Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
ba-cheart-deileail-leis-an-eigeandail-aeraide-mar-a-dheilealamar-le-covid-19′

Ba cheart déileáil leis an éigeandáil aeráide mar a dhéileálamar le Covid-19′

| An Gael Glas | ,

Duine soineanta is ea an Gael Glas, ach ní féidir a rá nach bhfoghlaimím rudaí ó am go ham, agus bhí mé ag smaoineamh le déanaí ar cad ba cheart do ghníomhaithe aeráide a fhoghlaim ó Covid. Níl an phaindéim go hiomlán thart ar ndóigh, tá geimhreadh deacair amháin fós i ndán dúinn ar a laghad, ach tá an chuid is measa curtha dínn anois. Nílim ag rá gurb ionann an dá éigeandáil, ach is léir go bhfuil ceachtanna ann a chabhródh linn leis an obair a bheidh le déanamh chun aistriú tapa agus cóir a dhéanamh. 

Is breá linn go léir na listicles agus mar sin, seo iad cuid de na cosúlachtaí idir conas a dhéileálamar le Covid agus gur cheart dúinn déileáil leis an éigeandáil aeráide…

Tá an eolaíocht fíorthábhachtach agus ba cheart dúinn éisteacht leis na saineolaithe…

Bhí paindéim cosúil le Covid tuartha le fada an lá – is é seo an tríú coróinvíreas a d’aistrigh ó ainmhithe go daoine le fiche bliain anuas. Chomh luath le mí Feabhra 2020, bhí go leor ar eolas againn faoin ngalar nua- an baol, an víreas féin agus conas stad a chur leis. Tá tuar cruinn na saineolaithe ag teacht faoin tairngreacht maidir leis an éigeandáil aeráide chomh maith, agus ba cheart dúinn aird a thabhairt orthu.

…ach ní leor an teachtaireacht lom eolaíochta.

Cé go raibh scoth an eolais againn go han-luath i rith na paindéime, theip ar go leor tíortha éisteacht leis agus na moltaí a chur i bhfeidhm. Is féidir an locht a chur ar pholaiteoirí áirithe, agus ar an deighilt atá sa tsochaí, ach is léir nár labhair teachtaireacht na heolaíochta le croí an phobail. Feicimid an rud céanna sa ghéarchéim chomhshaoil- tuigeann an pobal na fadhbanna, tuigeann siad na réitigh fiú, ach tá bearna fós ann le líonadh – conas an saol sin ina bhfuil na réitigh mar chuid dár slí mhaireachtála a chruthú. Agus mar a dúirt mé cheana féin, ní dóigh liom go líonfaidh an eolaíocht amháin an bhearna sin.

Tá luas níos fearr ná foirfeacht.

Mar a dúirt Mike Ryan ón WHO. Ní fiú faic an réiteach is fearr a bheith agat má tá sé ródhéanach. Ar an drochuair, ní dóigh liom gur féidir an focal “práinn” a úsáid má táimid ag labhairt faoi fhreagra aeráide an domhain…

Ba cheart do gach tír tairbhe a bhaint as a buntáistí féin…

Bhí tíortha áirithe in ann tairbhe a bhaint as a gcóras polaitíochta féin (cosúil leis an tSín) nó as a mbuntáistí tíreolaíochta (an Astráil, an Téaváin agus chun stad sealadach a chur ar scaipeadh an víris. Beidh orainn é sin a dhéanamh lenár mbuntáistí aeráide (agus na míbhuntáistí a laghdú) – fuinneamh gaoithe agus seasmhacht soláthair bia in Éirinn mar shampla.

…ach tá réiteach domhanda ag teastáil

Níos mó ná Covid fiú, is ar scáth a chéile a mhairimid ó thaobh na haeráide de. Gach tír a chuaigh i dtreo an Zero Covid seachas an tSín, bhí orthu glacadh le fírinne an tsaoil – ní raibh siad in ann é a dhíothú go buan. Ní raibh an rogha ag go leor tíortha, Éire san áireamh, de bharr na gcinntí a rinne ár gcomharsana. I ndeireadh na dála éireoidh leis nó teipfidh ar ár n-iarrachtaí aeráide de bharr ár gcomhoibrithe domhanda.

