Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
‘dochas-agam-don-chine-daonna-tar-eis-na-feile-sonar-in-lisboa’

‘Dóchas agam don chine daonna tar éis na féile Sonar in Lisboa’

| Ben O Faolain | ,

Tar éis dom breis agus dhá bhliain a chaitheamh i mbun rince liom féin sa chistin sa bhaile bheartaíos go rachainn amach ag damhsa i measc na ndaoine.  Agus fonn orm jab ceart a dhéanamh de, thug mé aghaidh ar phríomhchathair na Portaingéile, Lisboa, don chéad eagrán den fhéile cheoil leictreonaí mór le rá Sonar a reáchtáladh riamh sa chathair úd. 

Isteach is amach le 70 seó beo thar thrí lá. Ceol ó leithéidí Arca, Bicep, Ellen Allien, Richie Hawtin, Floating Points, Honey Dijon, Nicola Cruz, agus Thundercat. Clubanna oscailte go dtí a sé a chlog ar maidin. 

A sé a chlog ar maidin?! Bhí rud beag eagla orm, déanamh na fírinne. Táim tar éis dul i dtaithí ar shaol suaimhneach le linn na paindéime. Ní minic mé i mo shuí tar éis a 11 a chlog istoíche.  An dtaitneodh furú na féile liom? 

Bhí go diail, is ní raibh go holc, cé gur chaill mé oíche dheireanach na féile ina hiomlán. Faid is a bhí mo chairde amuigh ag rince le seiteanna Overmono agus Jayda G bhíosa i mo chnap codlata in árasán folamh. Más máistir dian an teicneo is cara caoin an codladh!

Tá fógartha cheana féin go mbeidh féile Sonar ag filleadh go Lisboa in Earrach 2023. Seo a leanas na deich rud is mó a thaitin liom faoi fhéíle na bliana seo.

(1 )Bicep

An t-aon ghrúpa Éireannach ar chlár na féile, bhí na Gaeil i láthair ina ngeansaithe CLG chun tacú leo!

Admhaím nach raibh me iomlán cinnte fé bhuanna Bicep go dtí go bhfaca beo iad den chéad uair oíche Shathairn i Coliseu Dos Recreios. Ní féidir gan iad a chur i gcomparáid le Orbital nuair a bhí na deartháireacha Hartnoll i mbarr a réime. Tá an bunús láidir séiseach céanna i gceist le ceol Bicep agus an nós céanna acu a bpoirt a shíneadh amach sa chomhthéacs beo – iad ag rith isteach ina chéile go grástúil agus i ngan fhios duit. Mar a bhíonn fíor i gcás Orbital, bíonn atmaisféar speisialta sa seomra nuair a sheinneann Bicep toisc go n-aithníonn gach duine ar an láthair ar a laghad trí nó ceithre cinn dá rianta. 

Bhí smacht acu ar mo chroí agus chosa ó thús an tseit go dtí go raibh an nóta deiridh de ‘Apricots’seinnte mar chlabhsúr. 

(2) Dioscmharcaigh ban ar chlár na féile

Bhí uair ann nuair nach gcífeá ach céatadán beag ban-dioscmharcach ag seinnt ag féile mhór. Mná ab ea isteach is amach le leath de na dioscmharcaigh a chas thar an deireadh seachtaine. Go raibh an fórsa i gcothromaíocht againn as seo amach!

(3) An slua

Bheadh dóchas agat don chinne daonna tar éis deireadh seachtaine a chaitheamh i measc an tslua a bhí i láthair ag Sonar Lisboa 2022. N’fheadar an é go bhfuil strainséirí níos ceanúla ar a chéile ná mar a bhíodh, tar éis ár dtréimhsí aonraithe le cúpla bliain anuas. Nó an é go bhfuil an glúin Gen Z rud beag níos láiche agus níos tuisceanaí ná an dream a d’imigh rompu? Cáineadh ní chuala agus achrann ní fhaca ag am ar bith. Fir gléasta mar mhná, mná gléasta mar mhná rialta, strainséirí ag tabhairt barróg dá chéile ar an urlár rince, agus daoine ag rince leathnocht ar nós gur 1988 a bhí ann. Bhaineas an sásamh céanna as iompar agus aghaidheanna an tslua agus a bhaineas as an gceol féin ar uairibh. 

