Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
sceimeanna-traenala-a-gcur-ar-fail-ag-an-chiste-craoltoireachta-gaeilge

Scéimeanna traenála á gcur ar fáil ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge

| 1 |

Tá an Ciste Craoltóireachta Gaeilge ag cuardach cainteoirí líofa Gaeilge ar mhaith leo freastal ar an scéim d’Iontrálaithe Úra le ceird na físe a fhoghlaim. 

Beidh na hOiliúnaithe ar shocrúcháin le comhlachtaí neamhspleácha teilifíse agus/nó leis an stáisiún teilifíse áitiúil i mBéal Feirste NVTV. Tá an scéim seo á reáchtáil ó bunaíodh an Ciste Craoltóireachta in 2005 agus tugann sé deis iontach dóibh siúd atá ag iarraidh a bheith ag obair san earnáil físe taithí phraiticiúíl a fháil. Cinntíonn na scéimeanna oiliúna a reáchtálann an Ciste go bhfuil buíon láidir daoine ar fáil ag a bhfuil na scileanna físe agus taithí chuí le dul i mbun cláracha Gaeilge d’ardchaighdeán a léiriú.

Tá scéim úrnua fógartha ag an Chiste Craoltóireachta Gaeilge i mbliana.

Ag labhairt di le Meon Eile dúirt Áine Walsh, Ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge:

“Chomh maith leis an scéim d’Iontrálaithe Nua chuig an earnáil físe, i mbliana den chéad úr tá an Ciste ag tacú le scéim do Léiritheoirí Raidió faoi oiliúint. 

Bheadh muid ag súil go mbeadh na hoiliúnaithe raidió ar shocrúcháin le Raidió Fáilte agus iad ag foghlaim na ceirde ar an láthair, agus amach anseo go mbeadh siad ag obair san earnáil neamhspleách ag cruthú cláracha raidió.”

Spriocdháta le haghaidh iarratas don dá scéim: 12in Dé Céadaoin 21ú  Iúil 2021 (ní ghlacfar le haon iarratas i ndiaidh an spriocdháta).

Tá tuilleadh eolais le fáil thíos:

SCÉIM NA nIONTRÁLAITHE NUA

SCÉIM NA LÉIRITHEOIRÍ RAIDIÓ FAOI OILIÚINT

Labhair Meon Eile le beirt iar-oiliúnaí, Seán Ó Baoill agus Clíodhna Ní Chorráin, faoina gcuid taithí fein ar an scéim…

Seán Ó Baoill

Cén bhliain a rinne tú Scéim na nIontrálaithe Úra?

Rinne mise an scéim sa bhliain 2012 i ndiaidh dom Ard-Diplóma sa Chumarsáid Fheidhmneach a bhaint amach ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i nGaillimh.

Cén sort taithí a bhí agat?

Caithfidh mé a rá gur bhain mé an oiread suilt as an bhliain agus d’fhoghlaim mé an oiread scileanna úra. Chaith mé ceithre mhí ag obair le NVTV agus ocht mí ag obair le Below The Radar TV. Rinne muid cúrsaí traenála leis an BBC le linn na bliana fosta, rud a bhí iontach. Bhí seachtar againn ar an scéim an bhliain sin agus bhí muid iontach mór lena chéile agus tá go fóill.

Cad iad na rudaí is mó a d’fhoghlaim tú le linn na scéim faoin earnáil físe?

Leis an fhírinne a insint níor thuig mé cé chomh beo bríomhar is atá an earnáil sna Sé Chontae agus an oiread deiseanna a bhí ann do mo mhacasamhail.

Le linn na scéime chuir mé feabhas ar mo scileanna cumarsáide agus scileanna iriseoireachta. D’fhoglaim mé scileanna úra teicniúla, scileanna ceamaradóireachta agus scileanna eagarthóireachta ina measc.

Bhí an t-ádh orm sna comhlachtaí ina raibh mé. Thacaigh siad go mór liom agus thug siad deiseanna dom a bheith ag obair ar chláracha teilfíse eagsúla.

Fuair mé blaiseadh d’achan rud idir an próiseas réamhléiriúcháin, an próiseas léiriúcháin féin agus an próiseas iarléiriúcháin.

