Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ar díol agus ar cíos sa Ghaeltacht
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
10-mbliana-priosuin-curtha-ar-fhear-gaeltachta-a-d’eignigh-deagoir-aris-agus-aris-eile

10 mbliana príosúin curtha ar fhear Gaeltachta a d’éignigh déagóir arís agus arís eile

| Tuairisc.ie | , ,

Tá 10 mbliana príosúin curtha ar fhear as Gaeltacht Thír Chonaill a d’éignigh déagóir sa chontae sin arís agus arís eile breis is 20 bliain ó shin.

Ina ráiteas tionchair íospartaigh mhínigh an té a d’éignigh Liam Carr go mb’éigean dó féin dul trí cheithre thriail agus sé bliana de “chéasadh ceart” agus é ar thóir an chirt. Léadh an ráiteas tionchair íospartaigh sin sa Phríomh-Chúirt Choiriúil roimhe seo.

Ag a thriail sa bPríomh-Chúirt Choiriúil i Sligeach fuair an giúiré Carr (59) ciontach i 31 cúiseamh ionsaí gnéasach, éigniú tóna agus éigniú béil ar an mbuachaill in áiteanna éagsúla i nDún na nGall idir mí Mheán Fómhair 1995 agus Meán Fómhair 2000. Chinn ar an ngiúiré aontú ar bhreith i leith ceithre chúiseamh eile.

Ba í sin an ceathrú triail a bhí ag Liam Carr ach scaoileadh leis na giúiréithe sa gcéad dá thriail ar chúinsí dlí agus chinn ar an ngiúiré sa tríú triail teacht ar bhreith.

Ní ghlacann Carr, a bhfuil seoladh aige i Ballina, ar an bhFál Carrach, le cinneadh na cúirte agus tá rún aige achomharc a dhéanamh, a dúirt a dhlíodóir.

Dúradh sa chúirt gur oibrí dóiteáin ab ea Carr a chaith 34 bliain sa tseirbhís sin sula ndeachaigh ar scor ar bhonn sláinte agus é ina oifigeach stáisiúin faoin tráth sin.

Dúirt Gerard Clarke, abhcóide an ionchúisimh go raibh cead tugtha ag an ngearánach go n-ainmneofaí Carr ach nár theastaigh uaidh go n-ainmneofaí é féin.

Léigh bleachtaire a bhí ag obair ar an gcás ráiteas tionchair íospartaigh an fhir a éigníodh, ráiteas a léadh sa chúirt níos túisce an mhí se caite agus éisteacht daortha ar siúl.

Dúirt an fear, atá 39 bliain d’aois anois, gur ‘goideadh’ a óige uaidh de bharr na n-ionsaithe agus nach bhfaigheadh sé ar ais go brách í.  Idir 13 agus 18 bliain d’aois a bhí sé nuair a tharla na hionsaithe.

 ‘Céasadh ceart críochnaithe’ a bhí sna sé bliana ó chuaigh sé go dtí na Gardaí ar dtús i mí Dheireadh Fómhair 2015 go dtí gur thug an giúiré breith a chiontaithe mí Deireadh Fómhair 2021, a dúirt an fear.

“Ní rabhamar ábalta leanúint ar aghaidh lenár saol de bharr fad phróiseas na cúirte.

“Chan é amháin gur sciobadh m’óige uaim ach tá mé 39 bliain d’aois agus tá an chuid is mó de mo shaol fásta caite agam ag iarraidh déileáil le gach ar tharla dom agus an ceart a fháil,” a dúirt an té a thug an cás.

Dúirt sé gurbh éigean dó dul os comhair na cúirte ceithre huaire agus a mhíniú do strainséirí an mhí-úsáid a rinne Carr air. “Daichead a dó lá ag iarraidh mo cháil a chosaint,” a dúirt sé. “Ní thuigfidh aon duine go deo ar fhulaing mise agus mo bhean.”

