Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
20-ocaid-ghaelach-d’oiche-chultuir-2022

20 Ócáid Ghaelach d’Oíche Chultúir 2022

Tá cleachtadh againn le sé bliana déag ar an Oíche Chultúir a thugann deis dúinn blaiseadh a fháil de shaol, gnásanna, craic agus éirim an phobail sa tír seo. I mbliana tá os cionn 1000 imeacht ar siúl nach bhfuil cent rua le n-íoc le sásamh a bhaint astu.

Ar ndóigh tá imeachtaí go leor ar siúl nach bhfuil le feiceáil sa gclár oifigiúil ach seo mo sciuirdín-sa ar chuid d’imeachtaí na Gaeltachta.

Tosóidh mé gar don bhaile anseo i gConamara ag a 7.00 pm ag ceolchoirm a bheidh ar siúl ar an gCeathrú Rua i Scoil Chuimsitheach Chiaráin mar a seolfar dlúthdhiosca ‘Ag Ardú Seolta’ de cheol nua-chumtha na ndaltaí. Is cinnte go mbeidh ardcheol ann agus ceoltóir cumasach Thuar Mhic Éadaigh, Seona Ní Mháille, ar an stiúir.

Soir liom Cois Fharraige go Seanscoil Salerna mar a mbeidh an t-amhránaí as Inis Oírr, Lasairfhíona Ní Chonaola ag múineadh na n-amhrán ó 3.30pm.

Nár bhreá a bheith in Inis Oírr ag an oíche mhór pléaráca agus damhsa atá eagraithe acu agus ní bheidh call duit an teach a fhágáil mar beidh na himeachtaí ar fáil ar chainéal meán sóisialta Áras Éanna. Tá ceiliúradh breá acu ar cheol na mban agus má bhíonn an aimsir in araíocht gabhfaidh siad thart ag ceol sna tithe agus ag damhsa ag ‘An Leic’. Ní easpa craga a bheidh orthu!

Soir linn trasna na tíre agus ar ndóigh beidh neart den chultúr le fáil i Ráth Chairn glas na Mí. Ag 5.30 beidh an tAifreann á rá i dteach an phobail. Ag 6.30 damhsa a bheidh á mhúineadh i Halla Ghib d’óg is aosta agus ní fhágfar tart ná ocras ort.

Má bhíonn na cosa tuirseach múinfidh Aindriú Ó Cearbhaill agus Diarmaid Ó hAlmhain caoladóireacht duit sa mBradán Feasa ag 7.30. Agus beidh ceolchoirm mhór ansin níos déanaí agus lán leoraí de scoth na bhfonnadóirí agus na gceoltóirí ann.

Níos gaire do chathair na Gaillimhe tabharfaidh Pádhraic Ó Fathaigh ar shiúlóid thart ar Ghaeltacht Mhionlaigh muid agus léifidh an t-aisteoir Eoin Mac Diarmada sleachta as saothar fhear na háite, Tomás Laighléis. Beidh oíche airneáin ansin sa teachín ceann tuí.

In Acaill beidh Tráth na gCeist i dTigh Gielty i Dumha Acha ag 7:00in nó féadfaidh tú a ghabháil ar bhus timpeall an oileáin le ceoltóirí Acla.

I nGaeltacht faoi cheilt na príomhchathrach beidh oíche ghrinn dhátheangach i dteach ósta an Bohemian i mBaile Phib agus gealltar neart gáire dúinn.

I gCluain Dolcáin féadfaidh tú turas treoraithe a thabhairt ar Áras Chrónáin ag a 8.00pm agus a ghabháil ag damhsa seiteanna agus ag ceol ansin.

Tá féile mhór imeachtaí ar siúl ag muintir Thír Chonaill anocht. I gColáiste Aoidh Mhic Bhricne i dTeileann beidh ceolchoirm mhór.

Siamsaíocht, ceol is scéalaíocht a bheidh in Ionad Óige Ghaoth Dobhair ón 8-10pm.

Cuirfidh Comhaltas Ceoltóirí Fhánada, rince agus ceol ar fáil don phobal i bhFánaid.

I nDoire Cholmcille beidh Tráth na gCeist 16+ i gCultúrlann Uí Chanáin.

I mBéal Feirste cois cuain oíche cheoil a bheidh ag Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain.

Naomh Gobnait agus an cultúr a bhaineann léi a bheidh á ceiliúradh i dteach an phobail i mBaile Bhuirne. Turas Ghobnait ó chontae an Chláir go hInis Oírr go Baile Bhuirne atá á léiriú i bpictiúir ar churach agus priontaí a raibh fuinneog aoibhinn Harry Clarke mar inspioráid acu

Ní náire do mhuintir Mhúscraí ceiliúradh a dhéanamh ar oidhreacht cheoil an cheantair. Ar chuid den fhéasta, beidh daltaí Henry Cronin, Diarmuid Ó Meachair, buaiteoir Ghradam Ceoil Óg TG4, Conal Ó Gráda agus scannáin Nóta Stóta ‘Portraits of Wild Wisdoms’.

I nDaingean Uí Chúis ag a 5.00pm léireoidh Aisteoirí Bhréanainn dhá dhráma i ngairdíní aoibhne an Dísirt – ‘Caint sa Pháirc’ agus an dráma míme ‘An Bacach sa Pháirc’.

Ar Chléire beidh taispeántas grianghrafadóireacht ar siúil ag Club Ceamara Chléire. Eagrófar ceardlanna grianghrafadóireacht agus ‘photoshop’. Beidh Gaeilge, Polainnis, Úcráinis agus teangacha uile an oileáin le cloisteáil ag an ócáid seo ag a 9.00pm.

Tá gach eolas faoi na himeachtaí, na hamanna agus an clárú le fáil anseo https://culturenight.ie/location/an-ghaeltacht/

Níos mó