(4) DJ Chloé Robinson

Tá meas mór agam ar dhioscmharcaíocht Chloé Robinson as London ón uair a chabhraigh a seit cranrach dordcheoil Solid Steel liom fanacht i mo dhúiseacht agus mé ag tiomáint tríd na hoíche abhaile go Contae an Chláir tar éis dom casadh ag Féile na Gealaí siar in 2018. Bíodh sí ag obair faoin ainm DJ Barely Legal an uair sin, ach ar chúiseanna a bhain, mheasfá, le deacrachtaí a bheadh ag duine í a Ghoogláil tá sí tar éis filleadh ar a hainm baiste.

Rogha iontach il-rithimiúil garage, leictreo agus teicneo ar mheánluais a chas Robinson oíche Shathairn – é measctha go síodúil agus í ag druidim i dtreo na fuaime réabh ar deireadh sular chuir sí clabhsúr lena seit, t’anam ón Diail, le ‘Born Slippy’ de chuid Underworld. Ceileann cleachtadh crua castacht ceirde, ambaiste, agus is breá liom mar a chas Robinson seit dioscmharcaíochta na féile, domsa, gan aon éirí in airde.

(5) Seit vinile Richie Hawtin agus Héctor Oakes

Dioscmharcaigh ag casadh ceirníní ag mór-ócáid réabhála sa bhliain 2022 – cé a cheapadh é?! Ag seinnt i dteannta a chéile ar dhá chaschlár agus meascóir amháin an duine, chas Hawtin (Detroit) agus Oakes (Berlin) seit tréanteicneo rithimiúil a chuir gliondar ar an slua de os cionn 1,000 rinceoir i bPavilhao Carlos Lopes oíche Aoine. Níos mó de sin, a deirim! 

(6) Ná láithreacha rince 

Mar Éireannach, tá taithí agamsa ar bheith ag rince le ceol leictreonach i gclubanna brocacha nó i bpubaill curtha suas i ngoirt thaise amuigh faoin dtuath. Ní hamhlaidh a bhí i Lisboa, agus na gigeanna ar siúl i roinnt de na láithreacha ceoil is áille i gcathair fíorálainn. Bhí Coliseu Dos Recreios ar an gceann is deise. Tógtha sa naoú haois déag, is ceoláras íocónach é le díon cruinneachánach agus urlár rince ciorclach.

(7) Léiritheoirí Portaingéalacha 

Ta lucht eagraithe Sonar le moladh as an rogha leathan léiritheoirí/dioscmharcaigh Portaingéalacha a bhí ar an gclár le hionadaíocht a dhéanamh ar a gcúinní féin do cheol bríomhar comhaimseartha na tíre. 

Bhíos féin meallta ag fuaimeanna afrai-thodhchaíoch, idir kuduro, batida, funaná agus eile, a bhí á gcasadh ag dioscmharcaigh agus léiritheoirí an lipéid Principé mar DJ Marfox, DJ Nigga Fox, Nídia agus DJ Lycox. Bhí laochra teicneo Lisboa, Violet, i láthair chomh maith le Moullinex agus Branko dóibh siúd a bhí sa tóir ar fhuaim níos glioscarnaí agus níos boige. 

In ainneoin go raibh praghas na dticéad do Sonar ró-ard do mhórán den chleas óg a bhíonn ag freastal ar oícheanta na ndioscmharcach thuasluaite in Lisboa ó sheachtain go seachtain, ar a laghad fuair an slua idirnáisiúnta a bhí i láthair blaiseadh de cheol Lisboa.

