Deir Breanndán Ó Beaglaoich, an ceoltóir agus feachtasóir faoi chúrsaí pleanála, go bhfuil an Ghaeltacht “á marú” ag an Rialtas agus ag an gcóras pleanála.
Maidir le moladh Chonradh na Gaeilge go leagfaí cúram na pleanála sa Ghaeltacht ar Údarás na Gaeltachta feasta níor aontaigh sé ar chor ar bith gurb é sin leigheas na faidhbe.
“Ní bheadh ansin ach Elastoplast a chur ar an ngoin,” a deir sé.
Dúirt sé go bhfuil “na milliúin euro á n-infheistiú ag an Rialtas sa nGaeilge leis an lámh dheis agus lena lámh chlé tá siad ag tachtadh na Gaeltachta”.
“Ní hé an Rialtas a choimeád an Ghaeltacht beo, d’ainneoin na rialtas a mhaireann sí go fóill. Tá an teanga á marú acu sa tobar. Dá ligfidís di, mhairfeadh an traidisiún, ní bheadh aon bhaol air sa Ghaeltacht,” a deir Breanndán Ó Beaglaoich agus é faoi agallamh ag an Irish Examiner.
Dúirt an Beaglaoch go ndéanann Comhairle Contae Chiarraí neamhaird ar an “tionchar socheolaíochta agus síceolaíochta a bhíonn ag an díshealbhú” ar phobal na tuaithe agus na bailte fearainn traidisiúnta á mbánú agus daoine á mbrú isteach in eastáit shaorga nach bhfuil “dáimh ná dúchas” acu leo.
Ní ghlacann Comhairle Contae Chiarraí leis go ndiúltaítear cead pleanála go rialta do phobal na Gaeltachta. Deir siadsan gur ceadaíodh 43 iarratas as an 58 ceann ar fad a rinneadh i gCorca Dhuibhne ó mhí Márta 2015 g dtí mí na Nollag 2019.
Dúirt fear Thodhchaí na Tuaithe go bhfuil sé féin i gcoinne na rófhorbartha fosta.
“Níl mise ag iarraidh na dlíthe pleanála a chaitheamh i dtraipisí. Is mór idir forbairt neamhshrianta agus tithe do dhaoine ina bpobal féin.”
Creideann sé gur chóir líofacht sa Ghaeilge a bheith riachtanach chun cónaí sa Ghaeltacht. “Mura mbeidh sin ann féadfaidh tú slán a rá lena bhfuil ann. Is féidir í a fhoghlaim. Níl ann ach dúshlán pearsanta ar fiú go mór é a shárú.”
Measann sé gur chóir fuireach a chur ar na pleananna forbartha contae atá á n-ullmhú faoi láthair.
“Faoin tráth seo tá mo hata caite agamsa le gach aon chomhairle contae. Ar Dháil Éireann agus ar an mBruiséil atá ár n-aghaidh anois. Ní fadhb í seo a bhaineann le Corca Dhuibhne ná leis an nGaeltacht amháin – fadhb Eorpach agus fadhb idirnáisiúnta í.”
Tá clár faisnéise The Man with the Moving House, á dhéanamh ag Breanndán Ó Beaglaoich faoi stiúir Mark McLoughlin do RTÉ agus beidh sé ar an scáileán san athbhliain.
Fuair Ó Beaglaoich cead pleanála anuraidh chun teach a thógáil i gCorca Dhuibhne.
Bhí sé 15 bliain ag fanacht ar chead pleanála a fháil ó Chomhairle Contae Chiarraí chun teach a thógáil ar shuíomh leis féin i mBaile na bPoc i bParóiste Mórdhach agus thosaigh sé feachtas chun aird a tharraingt ar chúrsaí pleanála sa Ghaeltacht agus faoin tuath.