Is é an pobal croílár réiteach na faidhb

Má fhéachaimid ar na híobairtí a rinne an pobal le linn na dtréimhsí dianghlasála, ní bheimis in ann iad a dhéanamh gan tacaíocht agus cabhair ár ngaolta agus ár gcairde. Beidh an meon céanna ag teastáil sna blianta amach romhainn agus sinn ag déileáil le na tionchair aeráide. Caithfear a pobal a nascadh le chéile chomh dlúth agus is féidir, go háitiúil, go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, ionas go mbeimid in ann tacú le chéile. Gan dabht, chuir creimeadh an mheoin pobail go mór leis na deacrachtaí a bhí i dtíortha cosúil leis na Stáit Aontaithe le linn Covid19.

Tuigeann daoine an fhadhb agus tá beagnach gach éinne sásta an obair a dhéanamh.

Ghlac an pobal leis na tréimhsí dianghlasála, ghlac níos mó ná 90% leis na vacsaíní, d’athraíomar go léir ár saoil agus ár slite maireachtála beagnach thar oíche. Is féidir linn é a dhéanamh arís.

Ach caithfimid bheith réidh leis na séantóirí

Ní raibh gach éinne sásta le cinntí an rialtais agus NPHET gan dabht – polaiteoirí mallaithe, dochtúirí a bhí sásta a gcuid tuairimí aineolacha a chur chun cinn sna meáin, agus an dream go hard ar an eite dheis. Tharraing siad aird agus rinne siad comhcheangail le chéile. Déanfaidh grúpaí mar seo iarrachtaí arís agus an éigeandáil aeráide ag dul in olcas – tá sé ag tarlú cheana féin, chun an fhírinne a rá. Go háirithe grúpaí agus polaiteoirí atá siar ar an eite dheis, beidh siad ag súil leis an éigeandáil aeráide a úsáid chun daoine a mhealladh chuig a bpolasaithe lofa féin – is cuma leo faoin gcomhshaol i ndáiríre, seachas mar ábhar chun cuma chéille a chur orthu féin.

Caithfimid gach aon deis a thapú

Níor stad gach tír agus gach cathair ag smaoineamh ar an éigeandáil aeráide le linn na paindéime. I gcás Paris mar shampla, tapaíodh an deis bealaí rothar a chruthú ar fud na cathrach nuair a bhí na bóithre tréigthe, agus tá athrú suntasach anois ar Chathair an Ghrá dá réir. As seo amach, ba cheart an aeráid a bheith mar chuid de gach cinneadh rialtais, agus gach cinneadh pearsanta agus an cheist a chur i gcónaí – an féidir buntáistí aeráide níos fearr a bhaint amach?

Má chuirimid sláinte an phobail i dtús áite, beidh réiteach cóir agus domhan níos fearr le fáil…ní gá an bhéim a chur ar íobairtí an t-am go léir.

Bhí straitéis amháin i gcoitinne ag gach aon tír a rinne éacht i rith Covid19 – chuir siad sláinte an phobail i dtús áite. Ní hé sin a rá nach raibh spéis acu i gcúrsaí eacnamaíocht nó gnó, ach gur thuig siad go leanann an eacnamaíocht an tsláinte i gcónaí. Is féidir é sin a dhéanamh leis an éigeandáil aeráide díreach mar an gcéanna. Is léir ón bhfianaise go mbeadh sé níos saoire agus níos inghlactha dá gcuirfí an tsláinte mar chroí ár gcinntí aeráide. Ní hamháin sin, ach bheadh na buntáistí sláinte le brath i bhfad níos tapúla ná na buntáistí aeráide. Is cuimhin linn go léir an t-aer glan i rith an chéad dhianghlasáil agus na sráideanna folmha a raibh leanaí in ann siúl agus rothaíocht orthu go slán sábháilte. Is féidir linn go léir domhan agus saol níos fearr agus níos folláine a shamhlú – sin an chéad chéim. Ní gá anois ach é a chruthú.

Sin iad! Beidh do thuairimí féin agat faoi agus ba bhreá liom iad a chloisteáil – ní hamháin toisc go gcaithfidh mé caint a thabhairt ar an ábhar seo go luath, ach de bharr an ardmheasa atá agam ort, a léitheoir uasail…

Níos mó