Tá tús curtha ag an ngrúpa Ceoltóirí Óga Chois Fharraige le taisce eolais faoi lucht ceoil is ealaíne an cheantair a chur i dtoll a chéile. Beidh eolas ann faoi na ceoltóirí, amhránaithe, damhsóirí, scríbhneoirí, agus scéalaithe a bhfuil nó a raibh cónaí orthu sa cheantar i nGaeltacht Chonamara.
Beidh fáil ar an gcnuasach ar shuíomh idirlín, áit a mbeidh teacht ag pobal na háite agus lucht suime an chultúir Ghaelaigh air.
Deirtear gur “acmhainn fhíorluachmhar iad na daoine seo; an dream atá imithe ar shlí na fírinne agus an dream atá fós linn”.
“Tharraing siad clú agus cáil ar Chois Fharraige, choinnigh siad an cultúr beo agus is iad a d’ardaigh ár gcroíthe anuas trí na blianta go dtí an lá atá inniu ann.
“Tá siadsan agus a ndaoine muinteartha fial flaithiúil lena gcuid eolais agus ama agus is iontach an tsuim atá acu ar fad sa togra.”
Faoi láthair tá na gasúir agus a muintir ag cur agallamh ar dhaoine, ag scríobh alt, ag bailiú pictiúr agus ag éisteacht le hábhar cartlainne. Tá cúnamh á fháil acu ó dhaoine o shaol na n-ealaíon a bhfuil saineolas acu faoi cheol, amhránaíocht agus litríocht Chois Fharraige. I measc na ndaoine atá ag cuidiú leis na gasúir, tá Róisín Elsafty, Caitlín Ní Chualáin, Luisne agus Aisling Ní Neachtain agus Fearghais Mac Lochlainn.
Deir Éamon Ó Ceallacháin, boscadóir óg as an gCré Dhubh, go bhfuil teacht ar shaibhreas cultúrtha Chois Fharraige i bhfoilseacháin agus taifeadtaí éagsúl ach nach bhfuil an oiread céanna ar fáil ar an idirlíon.
“Rinne mé féin cúpla tionscnamh ar scoil agus níl sé éasca teacht ar eolas cruinn ar an idirlíon: eolas ar féidir brath air agus eolas i nGaeilge. Bhí sé níos measa fós i rith na dianghlasála mar bhí muid ag brath go hiomlán air. Ba bhreá liom é dá mbeadh bailiúchán faoi shaibhreas na háite ar fáil ar líne agus tá a fhios agam go mbainfeadh mé féin agus daoine óga eile an-úsáid as,” a deir Éamon Ó Ceallacháin.
Deir Odí Ní Chéilleachair, comhordaitheoir Taisce Chois Fharraige gur togra é atá dírithe ar an teaghlach.
“Cé go bhfuil tús curtha ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige leis an obair, tá sé oscailte do chomhluadair eile sa bpobal agus chuirfimis fáilte is fiche roimh dhuine ar bith a bheadh sásta alt a scríobh nó pictiúir a sholáthar nó saineolas áitiúil a roinnt,” a deir Odí Ní Chéilleachair.
Tá tuilleadh eolais ar fáil ó taiscecf@gmail.com nó 086-4567806.