Ar dhírigh tú ar ghné ar léith is tú i mbun na scéime nó ar ghnéithe éagsúla den earnáil? (m.sh léiriú, taighde, eagarthóireacht srl)

Tugadh neart deiseanna dom agus sílim go bhfuair mé blaiseadh maith de na gnéithe éagsúla a bhaineann leis an earnáil. Bhí mé ag obair mar fhísiriseoir faoi oiliúint le Meon Eile a fhad is a bhí mé le Below The Radar TV. Taithí iontach a bhí ann mar go raibh orm theacht aníos le scéalta gach seachtain, neart taighde a dhéanamh ar an ábhar, dul amach agus an scéal a thaifeadadh mé féin agus ansin é a chur in eagar. Bhí go leor oibre i gceist leis ach obair shultmhar a bhí ann agus taithí níos fearr ní bhfaighfeá!

Chomh maith leis sin bhí mé ag déanamh taighde ar chláracha eile a bhí an comhlacht a dhéanamh nó a fhorbairt ag an am.

D’obair mé ar mo chéad chlár teilifíse le linn mo thréimhse le Below The Radar, clár dar teideal ‘Bronntanas na Beatha’. Arís taithí den chéad scoth a bhí ann agus ligeadh dom a bheith bainteach leis ó thús go deireadh.

Chuir mé go mór le mo chuid scileanna le linn mo thréimhse ansin agus d’fhoghlaim mé go leor ón fhoireann fosta.

Cad atá ar siúl agat anois?

Tá mé ag obair san earnáil go fóill agus ag obair le Below the Radar TV i láthair na huaire. 

Craoladh an 5ú sraith de chuid ‘An Focal Scoir’ ansin i mí an Mheithimh. Tá mé ag obair ar an tsraith sin ón tús agus tá mo chroí istigh ann. Bím ag obair air mar thuairisceoir.

Chomh maith leis sin tá mé ag obair ar an tsraith is déanaí de ‘I Lár an Aonaigh’. Seo an 10ú Sraith! Tá mé le feiceáil air mar thuairisceoir/láithreoir le trí bliana anuas ach arís eile, cosúil leis ‘An Focal Scoir’, bím ag obair taobh thiar den cheamara fosta, ó thaobh an taighde agus an léiriúcháin de.

Agus ar deireadh tá mé ag obair ar shraith úr do RTÉ agus BBC faoi na seirbhísí éigeandála anseo in Éirinn. Beidh mé i mbun ceamaradóireachta agus mar stiúrthóir air fosta mar a rinne me leis ‘An Teach Seo Againne’, sraith teilfíse a craoladh ar RTÉ anuraidh.

Tá mé ag dúil go mór leis!

An bhfuil aon rud eile ba mhaith leat a bhaint amach sa todhchaí?

Ba bhreá liom níos mó cláracha teilifíse a chur i láthair agus ba bhreá liom pilleadh ar an raidió dá mbeadh an deis agus an t-am agam. 

Ar ndóigh ba mhaith liom tuilleadh cláracha teilifíse a dhéanamh. Tá neart smaointe agam agus tá mé ag súil le hiad a fhorbairt amach anseo.

Ach tá mé iontach go deo sásta leis an dóigh a bhfuil rudaí faoi láthair agus bródúil as an mhéid atá bainte amach agam go dtí seo. Gura fada a mhairfidh sé.

Cén fáth a molfá an scéim seo dóibh siúd atá ag iarraidh slí bheatha sna meáin?

Tá an scéim seo ar dóigh agus is bealach iontach atá ann le scileanna úra a fhoghlaim nó do chuid scileanna a fhorbairt agus a fheabhsú. Bíonn deis agat a bheith ag obair le cuid de na comhlachtaí léiriúcháin is fearr sa tír agus ag obair i gcuideachta léiritheoirí, stiúrthóirí, eagarthóirí agus ceamaradóirí den chéad scoth. Faigheann tú blaiseadh de na gnéithe uilig a bhaineann leis an earnáil agus má tá suim ar léith agat i ngné áirithe, macasamhail cúrsaí eagarthóireachta nó ceamaradóireachta srl, bheirfidh siad an deis duit díriú air sin. Cuirtear cúrsaí den chéad scoth ar fáil duit fosta. 

