Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
eilis-neary-ceaptha-ina-bainisteoir-ar-aontas-na-scribhneoiri

Éilis Neary ceaptha ina bainisteoir ar Aontas na Scríbhneoirí

| Maitiu O Coimin | ,

Is í Éilis Neary, as contae Shligigh, atá ceaptha ina bainisteoir ar an eagraíocht Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge. Beidh sí ina bainisteoir as seo go deireadh mhí Nollag na bliana seo agus an ról maoinithe don tréimhse sin ag Foras na Gaeilge. Tá sé i gceist ag Aontas na Scríbhneoirí “maoiniú leanúnach” a lorg don phost amach anseo. 

Tá Éilis ina ball den Aontas féin agus ghlac sí páirt i Scéim Meantóireachta Fhoras na Gaeilge i mbliana. Foilseoidh an teach foilsitheoireachta Ultach Éabhlóid a céad leabhar i mbliana – leabhar de pháistí a scríobh sí faoi stiúir an scríbhneora aitheanta Sadhbh Devlin. D’oibrigh Éilis ar bhonn deonach leis an Aontas cheana agus an tEolaire Scríbhneoirí atá ag an eagraíocht á uasdátú.  

Bhain sí céim an mháistir amach sa Léann Éireannach in Université Sorbonne-Nouvelle agus d’oibrigh sí mar theagascóir Gaeilge ag an Centre Culturel Irlandias i gcaitheamh a tréimhse in Paris. Tá sí anois i mbun PhD le Fiontar agus Scoil na Gaeilge in DCU agus í i mbun taighde ar scríbhneoirí comhaimseartha na Gaeilge. 

“Tá mé ag tabhairt faoi chéim dochtúireachta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus is ar an tsochtheangeolaíocht atá mé ag díriú ar cheisteanna maidir le hidé-eolaíochtaí na scríbhneoirí i leith na Gaeilge, agus a stádas mar scríbhneoirí i dteanga mhionlaigh. A bhuíochas leis an bpost nua seo beidh an deis agam tuilleadh plé a dhéanamh leis scríbhneoirí agus beidh imeachtaí á gcur ar fáil a thabharfaidh an deis dúinn teacht le chéile,” a dúirt Éilis le NÓS. 

I measc na hoibre atá ar chlár Éilis Neary mar bhainisteoir, tá feachtas earcaíochta do bhaill

nua; fógraí rialta chuig na baill faoi dheiseanna, imeachtaí agus acmhainní eile; ócáidí plé a

eagrú; agus uasdátú agus poiblíocht a dhéanamh ar an mBunachar Eolaire na Scríbhneoirí. 

“Táim ar bís faoin bpost nua. Ba mhaith linn cur leis na seirbhísí atá á gcur ar fáil ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge. Ba mhaith linn cruinnithe míosúla a chur ar siúl le rudaí a bhaineann le ceird an scríbhneora a phlé agus deis a thabhairt do scríbhneoirí aithne a chur ar a chéile. Is uaigneach an cheird í an scríbhneoireacht, agus bíonn daoine fágtha ina n-aonar an t-am ar fad. 

“Tá roinnt mhaith oibre déanta ar Eolaire na Scríbhneoirí cheana féin, agus na sonraí ar fad maidir le scríbhneoirí na Gaeilge ann. Tá muid ag chun é sin a chríochnú agus poiblíocht a dhéanamh air sin. Is rud maith é do scríbhneoirí mar is minic nach mbíonn a suíomh idirlín féin acu, agus nach mbíonn a fhios ag daoine eile cén chaoi teagmháil a dhéanamh leo le cuireadh a thabhairt dóibh labhairt ag ócáidí agus a leithéid,” a dúirt Éilis. 

Is bean óg í Éilis atá díreach tar éis tús a chur lena gairm mar scríbhneoir agus tá sé tábhachtach di go mbeidh spás agus ardán ag scríbhneoirí óga eile san eagraíocht. 

“Tá sé iontach soiléir nach bhfuil daoine óga ag scríobh – is léir an méid sin ón Eolaire féin. Ba mhaith liom díriú ar na fadhbanna sin sna cruinnithe agus rudaí ar nós na Scéime Meantóireachta a chur ar bun le deis a thabhairt do scríbhneoirí óga aithne a chur ar scríbhneoirí aitheanta. Tá leithéidí Alan Titley agus Gabriel Rosenstock san Aontas agus tá siad chomh cabhrach sin, tugann siad misneach agus an-tacaíocht do dhaoine,” a dúirt sí. 

Tá 142 duine cláraithe mar bhaill ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge, eagraíocht a cuireadh ar bun ag Oireachtas na Samhna 2014 leis an scríbhneoireacht Ghaeilge a fhorbairt agus cumarsáide agus comhoibriú a fheabhsú idir na scríbhneoirí agus na grúpaí eile a bhíonn ag plé le scríbhneoireacht Ghaeilge.

Tá méadú ag teacht ar líon na mball gach bliain agus tá scríbhneoirí cruthaitheacha i ngach seánra mar aon le scríbhneoirí acadúla ní hamháin in Éirinn ach ar mhór-roinn na hEorpa, san Astráil, agus i Stáit Aontaithe Mheiriceá i measc na mball reatha. 

Níos mó