Tá 2,139 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.
513 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu, suas ó 497 inné, agus bhí 97 acusan in aonad dianchúraim, beirt níos lú ná mar a bhí ansin inné.
1,124 cás a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus deimhníodh go raibh ceathrar eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 2,669 duine ar fad a raibh an víreas orthu atá básaithe ó thuaidh den teorainn ó thús na paindéime.
358 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt inniu, deichniúr níos mó ná inné, agus tá 34 díobhsan in aonad dianchúraim, duine níos mó ná inné.