá) agus doirse beaga daite na gcréatúr beag breactha timpeall na coille, mar a bhfuil ceolta sí le clos id chluais. 

Nuair a thiocfaidh tú go dtí deireadh an chosáin, tá trucailín bídh ann le caifé ana-dheas ar fáil, mar aon le milseoga agus uachtar reoite. Is ó bhácús nua i gCiarraí Wild Sage a thagann na mílseoga. Ná téidís gan ithe!

Molaim go hard na spéire an turas taitneamhach lae seo, go háirithe do dhaoine atá b’fhéidir uair a chloig nó dhó ó bhaile ó Ghleann Beithe.

Níos mó