Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
An Ghaeltacht
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
Seachtain na Gaeilge le Energia
An Chaint
Féilte
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
An Coimisinéir Teanga
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
an-bhfuil-an-iomarca-cluichi-le-n-imirt-ag-imreoiri-ail-na-mban?

An bhfuil an iomarca cluichí le n-imirt ag imreoirí AIL na mBan?

| jeff neville | ,

Mar is eol dúinn go léir faoin am seo, ní bheidh Éire ag imirt sa Chorn Domhanda Rugbaí a thosóidh i gceann trí seachtaine. Ach tharla go leor ón am a theip orthu cáiliú don chomórtas sin. Tháinig bainisteoir foirne nua isteach, chomh maith le foireann bainistíochta nua leis. D’imir go leor ban don fhoireann náisiúnta den chéad uair faoi stiúir McWilliams sna Sé Náisiún agus d’imir roinnt imreoirí eile d’Éirinn den chéad uair sa tSeapáin freisin. Turas stairiúil a bhí ann, mar ba é sin an chéad turas a bhí ag an bhfoireann sin. 

Tairgfear conarthaí d’imreoirí go luath, conarthaí atá chun an spórt sa tír seo a fheabhsú. Den chéad uair riamh, beidh imreoirí rugbaí na mban in ann a bheith ag imirt agus ag traenáil mar imreoirí gairmiúla lánaimseartha. Is léir go bhfuil céimeanna ollmhóra tugtha sa spórt. Ach tá roinnt fadhbanna fós ann.

Beidh sraith AIL na mBan ag tosú ar an Satharn agus tá sé le críochnú i mí na Nollag. An t-aon rud faoin struchtúr nua ná nach mbeidh imreoirí náisiúnta seachtar an taobh ar fáil dá gclub mar gheall go mbeidh siad ag imirt leis an bhfoireann náisiúnta. Críochnóidh an AIL i mí Nollag ionas go mbeidh deiseanna ag imreoirí imirt dá gcúigí roimh Chomórtas na Sé Náisiún. An bhfuil an iomarca cluichí le n-imirt ag na himreoirí sin? 

Beidh comórtas nua ag tosú tar éis na Nollag freisin, comórtas club idir-chúige, a dtarlóidh i rith Eanáir agus Feabhra. Ach imeoidh na himreoirí náisiúnta do na babhtaí deireanacha (beidh siad ag traenáil agus ag imirt le hÉirinn) agus críochnóidh na clubanna an comórtas gan na himreoirí seo. Beidh deis iontach ag na himreoirí a bheidh fágtha leis na clubanna, ach nach lagaíonn an struchtúr na clubanna?

Mar a luaigh mé, beidh conarthaí ar fáil d’imreoirí go luath. Ach tá go leor imreoirí ag imirt i Sasana faoi láthair nach bhfuil cinnte an mbeidh orthu bogadh abhaile faoi théarmaí na gconarthaí. Tá na himreoirí seo ag imirt sa tsraith English Premiership 15s faoi láthair, sraith atá níos láidre ná an AIL anseo in Éirinn. 

Ar cheart dóibh fanacht ansin ag imirt agus ag feabhsú nó teacht go hÉirinn chun imirt anseo? Má tá orthu teacht anseo, an mbeidh an traenáil go léir lonnaithe i mBaile Átha Cliath? Agus má tá, céard a tharlóidh sna clubanna faoin tuath nuair a fhágann a n-imreoirí?

Tá go leor ag tarlú i rugbaí na mban. Tairgfear conarthaí go luath. Tá struchtúr nua don AIL. Tá comórtas club nua ag tosú tar éis Nollag. Beidh comórtas na gcúigí ag tarlú roimh Chomórtas na Sé Náisiún. Ach an bhfuil an struchtúr inbhuanaithe? An bhfuil imreoirí sásta leis? An bhfuil na clubanna? Níl tionchar ag na himreoirí ar na cinntí seo mar níl páirt acu sa phróiseas. Níl aon duine ó AIL na mBan ar choiste na mban don IRFU. Ba cheart go mbeadh vóta acu ar struchtúr an tséasúir.

Is céimeanna maithe iad na cinn atá tógtha sa spórt. Ní féidir é sin a argóint. Ach caithfidh na céimeanna a bheith inbhuanaithe. Mura n-oibríonn an struchtúr nua, caithfear é a athrú go ceann leanúnach. Caithfear leas a bhaint as. Tá sé tuillte ag na himreoirí.

Níos mó