Tá an 50ú bonn uile-Éireann ag dul go dtí cumann caide na Gaeltachta in iarthar Duibhneach i ndiaidh chluiche ceannais na hÉireann Dé Domhnaigh.
Brian Ó Beaglaoich an duine is déanaí ón gclub beag Gaeltachta a bhuaigh craobh uile-Éireann. Seosamh Ó Súilleabháin ó Bhaile an Ghóilín an chéad duine ón nGaeltacht a bhuaigh bonn uile-Éireann, gaisce a dhein sé ceithre bliana i ndiaidh a chéile, i 1929, 1930, 1931 agus 1932.
Rónán Ó Flatharta as Tíorabháin an duine deireanach ón gcumann a bhuaigh craobh shinsir na hÉireann le foireann caide na Ríochta agus boinn aige ó 2004, 2006 agus 2007.
Tá Brian Ó Beaglaoich ag imirt leis an gcontae ó 2016 agus bhí fear na Carraige ar dhuine de na cosantóirí is fearr sa tír i gcraobh na bliana seo.
Bhuaigh sé bonn uile-Éireann le mionúir Chiarraí in 2014 nuair a bhí ógánaigh an chontae faoi cheannas Jack O’Connor ó Ghaeltacht Uíbh Ráthaigh. Ba é O’Connor a bhí i bhfeighil ar fhoireann shinsir an chontae nuair a fuaireadar an ceann is fearr ar an nGaillimh chun an 38ú craobh a bhuachan don Ríocht, an ceathrú babhta ag fear na Dromada craobh na hÉireann a bhuachan mar bhainisteoir. Níorbh é Ó Beaglaoich an t-aon duine ó iarthar Duibhneach a bhí ar fhoireann Chiarraí i mbliana. Chuir Paul Geaney agus Tom O’Sullivan le stór bonn an Daingin chomh maith agus bhí Diarmuid Murphy, ón gcumann céanna, ar dhuine de roghnóirí na foirne.
Ní le Ciarraí amháin a bhuaigh fir na Gaeltachta boinn uile-Éireann. Leis an nGaillimh a bhí Micheál Feiritéar
ó Chathair Caoin nuair a bhuaigh siad cluiche ceannais na hÉireann i 1934 agus bhí Seosamh Mac Gearailt ó Bhaile na nGall ina chaptaen ar fhoireann Átha Cliath a bhuaigh craobh na hÉireann i 1942.
50 bonn na Gaeltachta
Seosamh Ó Súilleabháin
(Baile an Ghóilín) 1929, 1930, 1931, 1932
Micheál Feiritéar
(Cathair Caoin) 1934 leis an nGaillimh
Seosamh Mac Gearailt
(Baile na nGall) captaen 1942 (le hÁth Cliath)
Dómhnall Ó Caomhánaigh
(Dún Chaoin) 1946
Batt Ó Gairbhia
(Baile a’ Chóta) 1946
Breandán Ó Séaghdha
(Clais) 1953
Micheál Ó Murchú
(Ráth Fhionáin) 1955
Tomás Ó Lubhaing
(Cill na gColmán) 1959 & 1962
Séamus Mac Gearailt
(Baile an Mhórdhaigh) 1969 & 1970
Micheál Ó Séaghdha
(Ard na Caithne) 1969 & 1970
Páidí Ó Sé
(Ard a’ Bhóthair) 1975, 1978, 1979, 1980, 1981, 1984, 1985 (C), 1986
Seán Ó Luing
(Fán) 1975
Dara Ó Cinnéide
(Baile na hAbha) 1997, 2000, 2004 (C)
Darragh Ó Sé
(Ard a’ Bhóthair) 1997, 2000, 2004, 2006, 2007, 2009
Tomás Ó Sé
(Ard a’ Bhóthair) 2000, 2004, 2006, 2007, 2009
Aodán Mac Gearailt
(An Charraig) 2000, 2006
Marc Ó Sé
(Ard a’ Bhóthair) 2004, 2006, 2007, 2009, 2014
Rónán Ó Flatharta
(Tíorabháin) 2004, 2006, 2007
Brian Ó Beaglaoich
(An Charraig) 2022