Is é an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney an duine is déanaí a bhfuil a thuairim tugtha aige faoi chinneadh Uachtarán na hÉireann diúltú freastal ar ócáid ag comóradh 100 bliain ó cuireadh an chríochdheighilt i bhfeidhm sa tír.
Dúirt Coveney nár chuir an Roinn Gnóthaí Eachtracha “aon chomhairle shoiléir” ar an Uachtarán faoin ócáid eaglaise in Ard Mhacha agus gur faoi féin a bhí sé cinneadh dá leithéid a dhéanamh.
“Is é an ceann stáit é. Tá sé de cheart aige a chinntí féin a dhéanamh faoina dhialann féin agus na hócáidí a bhfreastalaíonn sé orthu agus is dóigh liom go bhfuil a fhreagra féin tugtha aige faoin scéal,” arsa Simon Coveney a bhí i mBéal Feirste inniu d’ócáid eile a bhain le bunú Thuaisceart Éireann.
Sheas an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn lena chinneadh. Dúirt an tUachtarán gur ócáid “polaitiúil” seachas searmanas reiligiúnach a bhí san ócáid in Ard Mhacha agus gur léir é sin sa chur síos a rinneadh ar an ócáid.
‘Marking the centenaries of the partition of Ireland and the foundation of Northern Ireland,’ atá an ócáid.
Dúirt an tUachtarán nach aon mhasla a bhí ina chinneadh do Bhanríon Shasana atá le freastal ar an ócáid.
Rinne an DUP agus an t-iarThaoiseach John Bruton cáineadh géar ar an Uachtarán atá sa Róimh inniu mar ar bhuail sé leis an bPápa.
Dúirt an t-iarThaoiseach John Bruton go raibh an tUachtarán “mícheart” diúltú don chuireadh agus gur chóir dó a intinn a athrú. Tá sé “tábhachtach”, arsa Bruton, a aithint “gur ann do Thuaisceart Éireann agus go bhfuil sé dlisteanach”. B’in a d’aithin muintir na hÉireann sa reifreann faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, a dúirt Bruton.
Mhaígh an t-iarThaoiseach go raibh an cuireadh ar cheann de na cinn is tábhachtaí a bhí faighte ag an Uachtarán.
“Ní cuireadh chuig oscailt Comhar Creidmheasa i gContae Chiarraí a bhí ann,” arsa Bruton.
Dúirt Jeffrey Donaldson, ceannaire an DUP, gur “céim ar gcúl” a bhí i gcinneadh an Uachtaráin gan freastal ar an ócáid.
Níor bhain an ócáid leis an bpolaitíocht ach leis “an dóchas agus an t-athmhuintearas”, dar le Donaldson.