Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
‘leibhealfaidh-me-thu!’-–-an-bhfuil-nathanna-nua-cainte-a-saothru-sa-ghaeilge?

‘Leibheálfaidh mé thú!’ – an bhfuil nathanna nua cainte á saothrú sa Ghaeilge?

| Eoin O Croinin | ,

Sa Bhéarla, bíonn nathanna cainte nua ag teacht chun cinn an t-am ar fad agus sean-nathanna cainte ag dul i léig. Tagann na nathanna nua as na hamhráin, na scannáin, na saothair litríochta, na manaí fógraíochta agus ráitis ó dhaoine cáiliúla. 

De réir The Dictionary of Modern Proverbs, tá na nathanna seo a leanas orthu siúd atá tagtha chun cinn sa Bhéarla ó 1900 i leith: history does not repeat itself, but it rhymes; make love, not war; the medium is the message; there’s no I in team; history is written by the victors; if you love your job, you don’t have to work a day in your life; it’s a jungle out there; life beings at forty; Big Brother is watching you. 

Rinne údair The Dictionary of Modern Proverbs iarracht an bunús atá ag na nathanna sin a rianú lena fháil amach cathain a breacadh síos iad den chéad uair nó cathain a tháinig siad isteach i gcaint na ndaoine ó fhoinse scríofa. Tháinig an nath life begins at forty isteach sa chaint, cuir i gcás, ón teideal a bhí ar leabhar sárdhíola i Meiriceá agus ar an scannán den ainm céanna a bunaíodh air in 1935. Ceaptar gur laoch daorchluiche a dúirt there’s no I in team agus é ag iarraidh creidiúint a thabhairt dá chomrádaithe as na héachtaí a bhí bainte amach aige féin.

 Tá cuid de na nathanna thuas leamh nó fiú seanchaite (it’s a jungle out there agus make love, not war) ach baintear úsáid astu go fóill sa chaint agus san fhocal scríofa, más ar bhealach íorónta nó magúil féin é. Tá cinn eile níos téagartha agus feictear iad i saothair léannta nó sna meáin (the medium is the message  Big Brother is watching you)

Taispeánann a n-iomadúlacht sa Bhéarla, idir shean agus nua, a bhisiúla atá an teanga agus an méid acmhainní cultúrtha atá aici.

Óir in imeacht aimsire saothraíodh an Béarla in iliomad réimsí den saol – formhór na nathanna a bhaineann leis an mairnéalacht, is sa 17ú agus sa 18ú haois a tháinig siad isteach sa teanga, mar shampla: all hands on deck, all at sea, to show your true colours, to learn the ropes, flotsam and jetsam, armed to the teeth. Cé gur bhain na nathanna sin le ceird faoi leith tráth den saol, tá a raon céille leathnaithe go mór i gcaitheamh na mblianta sa chaoi gur féidir iad a úsáid i mórán réimsí éagsúla anois. 

Nuair a bhí flúirse nathanna den sórt sin ag teacht isteach sa Bhéarla agus sna mórtheangacha eile sa 17ú agus 18ú haois, faraor, is beag saothrú a bhí á dhéanamh ar an nGaeilge toisc í a bheith imeallaithe agus curtha faoi chois. 

Dá bharr sin, cuid mhaith de na nathanna agus seanfhocail atá againn sa Ghaeilge, is leis an seansaol tuaithe réamhthionsclaíoch a bhaineann siad. Agus is maith ann iad: tá saibhreas agus saíocht iontu. Ach faoin am seo tá an nasc leis an seansaol sin briste, rud a fhágann gur deacair dúinn uaireanta na nathanna traidisiúnta a chur in oiriúint do chomhthéacs an lae inniu. 

Conas is féidir le mionteanga ar nós na Gaeilge – atá gann in acmhainní cultúrtha agus i gcainteoirí – nathanna nua a ghiniúint agus a scaipeadh i measc lucht a labhartha sa chaoi nach mbítear ag brath ar nathanna traidisiúnta amháin? 

 Óir tá an Coiste Téarmaíochta againn chun téarmaí nua a cheapadh agus a mholadh – agus is maith sin – ach ní féidir leis an gCoiste nathanna cainte nua a cheapadh: is ón mbun aníos a thagann siad.

Is fíor go mbíonn nathanna cliste ag teacht chun cinn anois agus arís sa Ghaeilge (‘scaoil amach an bobailín!’, ‘is fearr rith maith ná drochsheisiún sa gym’, ‘leibheálfaidh mé thú!’) ach is leis an teanga labhartha amháin a bhaineann a mbunáite agus mura bhfuil imeacht cultúrtha mór ann (scannán, leabhar, amhrán, ráiteas ó pholaiteoir) chun iad a scaipeadh agus a bhuanú i measc an phobail, is beag seans go mairfidh siad i bhfad sa teanga. 

Ní hé gur tubaiste é dúinn go bhfuil an teanga beagáinín easnamhach ó thaobh nathanna nua-aimseartha de – ní chuireann sé bac ar scoth na scríbhneoireachta. 

Agus ní dócha gur cheart dúinn an Béarla a bheith mar shlat tomhais againn sna nithe seo – tá an Béarla ar cheann de na teangacha is mó a saothraíodh i ngach réimse den saol le cúpla céad bliain anuas mar gheall ar chumhacht agus rachmas na Breataine agus Mheiriceá. B’fhearr dúinn an Ghaeilge a chur i gcomparáid le mionteangacha eile ar nós na Breatnaise agus na Briotáinise (táimse féin dall orthu – ní mise an té a dhéanfaidh an chomparáid sin, faraor).

Anuas air sin, tá aistriúcháin mhaithe ar nathanna an Bhéarla i bhFoclóirí Uí Mhianáin agus Uí Dhónaill agus ní hé go bhfuil boladh an phortaigh ar gach nath traidisiúnta de chuid na Gaeilge. Ceann deas a chonaic mé le déanaí den chéad uair ná ‘tá siad i bpíobáin a chéile’ (they are at each other’s throats). Sin nath a bheadh againn ar fad sa Bhéarla – an mbeadh an nath coibhéiseach ag mórán Gaeilgeoirí? Ba cheart dúinn go léir eolas níos fearr a chur ar na nathanna dúchasacha.

Seachas a bheith buartha faoi nathanna nua a ghiniúint sa Ghaeilge, mar sin – rud atá beagnach dodhéanta i gcás mionteanga ar aon nós toisc go mbraitheann cuid mhaith den scéal ar an líon cainteoirí atá ag an teanga – b’fhéidir gur cheart dúinn eolas níos fearr a chur ar na nathanna traidisiúnta agus iad a úsáid níos minice. 

Níos mó