Deir gníomhaí aitheanta Gaeilge, ar aistríodh a shloinne Gaeilge go Béarla ar bhunachar teastas breithe na Roinne Coimirce Sóisialaí, go bhfuil “beag is fiú” á dhéanamh de phobal na Gaeilge ag an státchóras.
Ní raibh tásc na tuairisc ar theastas breithe Chiaráin Uí Fheinneadha, duine de bhunaitheoirí Na Gaeil Óga, nuair a rinne sé iarracht teacht ar an teastas breithe ar bhunachar leictreonach na roinne.
Dúirt oifigeach de chuid na roinne le Ó Feinneadha, a bhí ag iarraidh clárú le haghaidh Cárta Leasa Sóisialaí, nach ann do ‘Ciarán Ó Feinneadha’ ar bhunachar na dteastas breithe.
Agus an scéal á fhiosrú aige, thug an t-oifigeach le fios dó go raibh a theastas breithe cláraithe faoi Ciarán Feeney, sloinne nár úsáid sé féin, ná a chuid tuismitheoirí ná a chlann riamh, a dúirt sé.
Ag labhairt dó ar an chlár Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta maidin inné, dúirt Ó Feinneadha, go raibh sé “dochreidte” gur faoi ‘Feeney’ a cláraíodh a theastas breithe ar chóras na Roinne Coimirce Sóisialaí.
“Seo é an chéad uair ó bhí mé 16 bliana d’aois go bhfuiltear tar éis an t-ainm Feeney a cheangal liom ar aon bhealach. Ní ann dó mar ainm dom, is é Ciarán Ó Feinneadha m’ainm.”
Nuair a chuir Ó Feinneadha ceist ar an oifigeach an é go ndearnadh botún lena shloinne féin amháin ar an chóras, dúradh leis go raibh gach sloinne Gaeilge aistrithe go Béarla ar an chóras.
Níor athraíodh na sloinnte ar na teastais bhreithe féin ach bhí na teastais cláraithe ar an chóras leictreonach faoi shloinnte Béarla, a dúradh.
“Más John Malarky thú, tiocfaidh tú suas ar an gcóras, ach más Ciarán Ó Feinneadha thú, ní thiocfaidh aon rud suas,” a dúirt sé.
Dúirt Ó Feinneadha go raibh sé “ar buile” faoin scéal agus go raibh an chuma ar chúrsaí go raibh an státchóras ag iarraidh “fáil réidh” leis an Ghaeilge agus “beag is fiú” a dhéanamh dá pobal labhartha.
“Mar Ghaeilgeoir, mar dhuine, caithimse mo chuid fuinnimh i mo shaol pearsanta ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn, foghlaimeoirí a spreagadh, Na Gaeil Óga a spreagadh…Bainim taitneamh as an saol i gcoitinne agus bím ag iarraidh úsáid na Gaeilge a spreagadh go dtí go gcaithfidh mé plé leis an státchóras, an dream atá in ainm is a bheith ag tabhairt cosaint dom mar shaoránach den stát seo.
“Tá sé dochreidte agus ní hé seo an t-aon éagóir a déanadh orm le déanaí ach ní labhraím go poiblí fúthu. Tá siad tar éis a dhul thar líne dhochreidte anseo, go bhfuil siad ag rá nach ann dom agus caithfidh mé a rá, ní féidir liom a mhíniú cé chomh mór is a ghoilleann sé sin orm,” a dúirt Ciarán Ó Feinneadha.
Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar an Roinn Coimirce Sóisialaí faoin scéal.