Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
vibeanna-gan-fadhbanna-ag-feile-na-gealai

Vibeanna gan fadhbanna ag Féile na Gealaí

| Rut Ni Theimhneain | ,

Nuair a thosaigh an domhan mór ag athoscailt bhíomar ar fad ag lorg rud ar bith a chuirfeadh i gcuimhne dúinn go bhfuil muid fós óg agus beo. Laethanta saoire seans, bualadh isteach i gclub oíche b’fhéidir, nó, ar ndóigh, freastal ar fhéile cheoil. Tar éis sos dhá bhliain, tháinig Féile na Gealaí ar ais go Ráth Chairn Ghlas na Mí an deireadh seachtaine seo caite. 

Dóibh siúd nár chuala trácht ar an bhféile (conas???), seo í Féile na nGael don 21ú hAois. Deireadh seachtaine lán de cheol, chraic agus chairdeas. Reáchtáiltear gach imeacht trí Ghaeilge, bíonn gach amhránaí ag casadh trí Ghaeilge nó go dhátheangach, is féidir leat do phíotsa a ordú trí Ghaeilge fiú!

Bíonn fáilte roimh Ghaeilgeoirí ó gach aoisghrúpa, i gcéin is i gcóngar. Agus cinnte, iad siúd atá ag foghlaim na teanga freisin. Creidimse gur chóir d’éinne a bhfuil grá acu don teanga freastal ar an bhféile seo, mar céard eile a bheadh ag teastáil ó dhuine? Agus má tá tú FÓS idir dhá chomhairle – seo cúig chúis ar chóir duitse freastal ar Fhéile na Gealaí an bhliain seo chugainn:

Na Daoine

Níl aon rud níos fearr ná siúl isteach i bpáirc ollmhór agus slua daoine a fheiceáil ag gáire, ag damhsa agus, dóibh siúd a bhí cróga go leor, ag radaireacht trí Ghaeilge. B’fhéidir go gceapfá nach mbeadh aithne ag GACH Gaeilgeoir ar a chéile ach tar éis cúpla nóiméad cainte, is féidir a gheallúint go bhfuil ceangal éigin idir tú féin agus do chara nua. Leis na meáin shóisialta sa lá atá inniu ann, is cairde muid go léir. Mhalartaigh muid an frása ‘cé leis thú?’ le ‘tá aithne Insta agam ort!’ agus nach iontach an rud é sin? Tar chun fíorchairde Gaelacha a dhéanamh.

An Ceol

Bíonn gach seánra ceoil ar fáil ag an bhféile seo – ceol traidisiúnta, popcheol, rapcheol. D’oscail Sibéal an fhéile lena glór álainn draíochta. Bhí grúpaí ar nós Bandia agus Súp a chan leaganacha Gaeilge de cheol ó leithéidí Cher agus Red Hot Chili Peppers. Bhí Jiggy agus Kíla ann chun ár gcroí Gaelach a chur ag preabadh. D’ardaigh Súil Amháin, Ushmush agus na haíonna gan choinne Kneecap ár n-anam go léir lena gceol bríomhar, spreagúil. Roinn neart amhránaithe agus grúpaí eile a gcuid tallainne linn thar an deireadh seachtaine. Tar chun níos mó ceoltóirí Gaeilge a chur ar do sheinnliosta!

Na hImeachtaí

Bíonn gach cineál imeacht ar fáil ag a bhféile seo. Chabhraigh an comharghrúpa ealaíne Aerach Aiteach Gaelach linn ár n-imní sóisialta a leigheas lena n-imeacht croíúil. Bhí orainn cairde nua a aimsiú agus portráid agus píosa filíochta a chumadh dóibh ar chartaí poist. Gheobhaidh siad siúd a ghlac páirt an táirge sin mar chuimhneacháin ar an bhféile sa phost go luath #gleoite! Bhíomar go léir sna tríthí ag GaelGÁIRÍ – seó grinn le Hugh Carr, Louisa Ní Éideáin agus Julie Jay (díreach céard a bhí ag teastáil chun an phóit a leigheas ón oíche roimh ré!). Bhíomar ag péinteáil, ag éisteacht le beothaifeadadh de Beo ar Éigean, ag canadh agus ag glacadh an iomarca féiníní! Gan trácht ar na ceardlanna scéalaíochta agus ceoil mar chuid den Lá Teaghlaigh. Tar chun cuimhní cinn speisialta a chumadh duit féin agus do do chlann.

An Club

Tar éis do na himeachtaí agus ceoltóirí críochnú, lean an scléip ar aghaidh sa gClub agus sa phub an Bradán Feasa. Seo é croílár phobal Ráth Chairn. Ag Féile na Gealaí, iompaíonn an halla áitiúil i gclub oíche Gaelach. Cén áit eile a bheifeá in ann Ballaí Luimnigh a dhéanamh in éindí le ceol hip hop? Chuala mé ráflaí go bhfanann daoine sa gClub go dtí go n-athraíonn Féile na Gealaí go Féile na Gréine… ach beidh oraibh dul sibh féin chun an fhírinne a fháil amach…

Vibeanna gan Fadhbanna

An rud is mó a sheasann amach faoin bhféile seo ná go mothaítear sábháilte agus i measc cairde, fiú má thagann tú leat féin. D’fhág mise mo mhála i gcoirnéal éigin don oíche ar fad mar bhí mé ag iarraidh damhsa ceart a dhéanamh nuair a tháinig Kneecap ar an stáitse agus níor leagadh lámh air. Níor chuala mé drochscéal riamh faoin ionad campála ag Féile na Gealaí (tá na comharthaí leithris breá soiléir!) Tar le haghaidh vibeanna gan fabhanna, sin an méid.

Bhuel, má tá FOMO an domhain ort tar éis é seo a léamh – ba chóir go mbeadh! Feicfidh mé tú ag an gcéad cheann eile, a chara!

Níos mó