Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ar díol agus ar cíos sa Ghaeltacht
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
‘ce-as-a-bhfuil-siad-le-teacht?’-–-amhras-caite-ar-sprioc-an-rialtais-i-leith-earcu-gaeilgeoiri-liofa

‘Cé as a bhfuil siad le teacht?’ – amhras caite ar sprioc an Rialtais i leith earcú Gaeilgeoirí líofa

Tuairisc
| Tuairisc.ie | ,

Dúradh ag cruinniú i dTeach Laighean inné go bhfuil polasaí oideachais an Rialtais i leith na Gaeilge ag teacht salach ar a sprioc gur Gaeilgeoirí a bheadh i 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse faoi dheireadh 2030.

“Cé as a bhfuil siad le teacht?” an cheist a bhí ag Ard-Rúnaí an Fhorais Pátrúnachta ag cruinniú de choiste Oireachtais an Oideachais agus é ag tagairt don sprioc atá leagtha síos sa bhille teanga nua. Dúirt Caoimhín Ó hEaghra nach raibh aon cheangal soiléir idir polasaí Gaeilge an oideachais agus polasaithe eile an Rialtais. Dúirt sé, mar shampla, go raibh an easpa Gaelcholáistí agus na fadhbanna a bhain lena mbunú ag teacht salach ar sprioc earcaíochta an Rialtais agus na reachtaíochta nua i leith cearta teanga.

Thagair Ó hEaghra do chás le gairid ina raibh iarbhunscoil nua le bunú i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Bhí 40 scoil Bhéarla ag freastal ar an gceantar cheana féin, gan iarbhunscoil lán-Ghaeilge ar bith ann, ach in ainneoin na -iarrachtaí a rinneadh an t-éileamh a bhí ann do Ghaelcholáiste a chur in iúl, cinneadh iarbhunscoil Bhéarla eile a bhunú, a dúirt sé.

“Léirigh muide an t-éileamh do Ghaelcholáiste [a bhí sa cheantar] ach fós ní raibh an córas a bhí ag an Roinn ábalta freastal air sin agus chiallaigh sé sin gur cuireadh bac ar thuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal a fháil dá bpáistí,” a dúirt Ó hEaghra.

“Ba cheart go mbeadh beartas dearfach ag an stát maidir le Gaelcholáistí a bhunú. Níor chóir go mbeadh pobail á ndiúltú nuair a léiríonn siad éileamh do Ghaelcholáiste. Is faillí atá á déanamh ar an bpobal é seo agus is léiriú é ar neamhaird iomlán ar bheartais an Stáit é,” a dúirt Ó hEaghra.

Dúirt sé go raibh cur chuige na Roinne Oideachais agus an NCCA maidir leis na cúrsaí nua Gaeilge atá molta don Ardteist ag caitheamh leis an teanga “mar ábhar scoile atá le staidéar” amháin.

“Tá ról ríthábhachtach ag an Stát ina caomhnú. Ní mór don Roinn Oideachais breathnú, ní hamháin ar shonraíochtaí ar shiollabas agus ar churaclam a oireann do spriocanna, do mhianta, do bheartas an Rialtais i gcoitinne ach ar cheann a fhreastalaíonn ar chearta teanga gach uile dhuine sa tír.”

Cheistigh daoine eile ag an gcruinniú chomh maith cad as a thiocfadh na cainteoirí líofa a líonfadh poist sa tseirbhís phoiblí agus in áiteanna eile amach anseo mura ndéanfaí freastal ceart ar an nGaeilge ag an dara leibhéal agus ag an tríú leibhéal.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go raibh an ganntanas cúrsaí tríú leibhéal a mhúintear trí mheán na Gaeilge léirithe le gairid agus go gcaithfí é sin a leigheas.

“Mar chuid den Bhille Teanga agus den [sprioc] 20%, sílim go mbeidh an-bhéim le cur ar an tríú leibhéal agus an ról a bheidh le himirt ag an tríú leibhéal lena chinntiú go bhfuil dochtúirí, go bhfuil síceolaithe, go bhfuil cuntasóirí, go bhfuil daoine le hardchumas ann trasna an speictrim gur féidir leo na seirbhísí seo a chur ar fáil don phobal.”

Dúirt de Spáinn nach bhfuil an deis ann do go leor pháistí a théann chuig bunscoil lán-Ghaeilge coinneáil orthu lena n-oideachas trí mheán na Gaeilge toisc a laghad Gaelcholáistí atá ann agus gur líon an-bheag a bhíonn in ann céim a bhaint amach ag an tríú leibhéal trí Ghaeilge.

“Níl aon chóras ceart ann faoi láthair chun a chinntiú go bhfuil oideachas trí mheán na Gaeilge ann do dhaltaí ó thús go deireadh, más sin an rogha atá ann dóibh.”

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go raibh sé ag súil le spriocanna “uaillmhianacha” a fheiceáil sa phlean atá á réiteach mar chuid den Bhille Teanga maidir le hearcú na státseirbhíseach a mbeidh Gaeilge acu. Dúirt sé go gcaithfí cúrsaí amhail Leigheas le Gaeilge nó Cuntasaíocht le Gaeilge a chur ar fáil sna coláistí agus sna hollscoileanna chun a dhéanamh cinnte go bhféadfaí na seirbhísí seo a chur ar fáil i nGaeilge.

“Tá córas ann le fada an lá nach bhfuil ag breathnú ar aghaidh ó thaobh na Gaelscolaíochta de. Luaigh mé an Bhreatain Bheag níos luaithe, tá sprioc leagtha síos ansin chun 40% de na scoileanna a bheith ina scoileanna Breatnaise amach anseo. Níl aon sprioc mar sin againne. Dá mbeadh a leithéid de sprioc againn, deirimis ó na 1970idí ar aghaidh, cá mbeimis anois? B’fhéidir go mbeadh muid níos fearr ná na Breatnaigh agus imithe ar aghaidh chuig 50% nó 60%,” arsa de Spáinn.

“An t-easnamh is mó atá againn ná níl aon phlean ann a dheir ‘Tá an oiread seo Gaelscoileanna againn faoi láthair, tá an méid seo iar-bhunscoileanna ag teastáil agus tá muid chun na hacmhainní a chur ar fáil chun a leithéid a dhéanamh’.”

Agus é ag tagairt do buntáiste an Fhráma Tagartha Comónta Eorpach do Theangacha, dúirt Pádraig Ó Beaglaoich ó COGG go bhféadfaí scoláirí a mhealladh ardchumas sa Ghaeilge a bhaint amach dá leagfaí amach dóibh an buntáiste a bheadh lena leithéid a dhéanamh.

“Tá go leor cainte faoi láthair maidir le spriocanna earcaíochta na hearnála poiblí agus dá bhfeicfeadh an duine atá ag foghlaim na Gaeilge, ‘Tá conair ansin a thabharfadh mise isteach i bpost éigin amach anseo’, spreagfaí iad,” a dúirt Ó Beaglaoich.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge