Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
chiarlom-me-mo-line-bhicini-sa-bhaile-–-seo-mar-a-d’eirigh-liom

Chiarlom mé mo líne bhicíní sa bhaile – seo mar a d’éirigh liom

| Aedin Ni Thiarnaigh | ,

Is dóigh gur bean as an ngnách a bhí ionam go dtí le fíordhéanaí, agus 26 bliain caite agam ar an saol seo, gan ciarlomadh bicíní faighte agam riamh. 

Tuigim ó mo chompánaigh ban gur gnách an rud é cuairt rialta a thabhairt ar an salón; do bhrístíní a bhaint díot, do chosa a chur in airde agus ligean do bhean an tsalóin céir the a smálú ar an gcuid is soghonta ded’ cholainn, ar a leagann sí stiallacha a stróiceann sí léi go tobann pianmhar; do chuid gruaige agus dínite á mbaint leo. 

De réir mo thuisceana, íocann mná airgead mór ar an gcéasadh seo.  

Mar a deirim, ní raibh an chuairt phianmhar seo mar chuid de mo nósanna cóirithe féin. Ina hionad, d’úsáid mé rásúr nó uachtar gruaigdhíobhach don tasc agus d’éirigh réasúnta maith liom. 

Mar sin féin, bhí mé fiosrach. Chaithfeadh go raibh cúis mhaith ann go raibh mná ag fulaingt tríd an deasghnáth pianmhar seo leis na mílte bliain. Má tá mná á gciarlomadh féin ó aimsir na Sean-Éigipte fiú, caithfidh go bhfuil buntáistí bainteach leis. An bhféadfadh sé go raibh mé ag cailleadh amach? 

Bheartaigh mé ar é a thriail, ach ar é a thriail sa bhaile. N’fheadar fós ar shaonta nó ar chróga an cinneadh é, ach seo mar a d’éirigh liom. 

Na hullmhúcháin

Rinne mé mo chuid obair bhaile dar ndóigh. Léigh mé neart blaganna a raibh noda ‘déan agus ná déan’ i dtaobh ciarlomtha baile orthu agus d’fhéach mé ar roinnt físeáin ar YouTube. 

Céir siúcra a bhí faighte agam don tasc. De réir dealraimh, is lú péine a mbaineann léi ná an ghnáthchéir chiarlomtha agus is fearr é do do chraiceann agus don chomhshaol. Thaitin na gnéithe seo ar fad liom, ach le bheith fírinneach is é an phríomhchúis ar cheannaigh mé an chéir áirithe sin ná gurb é an t-aon rogha a bhí sa siopa. 

Tháinig treoracha soiléire in éindí leis an gcéir agus chruinnigh mé a raibh de dhíth; lóis choll virginiach,púdar tailc, an chéir féin, na stiallacha agus MISNEACH. 

Lean mé na treoracha agus chuir mé an próca céir sa mhicreathonnán ar feadh 40 soicind. Thóg mé liom é go dtí an seomra folctha, chuir mé an doras faoi ghlas agus chrom mé ar an obair. 

Bhí mo chraiceann scafa agam an lá roimh ré, mar a bhí molta ag na blaganna agus físeáin ar YouTube. Ansin ar lá cinniúna, ní raibh le déanamh ach é a ghlanadh le lóis choll virginiach. De réir mo chuid oibre bhaile, laghdaíonn sé seo an baol gruaige ionfhásta. Ina dhiaidh sin, chreath mé fliúrse púdar tailc orm féin. Cinntíonn sé seo go bhfuil an craiceann tirim agus go gcloífidh an chéir leis an ngruaig, seachas leis an gcraiceann. 

Bhí síos staighre anois mar a bheadh féasóg Dhaidí na Nollag, agus ghlac mé leis seo mar chomhartha go raibh na hullmhúcháin déanta agam mar ba cheart. 

Uair na cinniúna

Thástáil mé teocht na céarach ar mo rosta, bhí go maith, agus smál mé ruainnín céarach ar mo chraiceann leis cipín a tháinig mar chuid den bhfearas. Shlíoc mé an stiall anuas i gcomhthreo le fás mo ghruaige agus bhailigh mé mo mhisneach. 

Le mo lámh chlé, choinnigh mé an craiceann a theinne agus ab fhéidir. Le mo lámh dheis, stróic mé an stiall siar in aon tarraingt amháin. 

“OW!” 

Ach, féach! Iontas na n-iontas, bhí an ghruaig imithe ó mo chraiceann ina iomláine, na ribí anois ag cloí go géilliúil leis an gcéir. Tús maith, leath na hoibre. 

Bhí pian ann, cinnte. Mhaígh bean an YouTube nach mbeadh an phian ach ar leibhéal 3/10. Níor mhaith liom ‘bréagadóir’ a thabhairt uirthi, ach bheadh 5/10 níos cruinne. 

Choinnigh mé orm le cúpla stiall eile, mo mhisneach ag bailiú nirt. Sara i bhfad, bhí mo líne bhicíní ar thaobh na láimhe clé lom agus is mé a bhí bródúil. 

Rinne mé ar an taobh eile leis an bpróiseas céanna. An chéir a smálú, an stiall a shlíocadh, mo chraiceann a choinneáil teann agus 

“OWWWWWWWWW!” Chrom mé leis an bpian. 

Bhí roinnt céarach fágtha ar mo chraiceann agus níor éirigh liom an ghruaig a bhaint. Ach, níor chaill bean a mhisnigh riamh é.

Rud atá an-mhaith faoin gcéir shiúcra ná gur féidir é a ghlanadh go han-éasca le huisce te, murab ionann agus céaracha eile. Rinne mé amhlaidh, chreath mé neart púdar tailc ar mo chraiceann arís, agus thug mé faoin dara triail, mo chraiceann coinnithe i bhfad níos teinne agam an uair seo. 

“Phew!” 

D’éirigh liom. B’in barr an dá líne ar bharra mo leasracha anois ciarlomtha go néata. Mar sin féin, bhí tuairim agam go mbeadh sí níos dúshlánaí mar a d’imigh mé níos ísle. 

Bhí an ceart agam. 

OWWWWWWWWWWWWW!”

Tháinig deora le mo shúile, ghlan mé an chéir ó mo chraiceann, agus chaith mé an tuáille isteach. Bhí mo dhóthain agam. 

Iarchúram

Ghlan agus thriomaigh mé mo chraiceann go cúramach. Bhí sé rud beag dearg ach ní raibh an craiceann féin chomh pianmhar sin, murab ionann agus mar bhí cloiste agam ó mhná eile, a mbíodh siúl buachaill bó orthu i ndiaidh a gcuairte chun an tsalóin! 

Chuir mé orm briste scaoilte nach dteagmhódh leis mo chraiceann agus ar dul a chodladh dom an oíche sin, smál mé Sudocream ar na háiteanna dearga – nod a fuair mé ó chara liom a bhfuil seantaithí aici ar an gcéasadh ciarlomtha. 

Na torthaí

Don chéad chiarlomadh a bhí agam riamh, agus don chéad uair dom triail ar a dhéanamh dom féin, táim den tuairim gur éirigh go maith liom. D’éirigh liom an ghruaig a bhaint go héifeachtach ón gcuid sofheicthe dem líne bhicíní agus cé gur pianmhara i bhfad é ná an bearradh nó an t-uachtar gruaigdhíobhach, is lú baol go n-ionfhásaigh an ghruaig ná go dtiocfaidh gríos rásúir ar mo chraiceann. Thar a cheann sin, tá cuma i bhfad níos fearr ar mo chraiceann agus is moille a fhásfaidh an ghruaig an athuair. 

Bhí mé an-tógtha leis an táirge féin. D’úsáid mé an branda ‘Sugar Coated’, nach bhfuil ann ach meascán de shiúcra, uisce agus ola. Dá bhrí sin, níl sé dian ar an gcraiceann. Chomh maith leis sin, tá sé fíoréasca an chéir a ghlanadh ón gcraiceann agus ó na stiallacha, ar féidir a úsáid arís agus arís eile. Taitníonn sé seo go mór liom agus feictear dom gur fearr i bhfad é don timpeallacht ná na rásúir phlaisteacha a mbíodh in úsáid agam go dtí seo. 

Ar an iomlán, ba rathúil an turgnamh é agus ceapaim go n-éireoidh níos fearr fós liom an chéad uair eile. Tá rún agam cuid de na stiallacha a ghearradh ina stiallacha beaga do na háiteanna ar deacair teacht orthu. Sílim go rachaidh mé i dtaithí ar an bpróiseas agus go rachaidh mo chuid scileanna ciarlomtha i bhfeabhas. 

Mar a deir siad, cleachtadh a dhéanann máistreacht!

Táirgí a d’úsáid mé (a bhfuil fáil orthu i gcógaslanna timpeall na tíre)

Sugar Coated Bikini Hair Removal Kit (idir €11.00 agus €16.00)
Ultra Pure Witch Hazel Lotion (125ml thart ar €4.00)
Johnson’s Baby Powder (200g thart ar €2.00) 

Níos mó