Tá creideamh láidir i measc an phobail gur chóir do na rialtais ó thuaidh agus ó dheas tuilleadh maoinithe a chaitheamh ar sheirbhísí i nGaeilge don óige léirithe i bpobalbhreith nua.
De réir an tsuirbhé náisiúnta, a rinne an comhlacht taighde margaíochta Kantar do Chonradh na Gaeilge, mheas beirt agus gach triúr ó dheas agus beirt as gach cúigear ó thuaidh gur cheart don stát níos mó a dhéanamh chun deiseanna a thabhairt do dhaoine óga an Ghaeilge a úsáid.
66% den phobal ó dheas a d’aontaigh gur cheart don Rialtas níos mó tacaíochta a chur ar fáil do ghrúpaí le seirbhísí óige trí Ghaeilge a fhorbairt. Dúirt 21% nár aontaigh siad leis an ráiteas sin agus níor léirigh 13% aon tuairim.
I dTuaisceart Éireann, 40% a bhí ar son an ráitis agus 32% a mheas nach raibh gá le tuilleadh maoinithe a thabhairt do sheirbhísí óige trí Ghaeilge.
Dúirt Síomha Ní Ruairc, Comhordaitheoir Óige le Conradh na Gaeilge, go raibh gá le seirbhísí breise a chur ar fáil chun úsáid na Gaeilge a spreagadh i measc daoine óga lasmuigh den chóras oideachais.
“Tá tacaíocht thar a bheith láidir againn ó dheas agus ó thuaidh chun go mbeadh tuilleadh tacaíochta ar fáil do dhaoine óga agus do sheirbhísí do dhaoine óga trí Ghaeilge,” a dúirt sí.
“De réir mar a fheiceann muid, cuidíonn na seirbhísí seo go mór lenár ndaoine óga an Ghaeilge a úsáid taobh amuigh den seomra ranga agus in go leor samplaí baineann an obair óige le hobair phobail, ag cuidiú le daoine óga le ceisteanna forbartha muiníne, le scileanna sóisialta agus le sláinte mheabhrach, go háirithe sna ceantair sin atá go mór faoi mhíbhuntáiste.”
Tá sraithscéalta faoi phríomhthorthaí phobalbhreith náisiúnta Kantar do Chonradh na Gaeilge á foilsiú go heisiach ag Tuairisc an tseachtain seo.
Roghnaíodh 2,051 duine don suirbhé ar bhonn eolaíoch trí ‘shrianta cuóta’ a leagadh síos le go mbeifí ionadaíoch ar phróifíl an daonra agus cuireadh san áireamh ‘claonadh reiligiúin’ ó thuaidh. Bhí roinnt chothrom ar lucht an tsuirbhé, leath acu ó thuaidh den teorainn agus an leath eile ó dheas di. Corrlach earráide de +/- 3.1% a bheadh i gceist le suirbhé ar an scála seo.