Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
‘ni-fheiceann-covid-inscne-agus-nior-cheart-do-lucht-pheil-na-mban-i-a-fheiceail-ach-oiread’

‘Ní fheiceann Covid inscne agus níor cheart do lucht Pheil na mBan í a fheiceáil ach oiread’

Bhí mé ar tí scríobh faoi ábhar iomlán difriúil an tseachtain seo, ach mar a deireann na Gaeilgeoirí móra, ‘go tobann’ tháinig litir chugam a d’athraigh mo threo. 

Scríofa ag cailín óg cúig bliana d’éag d’aois, impítear sa litir ar na húdaráis atá i gceannas ar pheil na mBan cluichí atá dlite dóibh a imirt. Imríonn Kerrie-Anne Walsh ar fhoirne faoi 16 agus mionúir Chontae Mhuineacháin. Tá sé faighte amach anois aici nach bhfuil na comórtais Uile-Éireann Faoi 16 agus Mionúir do mhná le n-imirt arís i mbliana. An rud is mó a chuireann olc uirthi? Tá na haoisghrúpaí céanna á n-imirt do na buachaillí. 

Covid-19 an leithscéal atá tugtha. Leithscéal maith a bhí ann anuraidh. I mbliana, agus vacsaín faighte ag beagnach gach duine fásta atá á iarraidh, agus tá daoine óga in aoisghrúpa Kerrie-Anne in ann í a fháil anois chomh maith, níl an leithscéal céanna ann. Tuigeann siad na rialacha nua in iarracht srian a choinneáil ar an víreas mar a cuireadh i bhfeidhm iad níos túisce i mbliana agus na craobhacha cúige á n-imirt. Mar a deir Kerrie-Anne sa litir, ‘cén difríocht atá idir imirt in aghaidh Dhún na nGall atá 110km siar ó thuaidh uaim, agus Cill Dara atá 120km soir ó dheas?’ 

Má tá buachaillí mhionúir na Mumhan in ann aghaidh a thabhairt ar na hUltaigh i gcluiche leathcheannais na hÉireann faoi cheann coicíse, níl aon údar ann nach mbeadh na mná in ann an rud céanna a dhéanamh. Ní fheiceann Covid-19 inscne. Dá bhrí sin, níor cheart go bhfeicfeadh lucht Pheil na mBan í ach oiread.

Seanscéal agus cois as é an port atá againn faoi chailíní óga ag imeacht ón spórt agus muid ag ligean orainn féin go bhfuil imní orainn faoina gcuid sláinte agus folláine. Tá a fhios againn cén fáth a dtarlaíonn sé. Íomhá cholainne cinnte. Ach chomh maith leis sin, easpa seirbhísí, cóitseálaithe agus comórtais. Cén mhaith do dhaoine fásta a bheith ag gíoscán faoi ‘cá bhfuil na mná óga sa spórt?’ nuair nach bhfuil na daoine fásta ag tabhairt an deis dóibh?

Chaith muid dhá bhliain ag imeachtaí breá galánta agus ag caint ar 20×20 agus mná sa spóirt. Tá rudaí go dona nuair atá na heagraíochtaí atá in ainm agus spórt a chruthú do na mná óga seo ag seachaint a gcuid dualgas. Cén chaoi an mbeadh aon duine againn ag súil go mbeadh na meáin agus daoine eile ag déanamh níos mó iarrachta freastal ar chluichí nuair nach bhfuil an beagán seo á dhéanamh? Cén cineál teachtaireachta é seo do dhaoine óga? Tá cailíní chomh maith le buachaillí, ach amháin nuair nach bhfeileann sé dúinn.

Imrítear na cluichí. Tugtar deis do 180 cailín imirt in iarracht Craobh na hÉireann a bhuachan. 

Níos mó