Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
‘yellow-spaceship’-agus-albaim-eile-na-miosa

‘Yellow Spaceship’ agus Albaim eile na Míosa

| Ben O Faolain | ,

Burial – Antidawn (Hyperdub)

ANTIDAWN EP by Burial

Filleann Burial ar bhlas tiubh tnúthánach agus iontach uaigneach a luathcheoil ar an mórshaothar seo de mhionalbam, ach má dheineann, tá an dlúthcheangal a bhí ag na luatheisiúintí sin leis an dordcheol, idir cheol dubchéime agus UK garage, briste aige.

Ceol comhthimpeallach gan bhuillí (ach amháin i gcás an riain ‘New Love’) atá romhat ar Antidawn. Colláisí fuaime a bhaineann feidhm as cleasa léiriúcháin a aithním ón albam Chill Out de chuid KLF, cé nach bhfuil an toradh cosúil in aon chor leis an saothar éalaitheach, spraíúil úd. 

Cuireann an pailéad sonach atá in úsáid ag Burial ar Antidawn an banna This Mortal Coil i gcuimhne dom, chomh maith le ceol orgán-bhunaithe Spiritualized/Spacemen 3 agus saothair áirithe de chuid Sigur Rós. Mar sin féin, níl amhras ar bith ach gur ag éisteacht le Burial ata tú. 

Jacob Gurevitsch – Yellow Spaceship (Music For Dreams)

Yellow Spaceship by Jacob Gurevitsch

In ainneoin gur eisigh na grúpaí indie Beach House agus Soundcarriers albaim bhreátha le gairid is é Yellow Spaceship de chuid an cheoltóra Dhanmhargaigh Jacob Gurevitsch an saothar giotár-bhunaithe is mó a mheall mo chluais le mí anuas.

Giotáraí tréitheach é Gurevitsch a dhíríonn ar stíl rómánsúil mhilis atá faoi chomaoin ag ceol bolero Chúba, fuaim flamenco na Spáinne agus amhráin chanson den saghas a bhíodh á chanadh ag leithéidí Jacques Brel na Fraince fadó. Is minic a thugtar ‘albam don gcóisir dinnéir’ go maslach ar shaothar, ach is moladh atá i gceist i gcás Yellow Spaceship. Anois, cá bhfuil mo gheansaí muiníl póló?

Ceoltóirí Éagsúla – Future Sounds of Jazz Vol. 15 (Compost)

FUTURE SOUNDS OF JAZZ VOL. 15 by V.A.

An t-eagrán is déanaí sa tsraith bailiúchán a bhunaigh úinéir Cheirníní Compost na Gearmáine siar in 1995. Ní fuaimeanna snagcheoil na todhchaí a bhí riamh i gceist le bailiúcháin FSOJ, i ndáiríre, ach rogha Reinboth de cheol comhaimseartha (leictreonach, go háirithe) a bhfuil blas nó spiorad an tsnagcheoil ag baint leis.

21 rian, idir cheol Italo-house grianmhar (Don Carlos), Afra-dhioscó (Shina Williams), cheol leictreafhuaimiúil (All Is Well), snagcheol comhaimseartha (Marni), ceol domhanda house (Ruduolpho) agus búgaí (Ben Sturm) den chaighdeán is airde atá le clos anseo. Bí ag faire amach do leagan beo, bríomhar an Toshio Matsuura Group de mhór-rian teicneó Carl Craig, ‘At Les’, chomh maith le ceol blasta nár eisíodh cheana ó Ron Deacon, Aera agus Oliver Kieser.

Níos mó