Molaim an scéim seo go mór. Má tá suim agat a bheith ag obair sna meáin agus sásta an obair a chur isteach bainfidh tú tairbhe as an scéim gan dabht!

Clíodhna Ní Chorráin

Cén bhliain a rinne tú Scéim na nIontrálaithe Úra?

Thosaigh mé Scéim na nIontrálaithe Nua i mí Mheán an Fhómhair 2019. Bhí mé díreach i ndiaidh mo chéim, Gaeilge agus Spáinnis, a chríochnú in Ollscoil na Ríona.

Cén sort taithí a bhí agat?

Bhain mé an-sult as an chúrsa, in ainneoin cúrsaí Covid! Mar gheall ar an phaindéim, cuireadh síneadh ama leis an scéim agus níor chríochnaigh mé é go dtí mí na Nollag 2020. Bhí mé iontach buíoch as an tacaíocht bhreise.

Cad iad na rudaí is mó a d’fhoghlaim tú le linn na scéime faoin earnáil físe?

D’fhoghlaim mé cuid mhór faoin earnáil físe le linn na scéime: an dóigh le seisiún scannánaíochta a phleanáil, giota beag ceamaradóireachta, eagarthóireacht ar Avid agus ar Final Cut Pro X.

Don chéad leath don scéim, bhí mé ag obair le Macha Media. Is cláracha faisnéise don chuid is mó a dhéanann Macha Media agus bhí an t-ádh dearg orm a bheith ag obair ar chuid mhaith cláracha fíor-shuimiúla. Bheinn i mbun taighde agus eagarthóireachta go laethúil.

Chaith mé seal ag obair le Paper Owl Films ina dhiaidh sin agus bhain mé an-sult as an taithí sin chomh maith. Fuair mé an deis le bheith ag obair ar chláracha beochana – domhan iomlán difriúil é! D’fhoghlaim mé a lán faoi chúrsaí beochana, cúrsaí ealaíne, cúrsaí scripte agus fiú faoin phróiseas aisteoireachta ar chláracha do pháistí.

Ar dhírigh tú ar ghné ar léith is tú i mbun na scéime nó ar ghnéithe éagsúla den earnáil? (m.sh léiriú, taighde, eagarthóireacht srl)

Níor dhírigh mé ar ghné ar léith is mé ar an scéim agus lig seo dom taithí a fháil ar ghnéithe éagsúla den earnáil, ar nós; taighde, tras-scríobh, léiriú, ceamaradóireacht, cur i láthair, agus eagarthóireacht físe, fuaime agus scripte.  

Cad atá ar siúl agat anois?

Tá mé anois ar chúrsa eile de chuid an Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann. Is le Macha Media atá mé ag obair anois mar Léiritheoir Cúnta faoi Oiliúint.

An bhfuil aon rud eile ba mhaith leat a bhaint amach sa todhchaí?

Tá mé ag dúil le tuilleadh taithí a fháil san earnáil, ba bhreá liom níos mó a dhéanamh mar láithreoir, chomh maith le feabhas a chur ar mo chuid scileanna ceamara.

Cén fáth a molfá an scéim seo dóibh siúd atá ag iarraidh slí bheatha sna meáin?

Mholfainn an scéim seo do dhuine ar bith atá ag iarraidh a bheith ag obair sna meáin Ghaeilge. Cuirtear cuid mhór deiseanna foghlama ar fáil ar an scéim, le comhlachtaí léiriúcháin den chéad scoth. Tugann an scéim seo ardán ar léith don Ghaeilge agus do chur chun cinn na teanga. Ní hamháin go mbíonn tú ag foghlaim faoi chúrsaí teilifíse ar an chúrsa seo, ach faigheann tú an deis bualadh le daoine ar do mhacasamhail féin agus cruthaíonn tú nascanna le daoine ar fud na tíre. Fríd an scéim seo, beidh tú ag cur le do chuid scileanna teicniúla, scileanna cumarsáide agus scileanna teanga, mar aon le hábhair Ghaeilge den scoth a chur ar fáil don domhan mór!

Níos mó