Tá an Rialtas ag smaoineamh ar ról áirithe a thabhairt d’Údarás na Gaeltachta i soláthar tithíochta.
Tá Teachta Dála amháin ag moladh gur fiú smaoineamh go háirithe ar ról a thabhairt don eagraíocht fiontraíochta agus pleanála teanga i dtithe inacmhainne a sholáthar do chainteoirí Gaeilge.
Dúirt an Teachta Dála de chuid na Chomhaontais Ghlais, Marc Ó Cathasaigh, gur labhair sé le déanaí le hAire Stáit na Gaeltachta agus leis an Aire Tithíochta faoi chás na tithíochta as Ghaeltacht agus gur socraíodh “gur fiú smaoineamh ar cheart go mbeadh ról ag Údarás na Gaeltachta i soláthar tithíochta i gceantair Ghaeltachta, go háirithe tithíocht inacmhainne do Ghaeilgeoirí.”
Luaigh Ó Cathasaigh an t-athrú ar chumhachtaí an Údaráis le linn plé as Dáil faoin reachtaíocht atá le tabhairt isteach ag na Rialtas chun athstruchtúrú a dhéanamh ar Bhord na heagraíochta Gaeltachta.
“Beidh gá leis an bpríomh-Acht a leasú chuige seo, ach ag cur san áireamh an géarghanntanas tithíochta cuí sa Ghaeltacht agus an ghéarchéim teanga atá ann freisin, b’fhéidir gur fiú breithniú air seo,” a dúirt Ó Cathasaigh.
Tá ceist thoghchán an Údaráis a thabhairt ar ais á plé ag an Rialtas le cúpla bliain anuas ach d’fhéadfadh nach dtarlódh aon toghchán roimh 2025.
Pléadh an cheist sa Dáil an tseachtain seo caite agus d’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta go gceapfaí bord nua ar an eagraíocht Ghaeltachta mí Eanáir tríd an gcóras céanna atá ann faoi láthair.
Tréimhse “nach faide ná dhá bhliain” a bheidh ag an mbord sin, áfach, seachas tréimhse cúig bliana mar atá ag an mbord faoi láthair.
Tá sé i gceist ag an Rialtas reachtaíocht faoi struchtúr an bhoird a thabhairt isteach roimh dheireadh na bliana, nuair a bheadh an t-athbhreithniú atá á dhéanamh faoin scéal curtha i gcrích.