Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
ciarrai-ar-ais-i-gcluiche-ceannais-na-heireann-agus-ath-claith-cloite-faoi-dheireadh-acu

Ciarraí ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann agus Áth Claith cloíte faoi dheireadh acu

Ciarraí 1-14 Áth Cliath 1-13

Tá Áth Cliath curtha díobh ag Ciarraí faoi dheireadh agus iad ar ais i gcluiche ceannais na hÉireann. Ba é Seán O’Shea laoch na Ríochta agus an cluiche leathcheannais buaite aige le cic saor dochreidte agus an t-am istigh.

Rinne Áth Cliath teacht aniar iontach sa dara leath ach rinne Ciarraí an-deacair dóibh féin é. Díreofar ar céard a chuaigh mícheart sna laethanta romhainn roimh an cluiche ceannais in aghaidh na Gaillimhe, ach níl e déanamh ag Ciarraí agus a lucht leanta na foirne anocht ach sásamh a bhaint as fir na príomhchathrach a chloí.

Cluiche lán le teannas, lán le fisiciúlacht agus lán le botúin a bhí ann. B’fhéidir go raibh caighdeán na peile níos fearr i gcoimhlintí eile idir na foirne le deich mbliana anuas ach ní fhéadfaí an ceann seo a shárú ó thaobh dráma.

Scríobh Dara Ó Cinnéide ar an suíomh seo ar maidin go bhfaighfí  léargas ar threo an chluiche in imirt Sheáin Uí Shé agus bhí an ceart ar fad ag an gCinnéideach. Nuair a bhí Ciarraí go maith, bhí O’Shea go maith. Nuair a bhí ag teip ar fhear an Neidín, bhí ag teip ar Chiarraí.

Níor chuir Ciarraí tús iontach le haon chluiche go dtí seo sa chraobh ach bhí O’Shea lárnach sa tús spleodrach a chur siad leis an gceann seo. Ba é a d’aimsigh an chéad phointe dá fhoireann théis 90 soicind, freagra ar cheann ó Lee Gannon Átha Cliath, agus bhí an liathróid san eangach ag O’Shea théis seacht nóiméad.

Bhí an leatosach sáinnithe gar don líne chúil nuair a fuair sé pas mór fada ó David Moran i lár na páirce. Bhí Eoin Murchan idir é agus an cúl ach, ar chúis éigin, rith Murchan amach chun Ciarraíoch eile a mharcáil, rud a thug spás do O’Shea gearradh isteach, dul timpeall ar Evan Comerford agus an liathróid a bhá go híseal isteach sa chúl.

D’fhág an scór sin go raibh Ciarraí dhá phointe chun tosaigh, 1-2 in aghaidh 0-4, agus bhí bearna de cheithre phointe idir na foirne go luath ina dhiaidh sin a bhuí le pointí ó Tom O’Sullivan agus David Clifford.

Eoin Murchan ag screadaíl chun David Clifford a chur dá bhuille. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

D’uireasa Con O’Callaghan sa líne lántosach, bhí Áth Cliath gan sprioc acu i measc na dtosaithe agus mar bharr ar an donas chuir na fir a bhí ann iarrachtaí go leor amú. Bhí Ciarán Kilkenny istigh sa líne lántosach in áit fhear Chuala ach is beag dul chun cinn a rinne sé. Trí cinn d’iarrachtaí ón imirt a bhí ag Kilkenny, Cormac Costello agus Dean Rock sa chéad leath agus cuireadh amú an uile seans acu.

Ar an taobh eile, ní raibh Áth Cliath in ann ag David Clifford. Bhí sé ag déanamh scrios ar líne lánchúil Átha Cliath agus cúig phointe a fuair sé sa chéad 35 nóiméad.

Cúig cinn de phointí a bhí idir na foirne ag leath ama, 1-8 in aghaidh 0-6, ach ba cheart go mbeadh Ciarraí a thuilleadh chun cinn. Bhí deis iontach ag O’Shea bearna mhór a chur idir na foirne nuair a bronnadh cic éirice ar Chiarraí théis 30 nóiméad nuair a rinneadh feall ar Gavin White os comhair an chúil.

Bhí Áth Cliath fear gann ag an am agus John Small curtha den pháirc le cárta dubh agus nuair a bronnadh an cic, thit cúl báire na foirne, Evan Comerford, go talamh agus an chuma ar an scéal gur ag meilt ama a bhí sé.  Fiú má chur an briseadh isteach ar Sheán O’Shea, droch-iarracht amach agus amach a bhí sa chic éirice agus sábháil Comerford go héasca é. Bhí an cúl báire ina chnap arís nuair a bhuail O’Shea cic trí thimpiste air agus nuair a d’éirigh an cúl báire faoi dheireadh bhí a fhoireann fós sa chluiche.