 (8) Arca

Tarlaíonn sé i gconaí ag féile mhór go dtéann ceoltóir nó banna nach n-éistim riamh leo sa bhaile i bhfeidhm orm i gcomhthéacs beo. Bhí seit beo Arca craiceáilte. Nóiméad amháin bheadh sí cromtha os cionn a trealamh leictreonach ag cruthú teicneo garbh fuinniúil ar nós Aphex Twin, ansin chlúdódh puth deataigh í agus siúladh sí amach gléasta mar chailín tí Francach is í ag rapáil i Spáinis thar cheol saghas Miami-bass. Tríocha soicind níos déanaí bheadh sí ag seinnt ceol hyper-pop a bhí chomh tapa gurbh ar éigean go bhféadfá rince leis. Ni raibh bun ná barr leis, ach thaitin a stíl spadhartha agus a hidirghníomhú lena lucht leanta deabhóideach liom.

(9) Tástáil ar dhrugaí

Sa bhliain 2001, ag aithint nach mbuafaí riamh “an cogadh ar dhrugaí” dhein rialtas na Portaingéile díchóiriúlú ar húsáid dhrugaí de gach saghas. De réir tuairiscí tá torthaí dearfacha le sonrú de dheasca an pholasaí, agus é curtha i bhfeidhm gcomhar le beartais shóisialta eile.

Beatha duine a thoil, a deirimse, ach má roghnaíonn duine piollaire a shlogadh nó púdar a smúradh sa chlub ní mór bearta a chur i bhfeidhm le hiad a choimeád slán ó ábhar éillithe agus óna aineolas féin.

Chuige sin bhí foireann Kosmicare,  eagraíocht neamhrialtasach, i láthair ag gigeanna éagsúla Sonar thar an deireadh seachtaine, iad réidh chun comhairle a chur ar éinne a bhí á lorg, agus chun cabhair a thabhairt d’éinne a bhí i dtrioblóid. Anuas air sin, bhí seirbhís thástála dhrugaí ar fáil i rith an lae ag saotharlann Kosmicare – rud a thugann deis don eagraíocht na seirbhísí sláinte a chur ar an eolas roimh ré sa chás go mbeadh baisc nimhneach d’aon cheo á dháileadh sa chathair. Cur chuige measúil macánta.

(10) Dea-eagraithe 

Rud beag é, ach má bhíonn ar dhuine €1 a dhíol as gloine phlaisteach ag tús na hoíche baintear úsáid as arís agus arís eile. Ní bhíonn scata gloiní plaisteacha caite ar fud na háite ag deireadh na hoíche agus íocfar do €1 ar ais ach an bonn muiníne a fuairis le do ghloine ag tús na hoíche a thabhairt ar ais. Sin mar a bhí ag Sonar Lisboa.

Bhí córas gan airgead tirim i bhfeidhm, agus creidmheas ceannaithe roimh ré ar rostbhanda agat. Córas éifeachtach é – ní raibh mhoill mhór agus deoch á cheannach agat ag an cuntar, agus gur bheag an deis a bhí agat nótaí nó do chárta bainc a chailliúint i rith na hoíche.

Ba léir gur deineadh iarracht daoine macánta a aimsiú agus earcaíocht á dhéanamh ar fhoireann slándála na féile. Is maith is fiú é.

..agus rud amháin nár thaitin liom

DJ Charlotte de Witte

Sampla í Charlotte de Witte, dár liom, de ghlúin nua réalta-dioscmharcaigh ar mó an spéis atá acu in airgead agus a bpróifíl Instagram ná an ceol féin a bhíonn á chasadh acu. Castar an seit céanna, nach mór, in áit difriúil gach oíche gan bacadh le rud chomh bunúsach agus iarracht a dhéanamh freastal ar riachtanais an dreama a bheadh i láthair ar oíche ar leith.

Bheadh jab agat an fuinneamh a chruthaigh Richie Hawtin agus Héctor Oakes oíche Aoine a scriosadh ach sin a dhein de Witte le rogha trance-teicneó leadránach gan anam agus í ag teacht sna sála orthu. Ceol teicneo séiseach, mar a chasadh Laurent Garnier, a bhí ón lucht rince, ach ba chuma sa sioc le de Witte de réir dealraimh.

Níos mó