Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
‘na-tabhair-aon-aird-ar-na-oil-blacks!’

‘Ná tabhair aon aird ar na Oil Blacks!’

| An Gael Glas | ,

Ní bheidh ach scéal amháin aeráide sna meáin ar feadh coicíse, COP26, an chomhdháil idirnáisiúnta a thosaigh inné i nGlaschú. Comhdháil chinniúnach fhíorthábhachtach a bheidh ann, agus nach maith an rud é caint faoi dheireadh an chine dhaonna a chloisteáil chun faoiseamh a thabhairt dúinn ó Covid! 

Scríobhfar na mílte focal, nochtfar colúnaithe agus saineolaithe gach tuairim, beidh gach tír ag iarraidh an lámh in uachtar a fháil, agus beidh socrú de shaghas éigin againn roimh dheireadh na míosa. Bí cinnte go mbeidh an Gael Glas ag coimeád a shúil ghéar ar chúrsaí, agus gan dabht beidh rud nó dhó le rá agam – is é mo thuar pearsanta go leanfaidh na hargóintí ar aghaidh go dtí deireadh na comhdhála agus nach mbeidh éinne go hiomlán sásta cé go mbeidh dul chun cinn déanta.

Sin COP26 go deimhin, ach bíonn imeacht eile ar siúl gach fómhar a bhfuil baint níos mó aige i mbliana le hathrú aeráide agus leis an gcomhshaol – is é sin an turas rialta a thugann na foirne rugbaí ón Leathsféar Theas ar an Eoraip, agus urraíocht nua a fhaigheann foireann amháin acu ó chomhlacht a dhéanann ana-chuid damáiste don timpeallacht. 

Is ea, is iad All Blacks Aotearoa agus an maoiniú nua ó Ineos a d’fhógair NZ Rugby níos luaithe i mbliana atá i gceist agam. Ní dóigh liom go mbíonn aon spéis ag spóirt ghairmiúla i gcúrsaí aeráide de ghnáth. Feidhmíonn siad i domhan eile, ag taistil agus ag eitilt agus ag spreagadh lucht leanúna chun taistil agus gan aird a thabhairt ar na hastaíochtaí a shaothraíonn siad. Ach ní dóigh liom ach an oiread gur cheart dúinn beith ródhian orthu. Is líon an-bheag daoine atá i gceist i ndáiríre agus tugann siad siamsaíocht agus éalú dúinn go léir. Ach téann an conradh seo idir na All Blacks agus Ineos thar fóir agus tá an cáineadh a fuair siad in Aotearoa ó Greenpeace agus liosta fada daoine mór le rá sa tír tuillte go hiomlán acu.

Cé hé Ineos? De réir a shuímh idirlín féin is “comhlacht ceimiceach domhanda” é, agus dá mbreathnófá ar an suíomh céanna, cheapfá gur gnó glas atá i gceist. Tugann siad le fios go bhfuil siad diongbháilte ag iarraidh domhan saor ó astaíochtaí carbóin a bhaint amach roimh 2050, agus tá na focail “inbhuanaitheacht” agus “timpeallacht” lárnach ar an suíomh (féach cé chomh lárnach is atá an focal “spórt” chomh maith”). 

Níl ann ach cur i gcéill. Thosaigh siad mar chomhlacht peitriceimiceach sna 1990í, agus lean siad ar aghaidh leis sin – ar ndóigh tá an chuid sin den chomhlacht ag fás i gcónaí mar cheannaigh siad an gnó iomlán peitriceimiceach ó BP níos luaithe i mbliana. Tá an príomhoifigeach feidhmiúcháin (agus a mbunaitheoir) Jim Ratcliffe, Breatimeachtóir amach is amach a chuaigh go Monacó chun éalú óna dhualgais chánach, thar a bheith gafa leis an bhfreacáil. Níor éirigh leis sin i Sasana ach tá Ineos ag iarraidh áiteanna eile a lot. Gnáthghnólacht bhreosla iontaise mar sin, cé nach bhfuil an droch-cháil chéanna orthu agus atá ar BP ná Exxon. Peacaí aeráide.

Agus tá an spórt acu chun cuma níos fearr a chur ar a ngníomhartha. Bhí mé ag lorg an fhocail ar “greenwash” cúpla mí ó shin agus ní raibh sé san fhoclóir ag an am (bhain mé úsáid as “bréag-ghlasaigh”!) ach tá sé ann anois! Tá spóirt in úsáid ag Ineos chun “snas glas” a chur orthu féin. Sin an chúis go bhfuil sé chomh lárnach ar a suíomh idirlín. Seans go bhfuil aithne agaibh ar an bhfoireann rothaíochta, Team Ineos, a tháinig in i gcomharbacht ar Team Sky na Breataine nuair a thosaigh siad ag titim as a chéile de bharr mhí-úsáid drugaí.

Tá airgead curtha isteach acu i bhfoireann seoltóireachta chomh maith, gan trácht ar Formula 1. Ach is iad na All Blacks an fhoireann is cáiliúla atá meallta acu go dtí seo. Níl mórán airgid i gceist – thart ar chúig mhilliún euro nó mar sin —  agus iad “ag súil le bheith ag foghlaim ó mhisneach agus ó dhíograis na All Blacks.” Agus ag súil leis an snas glas sin a chur orthu féin go deimhin.

Ach na All Blacks? Cén tairbhe a bhainfidh siad as? Airgead agus airgead amháin atá á lorg acu. Tá seal caite ag an nGael Glas féin ar an taobh sin den domhan (is peacaí aeráide mé féin chomh maith!) agus tá sé deacair a mhíniú an tábhacht a bhain leis an bhfoireann sa tír agus an miotas a bhí cruthaithe fúthu. Bhí siad mar shiombail ar an tír – ambasadóirí idirnáisiúnta- a léirigh dea-thréithe na tíre nuair a bhuaigh siad, agus na droch-thréithe nuair a thug siad cuireadh d’fhoireann na Springboks turais a thabhairt ar Aotearoa sna 1970í agus sna 1980í. 

Bhí mé ann nuair a rinne siad cinneadh na All Blacks a dheighilt amach ón rugbaí áitiúil, airgead a thuilleadh ó Sky agus na camchúirteanna thar lear, agus an gaol idir an fhoireann agus an pobal a scriosadh. Agus tá sé scriosta – bhí an staid folamh nuair a d’imir siad i gcoinne na hAstráile i mí Lúnasa (gan srianta Covid ag an am), rud nach dtarlódh deich mbliana ó shin. Mar mheafar tá sé go hiontach: foireann a rinne conradh le diabhal amháin agus a chaill an meas a bhí ag an bpobal orthu dá réir…agus a dhéanann conradh le diabhal níos measa i ndiaidh sin. Bheadh Goethe féin sásta le scéal mar sin!

Beidh siad ag teacht go Baile Átha Cliath i gceann seachtaine agus tá comhairle agam duit – ná tabhair aon aird do na Oil Blacks! Tuilleann siad airgead ón gcáil atá acu, agus tuilleann Ineos meas ón gcáil chéanna. Déan dearmad iomlán orthu. Má fheiceann tú iad ag imirt, cas an teilifís go dtí an pheil. Má léann tú alt fúthu, lean ar aghaidh go dtí an chéad alt eile. Má chloiseann tú trácht ar an raidió faoin gcluiche, cuir do mhéara isteach sna cluasa. Má bhuaileann tú leo tigh Choppers, cuir na ceisteanna casta orthu faoi Ineos. Má dhéanann tú margadh leis an diabhal – agus by deaid is diabhal é Ineos- caithfidh tú íoc as. 

Níos mó