Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
albaim-na-bliana-2021-(a-l)

Albaim na Bliana 2021 (A-L)

| Ben O Faolain | ,

The Altered Hours – Convertible  (Pizza Pizza)

Convertible by The Altered Hours

Seinneann an cúigréad seo as cathair Chorcaí rac-cheol indie amhail is gurb í an bhliain 1989 í. Cloisim macallaí de leithéidí Jesus & Mary Chain, The Cranes, Whipping Boy, The Smiths agus Ramones in áiteanna éagsúla sa saothar seo, ach níl aon amhras gur le Altered Hours féin an fuinneamh amh agus na mothúcháin ionraice a bhronnann buaneitilt ar na hamhráin seo.

Tá sé de rún agam an grúpa seo a fheiscint ag seinnt beo sa bhliain ata amach romhainn.

Altın Gün – Âlem (Féin-eisithe)

Âlem by Altin Gün

An tríú bhabhta don ngrúpa ceoil sícideileach, atá lonnaithe san Ísiltíráit a ghnóthú ar an liosta bliantúil seo. 

Leagan iontach, atá go mór faoi chomaoin ag ceol Kraftwerk, den amhrán traidisiúnta Turcach ‘Yali Yali’ a mheall i mbun éisteachta mé ach tá tionchar Tom Tom Club (‘Cips Kola Cilit’), Art Of Noise agus Enigma(‘Oglán’), fiú, le clos freisin ar albam breá a dhíríonn ar fhuaim leictreo-pop na n-ochtóidí agus na nóchaidí luatha. 

Níl sé ar fáil ach amháin go digiteach ar an ardán Bandcamp amháin, rachaidh gach brabach a dhéanfar as díol an albaim go dtí an grúpa caomhnaithe nádúir Earth Today. Todhchaí inbhuanaithe an tionscail ceoil? Sin agat anois é!

Anansy Cissé – Anoura (World Music Network)

Dá mbeadh an racghrúpa sícideileach Spacemen 3 tar éis fás aníos in Iarthar na hAfraice seachas i mbaile Rugby, Sasana samhlaím go bhfuaimneodh a gcuid amhrán rud beag cosúil le gormacha scrofa hiopnóiseacha na rianta ‘Mina’, ‘Tiara’ agus ‘Cissé’ ar an albam seo de chuid an ghiotáraí Mhailíoch thréithigh Anansy Cissé.

Tá Anoura croíúil, milis agus misniúil ó thús go deireadh. 

Arab Strap – As Days Get Dark (Rock Action)

As Days Get Dark by Arab Strap

Thug amhráin an ghrúpa Albanaigh Arab Strap faoi ábhair mhóra mar an brón, an bás, grá, drugaí, gnéas agus áilleacht riamh, ach ar As Days Get Dark cloisfear amhránaí an ghrúpa, Adrian Mofatt, ag iniúchadh ábhar mar iad trí shúile an fhir mheánaosta seachas ó radharc an fhir óig héadónaíoch. 

Greannmhar agus gránna, is amhráin fhileata agus cambhéalach iad seo. Cuirfidh liricí Moffat ag gáire thú, ach cuirfidh siad freanga ort san am céanna. 

Armand Hammer & The Alchemist – Haram (Backwoodz Studioz)

Haram by Armand Hammer & The Alchemist

Bíonn fonn goil orm nuair a chloisim 99.989% d’eisiúintí hip-haip na linne seo, le bheith ionraic, ach molaim na rapálaithe Billy Woods & ELUCID (Armand Hammer) agus an léiritheoir ildánach The Alchemist as an iarracht seo chun cinntiú nach gcasann hip hap ina fhéin-aithris leamh lag ar fad ar fad.

Ní saothar é seo don éisteoir leisciúil. Liricí bainte dá lúdracha, meafair ag teacht chugat ar luas na smaointe. Ní thuigeann tú Haram? Éist arís leis. Ní thuigeann tú fós? Mise ach an oiread, ach sásaíonn sé mo chroí bheith ag iarraidh ciall a dhéanamh de raiméis fhileata na mboc seo.

