Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
rnag-le-tus-a-chur-le-‘staisiun-teilifise-gaeltachta’-agus-an-ceiliuradh-50-bliain-ar-siul

RnaG le tús a chur le ‘stáisiún teilifíse Gaeltachta’ agus an ceiliúradh 50 bliain ar siúl

| NÓS Suíomh Gréasáin | ,

Tá sé fógartha ag lucht bainistíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta go gcuirfear tús le seirbhís nua teilifíse a dhíreoidh “go huile is go hiomlán ar mhuintir na Gaeltachta” faoi dheireadh an tsamhraidh. Tá ceiliúradh mór ar bun an deireadh seachtaine seo sa stáisiún Gaeltachta a bunaíodh leathchéad bliain ó shin, ar an 2 Aibreán 1972. 

Craolfar RTÉ Teilifís na Gaeltachta ar bhonn páirtaimseartha ar chainéal 8 ar Saorview, idir RTÉjr agus RTÉ One +1, ó 16.30 go 23.00 seacht lá na seachtaine. Beidh fáil ar an gcainéal go digiteach ar shuíomh nua idirlín atá á fhorbairt i láthair na huaire freisin. 

Díreoidh an chéad nócha nóiméad den tseirbhís ar ábhar do ghasúir Ghaeltachta agus cartúin ina mbeidh na canúintí Gaeltachta le sonrú go láidir iontu. Clár nuachta a bheidh á chraoladh ón 18.00-18.30 agus arís ag 21.00-.21.30, agus meascán de chláir do dhaoine fásta a bheidh á gcraoladh na hamanna eile. 

Is iad iriseoirí Nuacht RTÉ/TG4 agus iriseoirí RTÉ Raidió na Gaeltachta a chuirfidh an t-ábhar ar fáil don tseirbhís nua teilifíse agus cónascadh le déanamh idir an dá fhoireann. Fágfaidh an cónascadh seo go mbeidh foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta le feiceáil go rialta ar fheasacháin nuachta Nuacht RTÉ/TG4 agus go mbeidh iriseoirí Bhaile na hAbhann le feiceáil go rialta ar RTÉ Teilifís na Gaeltachta. Lucht bainistíochta RTÉ RnaG féin a bheidh i gceannas ar an stáisiún nua teilifíse trí chéile, áfach, agus duine le ceapadh sa ról nua ‘Eagraí Stiúrtha Teilifíse’. 

Níl sceideal iomlán an stáisiúin nua eisithe go fóill ag RTÉ RnaG ach tuigtear do NÓS go mbeidh cláracha ceoil, spóirt, agus faisnéise á gcraoladh go rialta air. Is iad foireann RTÉ RnaG a bheidh i mbun na gcláracha sin, agus iad á gcraoladh as Ciarraí, Gaillimh, agus Dún na nGall mar a bhíonn na cláracha raidió. Anuas air sin, craolfar seanscannáin karate as an tSín ar an stáisiún nua oícheanta Aoine. 

“Bíonn An Western ar TG4 uair sa tseachtain, agus shíl muid go raibh sé chomh maith againne An Eastern a chraoladh ar an Aoine agus rogha a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta idir John Wayne agus Bruce Lee. 

“An difríocht mhór a bheidh ann ná go ndéanfar athghuthú ar na scannáin kung-fu a bheidh againne, agus scoth na n-aisteoirí Gaeltachta tar éis na scórtha uaireanta an chloig a chur isteach cheana féin thoir tigh Telegael le go mbeadh clár iomlán samhraidh againn de scannáin. Tá thart ar fhiche scannán déanta ag Jackie ‘Chan’ Mac Gearailt, mar shampla,” a dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannasaí RTÉ RnaG le NÓS.

Dúirt Gearóid go gcruthóidh an tseirbhís nua postanna sna ceantracha Gaeltachta agus go meallfaidh sí óige na Gaeltachta “sa ré nua meán seo a thosaigh b’fhéidir deich nó cúig bliana déag ó shin” agus go mbeidh sé go deas “seirbhís teilifíse lánGhaeilge” a bheith in Éirinn.

Táthar ag súil go seolfar RTÉ Teilifís na Gaeltachta ag tús mhí Lúnasa. 

Níos mó