Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta

D’ísligh Boris an caighdeán, ní mór é a ardú arís

| Dáithí Anraí |

Concubhar Ó Liatháin

Nach ait an mac an saol – agus nach aite fós an mac é Boris Johnson, an fear a bhí i dtús cadhnaíochta sa bhfeachtas chun an Bhreatain a thabhairt amach ón Aontas Eorpach anois iompaithe ina ‘remainer’- nó ina ‘remoaner’ go deimhin – agus gan fonn air Uimhir 10 Sráid Downing a fhágaint.

Cé go bhfuil an cinneadh déanta, níl fonn air fágaint. Nach bhfuil a fhios agat, a Bhoris: ‘Leave means leave!’

Gabh mo phardún as an racht míbhéasach sin cé gur dóigh liom féin go bhfuil sé chomh béasach agus a d’fhéadfaí a bheith ag súil leis tar éis a bhfuil de thrioblóid is de chrá croí curtha ag Boris orainne le seacht mbliana anuas, ón am gur thosnaigh feachtas an Bhreatimeachta in 2015.

Níl áireamh ar an achrann agus ar an anró atá ardaithe ag an ainniseoir aisteach ardnósach seo. Roimh 2015 ba cheap magaidh é againn, an Sasanach scoth-aicmeach, a chuaigh ‘suas’ go hEton is Oxford is a rinne go leor rudaí gáirsiúla agus é in ainm is a bheidh ag cur oideachas air féin. Nach cuimhin linn an fear úd agus é ag crochadh go neamhornáideach ar ziplíne sa spéir ós cionn Londan agus bratach a thíre á croitheadh aige go leanbaí?

Bhí sé sa chinniúint go dtoghfaí é ina cheannaire ar na Tóraithe, páirtí a thuill a leasainm míchlúiteach go maith mar gurb ionann tóraí agus gadaí, ach is córas toghcháin as dáta na Breataine a thug go hUimhir 10 Sráid Downing é. Ar a shlí níor staon sé ón gcalaois ná ón mídhílseacht – chaith sé ceannaire a pháirtí is a Phríomh-Aire faoin mbus, an fheithicil chéanna ar bhain sé feidhm aisti chun an dubh a chur ina gheal ar phobal na Breataine leis an dteachtaireacht: ‘We send the EU £350m a week, let’s spend it on the NHS instead! Vote Leave!’.

Tá go leor eile imithe faoi rothaí an bhus chéanna – Dominic Cummings, Michael Gove, bean chéile nó beirt, David Davis, David Frost, iliomad statseirbhíseach a rinne iarracht fhánach comhairle a chur air, an DUP faoi dhó (ar a laghad!) agus ní fheadar an mó duine eile. Thug Larry, cat Uimhir 10 Sráid Downing, na cosa leis agus is dócha gur féidir gur úsáid sé beatha nó beirt chun teacht slán.

Ritheann sé liom agus na focail ag teacht uaim le sruth go bhfuil go leor ar eolas ag an ngnáthdhuine faoi Bhoris Johnson. Táimid go mór faoi anáil na mBriotanach ós rud é gur iarchoilíneacht cuid is mó den oileán agus, bhuel, tá mí-Rialtas na Breataine fós i réim sna sé chontae. Aithnímid an chiaróg seo gan amhras mar tá go leor ciaróga den bpór céanna inár measc – ní raibh siad chomh mór sin mar ní raibh an timpeallacht saibhir a dhothain leis na mianraí riachtanacha chun iad a bheathú sa tír seo: sotal, aicmeachas, éirí in áirde, monarcacht, seanairgead agus airgead nua agus iad araon ag sárú a chéile.

Ní sin le rá nach bhféadfaimis Boris dár gcuid féin a chur sa ríchathaoir.  Is náisiúnach Sasanach é Boris agus creideann sé ina thír féin – bheadh sin maith go leor ach is cuid é an t-impiriúlachas d’oidhreacht ársa na Sasanach agus fágann sin gur beag a mheas ar aislingí is tosaíochtaí tíortha eile, fiú tíortha a chomharsanachta.

Is beag a mheas freisin ar a laoch, Winston Churchill, duine a rinne sléacht le Gorta san Ind cé go dtugtar chun cuimhne é i Sasana mar gheall ar a cheannaireacht chróga le linn an Dara Cogadh Domhanda. Mar gheall air sin agus an chosaint a thug an Bhreatain don Eoraip nuair a bhí Hitler agus na Naitsithe ag iarraidh forlámhas domhanda a bhaint amach don ‘mháistirchine’, bhí Churchill go mór ar son bhunú an Aontais Eorpaigh mar chosaint in éadan fhás na gCumannach.  Bhí sé go mór ar son Chairt Eorpach na gCeart Daonna freisin – rud atá faoi ionsaí anois ag Rialtas Bhoris Johnson.

Tá líne atá geall leis dofheicthe idir tírghrá agus náisiúnachas thar fóir agus is é an rud a shamhlaím gur thárla le Boris agus, gan amhras, Donald Trump agus leithéidí Javier Bolsanaro is Victor Orban is Vladimir Putin, ná gur mheall an taobh eile iad mar ba é sin an chonair chun na cumhachta. Is amhlaidh go dtaithníonn sé leis an gcosmhuintir nuair a thosnaítear ag caint faoi thírghrá agus le gaoth a dtacaíochta sa seol, is furaist dul ar strae agus an líne thanaí sin a thrasnú. Fán am a bhfuil a fhios agat cad atá tarluithe, tá an slua ar fad, ceannairí is eile, ar an dtaobh mícheart den líne agus, ansan, bhuel, chonaiceamar cad a thárla in Washington an Eanáir 6, 2021.

Tá Boris fós i Sráid Downing agus é ag beartú go seiftiúil, glacaim leis, conas tionchar a imirt ar a thodhchaí agus, cá bhfios, bealach ar ais go ríchathaoir na cumhachta a rianú. Bíodh is go bhfaighimid sos uaidh, níl aon chinnteacht ann nach mbeidh a chomharba chomh míréasúnta céanna. Is galar é an náisiúnachas tréan, ar nós Covid Fada. Ní gá go scaoilfeadh sé greim tar éis go bhfuil ráig amháin curtha de dhroim seoil agus ní fios ach go mbeidh athraitheach a bheidh níos nimhní arís agus ar bhealach éagsúil ag teacht sna sála air.

An rud is measa faoi Bhoris Johnson agus an pholaitíocht a luaim leis, sinn-féineachas (is comhtharlúint thaismeach é go bhfuil cosúlacht idir sin agus ainm páirtí polaitiúil in Éirinn) ná gur shearbhaigh sé an díospóireacht phoiblí.  D’éirigh leis é a féin a chur in airde trína lucht tacaíochta a thabhairt anuas.  Deirtear faoi cheannairí áirithe agus iad imithe uainn gur ardaigh sé – nó sí – sinn. A mhalairt glan an scéal le Boris. D’ísligh sé sinn, fiú sinne anseo in Éirinn, agus an dúshlán anois ná talamh cothrom cóir a bhaint amach in athuair.

Níos mó