Arp Frique – The Seed (Colorful World)

The Seed by Arp Frique

Tá gliondar grianmhar tógálach ag baint leis an albam de cheol te trópaiceach de chuid Niels Nieuborg (Arp Frique) na hÍsiltíre. 

Léamh comhaimseartha atá ann ar na fuaimeanna func, dioscó agus pop a bhí ag dó na n-urlár rince ó Chamarún agus Cabo Verde siar go chomh fada leis na hoileáin Chairibeacha le linn na seachtóidí agus na n-ochtóidí. 

Níos fuinniúla ná easóg tar éis espresso.

Conclave – Conclave (Love Injection)

Conclave by Conclave

Cuirfidh glór mór, maoth, croíúil Cesar Toribo, ceann feadhna an ghrúpa Conclave, amhránaíocht Joe Dukie as Fat Freddy’s Drop i gcuimhne duit –  ach seachas fuaim reigé an ghrúpa Nua-Shéalannaigh eascraíonn ceol Conclave as tobar ceoil house agus snagcheoil Afrai-Laidinigh Nua-Eabhrac. 

Is ea, ma thaitníonn ceol leithéidí Masters At Work, Quantic nó Thievery Corporation leat ní mór cluas le héisteacht a thabhairt do Conclave.

Máistriúil.

Floating Points, Pharoah Sanders & The London Symphony Orchestra – Promises ( Luaka Bop)

Promises by Floating Points, Pharoah Sanders & The London Symphony Orchestra

N’fheadar cén draíocht a bhí san aer nuair a shuigh Sam Shepherd (Floating Points) – léiritheoir ceoil leictreonaigh – síos chun ceol a chumadh i dteannta duine d’fhíoruaisle an tsnagcheoil, an sacsafónaí Meiriceánach Pharoah Sanders, ach tá blas na foirfeachta ar an albam álainn seo.

Píosa siansa atá i gceist, é bunaithe ar mhóitíf shimplí sheacht nóta.  Is aoibhinn mar a thagann agus imíonn na nótaí sin as raon na gcluas, ar nós tuile agus tráth na taoide, i  gcaitheamh na 46 nóiméad a mhaireann naoi ngluaiseacht Promises.  

Manna as na flaithis.

John Francis Flynn – I Would Not Live Always (River Lea)

Mar aon le ceol Lankum, tá idir dhúchas seanórtha agus samhlaíocht thrialach chomhaimseartha ag baint leis an uige fuaime seo atá snite ag an amhránaí agus il-ionstraimí as Baile Átha Cliath John Francis Flynn. 

Le cabhair óna chomrádaithe ceoil Saileog Ní Cheannabháin, Consuelo Breschi (Varo), Phil Christie (O Emperor) agus Ross Chaney tugann Flynn léamh eachtrúil ar cheol agus amhráin na ndaoine – idir chosmhuintir na tíre seo agus Sasana, an lucht siúil, mairnéalaigh na nIndiacha Thiar agus Ewan McColl. 

Diamant garbh.

Low – Hey What (Sub Pop)

HEY WHAT by Low

Scanraigh an grúpa indie Low sinn beagáinín ar a n-albam deireanach, Double Negative (2018), nuair a bheartaigh siad a mbunfhuaim slowcore a scriosadh agus a mhionú le próiseáil fuaime leictreonach garbh brúidiúil. 

Bhíomar ullamh dóibh an babhta seo. 

Albam níos cairdiúla é Hey What. Maireann roinnt mhaith de saobhadh fuaime Double Negative ach níl aon deacracht sásamh a bhaint as na hamhráin chroíúla atá faoina bhun an babhta seo. 

Ar nós bheith ag stracadh plástar de do chraiceann, tá idir phian agus pléisiúr ag baint le hamhráin ‘Hey What’. 

Níos mó