Tá 1,207 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.
355 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, le hais 343 inné, agus bhí 69 acusan in aonad dianchúraim, duine níos lú ná inné.
1,305 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus fógraíodh go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,579 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.
359 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, triúr níos lú ná inné, agus tá 33 díobhsan in aonad dianchúraim, beirt níos mó ná inné.