Thug an Bleachtaire Garda John Gallagher tuairisc don chúirt go ndearna Carr cairdeas leis an ngasúr agus thosaigh sé á mhí-úsáid i Meán Fómhair 1995 agus 13 bliain díreach sroichte aige.  Crúbáil a bhí ar siúl ag Carr ar dtús ach lean sé ar aghaidh agus rinne éigniú béil agus tóna ar an déagóir.

Tá scór blianta ag Liam Carr ar an té a d’ionsaigh sé.  Is é seo an chéad uair ar ciontaíodh Carr.

Dúirt a abhcóide nach nglacann Carr leis an mbreith agus go raibh sé i gceist aige achomharc a dhéanamh. Tá iarpháirtí Carr agus roinnt dá chairde ag seasamh leis, a dúradh sa gcúirt.

Dúirt O’Higgins, abhcóide Carr nach ar a chliant féin an locht go raibh air dul trí cheithre chúirt agus go bhfuil a lorg fágtha ag an bpróiseas ar gach taobh.

“Bhí smál ar mo chliant le sé bliana agus luigh sé go trom air.”

Mhaígh a dhlíodóir gur chaith Carr saol maith fiúntach agus go raibh na cúiseanna seo ina aghaidh anois agus é ag dul in aois. Dúirt sé go raibh deacrachtaí sláinte aige, ardbhrú fola agus ainéaras ar chuid díobh.

D’iarr sé ar an mBreitheamh David Keane a bheith chomh trócaireach agus a d’fhéad sé sa chás.

Dúirt an Breitheamh Keane leis an íospartach go raibh súil aige go bhfaigheadh sé “neart agus só” ó bhreith an ghiúiré agus ghuigh sé gach rath ar a theaghlach amach anseo. Dúirt sé nach raibh duine a léifeadh an ráiteas tionchair íospartaigh nach rachadh sé i gcion air.

“Feall ar iontaoibh” tromchúiseach a bhí sna cionta seo a rinne “go leor dochair” don déagóir.

Dúirt an Breitheamh Keane nach bhféadfadh sé aon bhuíochas a thabhairt do Carr as pléadáil ciontach mar nach ndearna sé a leithéid. An leithscéal féin níor thairg Carr ná níos léirigh sé aon aiféala, a dúirt an Breitheamh.

Dúirt an Breitheamh go raibh buíochas ag dul do Carr as cuidiú le fiosrúchán na nGardaí agus gur fear é nach raibh aon chionta eile ina leith roimhe seo agus gur léir ó na teistiméireachtaí os comhair na cúirte “go raibh dea-cháil air go dtí sin sa phobal”.

Ghlac an Breitheamh Keane leis gur léirigh tuairiscí síciatracha gur fhág an próiseas coiriúil a lorg ar Carr ach dúirt sé gur air féin an locht “toisc gur dhiúltaigh sé ón tús a chiontacht a admháil”.

Shocraigh an Breitheamh pianbhreith phríomha 13 bliain as na cionta éignithe agus mhaith sé trí bliana dó de bharr na gcúinsí maolaitheacha éagsúla.

Chuir sé trí bliana eile i gcomhthráth air as gach ceann de na hionsaithe gnéasacha.

D’ordaigh an Breitheamh Keane chomh maith go ndéanfaí maoirseacht ar Liam Carr ar feadh trí bliana nuair a bheadh a thréimhse príosúin istigh aige “toisc gur dhiúltaigh Carr a iompar ciontaithe a aithint”.

D’ordaigh sé go mbeadh ar Carr cloí le coinníollacha éagsúla sna trí bliana sin, ina measc a bheith i dteagmháil leis an tSeirbhís Promhaidh agus fanacht amach ó aon imeachtaí a bhain le leanaí.

Chuir sé fainic ar Carr gur cion é neamhaird a dhéanamh ar na coinníollacha sin. Cláraíodh Liam Carr ina chiontóir gnéis.

Níos mó

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge