Tá ráite ag ceann de na ceardchumainn múinteoirí is mó sa tír go bhfuil “slánú na Gaeilge féin” ag brath ar réiteach a fháil ar cheist na díolúine Gaeilge.
Dúirt Declan Glynn, Ard-Rúnaí Cúnta ó Aontas Múinteoirí Éireann [TUI] gur “cur i gcéill uafásach” a bhí ann nach ndearna breis agus duine as gach cúigear a thug faoin Ardteist i mbliana scrúdú Gaeilge, in ainneoin gur ábhar éigeantach atá sa teanga.
Léirigh anailís de chuid Tuairisc ar Ardteist 2022 nach raibh 22.4% de dhaltaí a fuair a dtorthaí an mhí seo caite cláraithe don scrúdú Gaeilge, líon níos airde ná mar a bhí aon bhliain eile le scór bliain anuas.
Agus é ag tagairt den fhigiúr sin ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais i dTeach Laighean inné, dúirt Glynn gur fadhb ollmhór a bhí ann, ní amháin don teanga sa chóras oideachais ach don Ghaeilge trí chéile.
“Ní thabharfainn comhcheilg air, ach b’fhéidir cur i gcéill uafásach. Ní dhéanann 22% de scoláirí iarbhunscoile an Ghaeilge in aon chor, níos mó ná duine as gach cúigear,” a dirt sé.
“Má leanann sin ar aghaidh, agus tá sé ag dul ar aghaidh go seasta, céard a bheidh ann don teanga féin? Cén chaoi gur féidir cur le líon na gcainteoirí, de réir straitéise an Rialtais, má éiríonn an méid sin scoláirí as foghlaim na Gaeilge? Cén todhchaí atá ann don teanga? Ní bheadh ann di ach an bás, i ndáiríre.”
Léirigh na ceardchumainn múinteoirí uile a labhair ag an gcruinniú inné imní faoin mborradh atá tagtha le blianta fada anuas ar líon na ndíolúintí a mbronntar ó staidéar na Gaeilge
In 1999, fuair 2.5% de scoláirí díolúine ón nGaeilge ach tá sin ardaithe go dtí 11% anois, in ainneoin córais nua a thug an Roinn Oideachais isteach cúpla bliain ó shin a dúradh go ndéanfaí rud annamh agus eisceachtúil den díolúine.
Nuair a bhí an Roinn i mbun an chórais nua sin a fhorbairt, dúradh gur chóir an “imní” agus “an strus” a luann daoine le foghlaim na Gaeilge a thabhairt san áireamh.
‘Is cosúil gur próiseas uathoibríoch é díolúine a fháil ón nGaeilge’
Dúirt Glynn go mbíonn strus ag baint le chuile ábhar agus nach ndéanann sé “ciall ná réasún” go mbeadh níos mó strus ar dhalta ag foghlaim na Gaeilge ná mar a bheadh ag foghlaim teanga eile. Dúirt sé go léiríonn na staitisticí go dtugann idir 55-74% de dhaltaí a fhaigheann díolúine ó nGaeilge faoi theanga Eorpach eile.
Mhaígh sé go raibh an chuma ar an scéal go raibh an Roinn Oideachais ag éirí é a dhéanamh níos éasca do dhaltaí díolúine ón nGaeilge a fháil, seachas a mhalairt.
“Caithfidh mé an cheist a chur, an bhfuil an Roinn ag iarraidh foras nua agus foras nua agus foras nua; bealach nua, bealach nua agus bealach nua a bhronnadh ar an bpobal le go n-éireodh páistí as an nGaeilge?
“Tá na forais faoinar féidir cur isteach ar dhíolúine ag dul i méid chomh maith. Is cosúil gur fhreagra ar éilimh tuismitheoirí é an foras nua a bhaineann le brú agus strus. Déarfaidh mé arís é, níl aon chiall ann go mbeadh níos mó strus agus brú ag baint leis an nGaeilge seachas aon ábhar eile.”
Dúirt Glynn gur chóir figiúirí a choinneáil maidir le líon na n-iarratas a dhéantar ar dhíolúintí chun léargas a fháil ar cén céatadán de na hiarratais a n-éiríonn leo.
Mhol sé freisin taifead a choinneáil ar líon na ndíolúintí a bhronntar i ngach scoil agus scéal faighte aige ó bhaill an cheardchumainn go raibh tuismitheoirí áirithe ag roghnú iarbhunscoile dá bpáistí bunaithe ar cé chomh “flaithiúil” agus a bhí an scoil i dtaobh díolúintí a cheadú.