Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
ta-an-sorcas-tagtha-go-dti-an-ghaeltacht-agus-gaeilge-liofa-ag-an-gcro-mhaistreas!

Tá an sorcas tagtha go dtí an Ghaeltacht agus Gaeilge líofa ag an gcró-mháistreás!

| Ciaran O Cualain | ,

Tá rud éigin faoi ollphuball feistithe ar thaobh an bhóthair a mhúsclaíonn spéis agus fiosracht sa duine, is cuma cén aois iad. Bíonn tairngir ag baint leis an ollphuball céanna má bhíonn carbháin ildaite lucht an tsorcais bailithe ina thimpeall. Bíonn súil le himeachtaí gan choinne taobh istigh; bíonn súil leis an mistéir, an draíocht is an spraoi.

Is minic an sorcas in úsáid sa litríocht agus i scannáin. Ba iad lucht an tsorcais a mheall Pinocchio ag  tús an scéil sin faoin mbuachaillín a chruthaíodh as adhmad i dTuscáin na hIodáile,  agus d’úsáid an stiúrthóir scannán as an Iodáil Fellini an sorcas go minic ina shaothar. ‘The Carnival by the Sea’ a thug an scríbhneoir Meiriceánach F Scott Fitzgerald ar an saol ab ansa leis.

Le seachtain anuas bhí an scéal amuigh i gceantar Chois Fharraige, i gConamara, go raibh an sorcas ar an mbealach mar bhí na póstaeir do Circus Gerbola le feiceáil go fairsing. Tá eolas ar Circus idirnáisiúnta Gerbola  sa gceantar le roinnt mhaith blianta mar ba mhinic dóibh seal a chaitheamh cois farraige chuile shamhradh i ngarraí in aice le Trá na mBan ar an taobh thoir den Spidéal. Ba dhíol suntais a bhí sna póstaeir an tráth seo mar is i nGaeilge a bhí an t-eolas uilig orthu.

Is ar chúl Scoil Náisiúnta Cholmcille ar An Tulaigh (díreach trasna an bhóthair ó cheannárais TG4 agus Fíbín) atá Circus Gerbola lonnaithe an tseachtain seo, cois locha in ionad cois farraige, agus iad ar camchuairt timpeall na tíre ón earrach seo caite.

Déanadh muid dearmad ar an litríocht is ar na scannáin anois agus tabharfaidh muid cuairt ar an bhfíorshorcas agus ar ealaíontóirí an Phubaill Mhóir! Chomh luath is a shiúltar isteach sa bPuball Mór sin, is i ndomhan eile atá muid – na soilse, an ceol, an féar faoi na cosa, an flas candaí, fáinne an tsorcais folamh is na daoine ag feitheamh.

Is í Síle Ní Riain, ina hata ard agus lena cuid Gaeilge líofa, atá mar mháistreás an tsorcais agus cuireann sí go mór leis an ócáid ó thús go deireadh. Is múinteoir  agus ceoltóir í Síle agus tá sí fostaithe go speisialta ag Circus Gerbola dá dtréimhse i nGaeltacht Chonamara. Is fiú a lua gur i nGaeilge atá na fógraí priontáilte don lucht féachana.     

De réir an traidisiúin, is áilteoir a chuireann tús le himeachtaí  an tsorcais agus is amhlaidh atá le Circus Gerbola agus Mikey Gerbola ag baint gáire as an slua mór a bhí i láthair. 

Is cuimhin le roinnt daoine go mbíodh méid beag ainmhithe mar chuid den sorcas a bhíodh sa Spidéal scór bliain ó shin, ach ní bhíonn aon ainmhí in úsáid ag aon sorcas sa tír seo  a thuilleadh. Na laethanta seo fágtar é faoi na taibheoirí daonna an anáil a bhaint  den lucht féachana.

Na Deartháireacha Cordoba as an gColóim, mar shampla, ag siúl, ag rothaíocht is ag luascadh ar chathaoir ar an tsreang ard. Mura gcuireann sin iontas ort, fan go bhfeicfidh tú iad ar na gluaisrothair taobh istigh den sféar mór miotail!

As an Chirgeastáin do Nikita agus Amir, iad aclaí agus luafar, bíodh siad ag lámhchleasaíocht nó ag luascadh go hard san aer is iad i ngreim ar iallacha fada atá ag crochadh ó dhíon an Ollphubaill.

Seo chugainn bean Mheicsiceo – Yasbel – ar an maide luascáin. Is minic an ealaín seo feicthe ar an teilifís nó sa bpictiúrlann, ach ní hionann sin is a bheith ag breathnú ar an taibheoir díreach os do chionn. ‘Oh my God!’ mar a dúirt cailín óg sa lucht  féachana go minic le linn an taispeántais úd.

Tá míreanna grinn sa seó freisin, an ceann is barrúla acu nuair a thugtar deis do dhaoine fásta sa lucht féachana iad féin a náiriú os comhair an tslua. 

Glacadh muid sos beag ón scleondar ar feadh píosa go gcloisimid faoi stair Circus Gerbola. Baineann Mikey Gerbola  – a bhunaigh Circus Gerbola in 2001 lena bhean Tara – leis an ochtú glúin de mhuintir Gerbola atá ag cur siamsaíochta ar fáil don phobal. Tá stair Mikey agus Tara fite fuaite le teaghlaigh cháiliúla eile sorcais agus siamsaíochta, amhail muintir Foote i Sasana agus muintir Fossett agus McFadden in Éirinn. Ba i bPuball Mór ar an stíl Iodálach a chuir Mikey agus Tara tús lena gcéad seónna i mBealtaine 2001 agus tá Circus Gerbola ar an mbóthar ó shin.

Ach tá máistreás an tsorcais ag fógairt, ní mór filleadh ar an seó! Treisíodh ar na  hiontais a bhí á gcur ar fáil sa dara leath den seó le Mariano agus Carla as an Airgintín agus iad ag rothlú ar roth an bháis nó an ‘Wheel of Death’. 

Ba léir go raibh na daoine fásta sa lucht féachana ag baint an oiread sásaimh as an sorcas is a bhí na gasúir. Ag breathnú in airde ar ealaíontóirí draíochtúla a bhíodar cuid mhaith den am, deacrachtaí an tsaoil díbeartha ar feadh tamaillín. 

Nuair a scaoileadh an eangach mhór shábháilteachta os cionn urlár an phubaill ag druidim le críoch an tseó, bhí chuile dhuine ag faire go tnúthánach. Faoi dheireadh, seo amach leo os cionn an tslua – na Flying Hellboys (bean agus beirt fhear) as an Airgintín is as an mBrasaíl – ar an luascán eitilte.  Ba iad a bhain béicíl, uspóga is cneadaíl as an lucht féachana! Agus ba iad a chuir barr smaise ar imeachtaí na hoíche.  

Amach le chuile dhuine faoin mbáisteach. Ach ba chuma faoi sin.

Más léirmheas gonta atá uaibh, fág faoi na gasúir é: an cailín óg sin lena  ‘Oh my God’ go rialta i rith an tseó agus an buachaill óg ag fiafraí dá athair is iad ag fágáil an Phubaill Mhóir ar cheap sé go raibh aon seans ann go mbeadh an sorcas ann arís.

Beidh Circus Gerbola ar an Tulaigh go hoíche Dé Domhnaigh an 21 Lúnasa. Maireann an seó thart ar dhá uair an chloig. Tá chuile eolas ar fáil ar an ngréasán circusgerbola.ie. 

‘Roll up! Roll Up!’ Tá an sorcas ar an mbaile. Bainigí sult as!

Níos mó