Scliúchas sa chearnóg tar éis shabháil Evan Comerford. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Nuair a chuir David Clifford sé phointe idir na foirne go luath sa dara leath, bhí an chosúlacht ann go ndéanfaí dearmad ar theip Uí Shé ach ní raibh Áth Cliath sásta géilleadh. Tá scata bonn uile-Éirinn buaite ag cuid d’fhoireann Dessie Farrell agus bhí an taithí sin le feiceáil sa teacht aniar a rinne siad agus scaoll ag teacht ar chuid d’fhir Chiarraí.

Tugadh Paddy Small isteach sa líne lántosaithe luath sa dara leath, rud a thug cead do Chiarán Kilkenny bogadh amach go dtí an daichead slat. D’éirigh go hiontach leis an athrú.

Tháinig Áth Cliath ar ais sa choimhlint nuair a fuair Cormac Costello cúl iontach théis 44 nóiméad. Cuireadh tús leis an ngluaiseacht nuair a chaill David Moran seilbh na liathróide go bog ar an taobh eile den pháirc. Bhí Costello uafásach sa chéad leath agus an t-ádh glan air nár baineadh amach é ach léirigh sé a chumas leis an gcúl nuair a bhuail sé an liathróid díreach sa chúinne aige.

Bhí an brú ollmhór ag teacht ar Chiarraí faoin am sin agus bhí a cheann ina lámha ag David Clifford díreach ina dhiaidh sin nuair a chuir sé iarracht nuair a bhí scór ag teastáil go géar. Bhí David Byrne tagtha chun páirce d’Áth Cliath ag an bpointe seo chun tabhairt faoi Clifford agus chaithfeá rá go ndearna sé jab maith.

Cormac Costello ag ceiliúradh a chúil. Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Fuair Ciarán Kilkenny a chéad scór sa chluiche chun pointe amháin a chur idir na foirne, 1-10 in aghaidh 1-9, agus 25 nóiméad fágtha ach, má bhí Clifford amháin á choinneáil faoi chois, thosaigh an ceann eile ag bláthú. Scóráil Paudie Clifford dhá phointe díreach nuair a bhí siad ag teastáil chun cúrsaí a shocrú beagáinín.

Ní raibh deireadh déanta ag Áth Cliath, áfach. Scóráil na seanfhondúirí James McCarthy agus Ciarán Kilkenny dhá scór i bhfoisceacht cúpla soicind dá chéile chun aon phointe amháin a chur idir na foirne agus bhí siad cothrom, den chéad uair ón dara nóiméad, ag dul isteach in am cúitimh nuair a d’aimsigh Kilkenny an sprioc arís.

Sé nóiméad breise a fógraíodh agus bhí cúpla casadh eile sa scéal. Ghnóthaigh agus shlánaigh Seán O’Shea cic saor théis 73 nóiméad, an chéad rud a bhí déanta aige sa dara leath beagnach, ach d’fhág cic saor eile ó Dean Rock go raibh na foirne cothrom arís.

Agus an chuma ar an scéal go mbeadh am breise ag teastáil, b’sheo chugainn O’Shea arís. Is beag duine a bhacfadh tabhairt faoi na postaí ón áit a bhí sé – 55 méadar ó chúl Átha Cliath agus an ghaoth ag séideadh díreach isteach ina aghaidh. Thug O’Shea an cúram air féin agus lasc sé cic i dtreo na bpostaí. Bhraith sé gur thóg sé tamall fada ar an liathróid an sprioc a bhaint amach ach ghlan sí an trasnán go héasca agus bhí Ciarraí ag ceiliúradh bua in aghaidh Átha Cliath sa chraobh den chéad uair ó 2009.

Áth Cliath: E Comerford; E Murchan, M Fitzsimons, L Gannon (0-1); J Small (0-1), J Cooper, J McCarthy (0-2); B Fenton (0-1), T Lahiff; S Bugler (0-1), B Howard (0-1), C Kilkenny (0-3); C Costello (1-0), D Rock (0-3 ó chiceanna saora), L O’Dell. Fir Ionaid: P Small (0-1) in áit O’Dell (39 nóim), D Byrne in áit Cooper (41 nóim), A Spillane in áit Moran (51 nóim), S McMahon in áit Murcha (56 nóim), N Scully in áit Howard (61 nóim), C Murphy in áit Fitzsimons (70+1 nóim),

Ciarraí: S Ryan; G O’Sullivan, J Foley, T O’Sullivan (0-1); B Ó Beaglaoich, T Morley, G White; D Moran, J Barry; D O’Connor, S O’Shea (1-4, 0-2 ó chiceanna saora), S O’Brien; P Clifford (0-2), D Clifford (0-6, 0-1 ó chic saor, 0-1 ó mharc), P Geaney . Fir Ionaid: D Moynihan in áit O’Brien (40 nóim), K Spillane in áit Geaney (40 nóim), P Murphy in áit G O’Sullivan (61 nóim), J O’Connor in áit White (65 nóim),

Réiteoir: Paddy Neilan.

Níos mó