Mhol mac óg le duine de na daoine a maraíodh i bpléasc an Chraoslaigh inniu do dhaoine grá a léiriú dá muintir agus don saol.
D’fhreastail na céadta inniu ar Aifreann sochraide James O’Flaherty i dTeach Pobail Naomh Muire sna Doirí Beaga, mar ar labhair a mhac, Hamish, óna chroí faoina athair.
Innealtóir arb as Sydney na hAstráile ó dhúchas ab ea James O’Flaherty.
Bhí sé ina chónaí i nDún Fionnachaidh lena bhean chéile Tracey agus Hamish, atá dhá bhliain déag d’aois.
Ina phíosa cainte ag deireadh an aifrinn, dúirt Hamish gur mhaith leis rud éigin a rá faoi rud éigin a bhí foghlamtha aige le seachtain anuas.
“Ba chóir dúinn a bheith buíoch. Bíodh grá agaibh do bhur muintir, bí buíoch astu mar ní bheidh siad ann go deo.”
Dúirt Hamish gur “fear iontach” a athair a chuir lá fada crua oibre isteach gach lá.
“Bain tairbhe as an am atá agat. Agus bí buíoch as a bheith beo mar ní mhairfidh sin go deo ach oiread. Bí buíoch agus beidh tú ábalta scíth a ligint agus an obair chrua déanta agat.”
Sheas an slua sa séipéal agus thug bualadh bos don bhuachaill óg nuair a chuir sé críoch lena chuid cainte.
Bhí Uachtarán na hÉireann Micheál D Ó hUigínn i láthair ag an tsochraid sna Doirí Beaga. Tháinig an tUachtarán abhaile ó Strasbourg aréir agus chuaigh sé go dtí Dún na nGall inniu chun freastal ar na sochraidí agus chun bualadh le muintir an deichniúr a maraíodh sa tubaiste Dé hAoine seo caite.
Dúirt sagart paróiste Ghaoth Dobhair, an tAthair Brian Ó Fearraigh, ina sheanmóir gur athair iontach, fear céile lán grá, cara dílis agus comhghleacaí oibre díograiseach ab ea James O’Flaherty. Fear ionraic ab ea é a rinne beart de réir a bhriathair.
Bhí sé “an-bródúil” as Hamish agus cúis mhaith aige, arsa an sagart paróiste. Dá bhean Tracey agus do Hamish a rinne sé gach a ndearna sé agus bhí siad an-dlúth le chéile mar chlann, a dúirt an tAthair Ó Fearraigh.
Bhí an tUachtarán Ó hUigínn i dTeach Pobail Naomh Mícheál ar an Chraoslach tráthnóna do thórramh Catherine O’Donnell, 39, agus a mac trí bliana déag d’aois, James Monaghan, a cailleadh sa phléasc thubaisteach sa bhaile beag i nDún na nGall.
Bhí Catherine agus a mac James sa scuaine in oifig an phoist sa siopa nuair a tharla an phléasc ag an ionad Applegreen ar imeall an bhaile Dé hAoine seo caite.
Chuaigh siad ann nuair a chríochnaigh James a lá scoile i mBaile na nGallóglach.
Dúirt sagart paróiste an Chraoslaigh, an tAthair John Joe Duffy gur bhean ghalánta Catherine a raibh an-dúil aici sa tsiopadóireacht agus i gcóisirí. Buachaill óg lán de rógaireacht agus aer an tsaoil ab ea a mac James, a dúirt an sagart.
Dúirt an tAthair John Joe Duffy gur cheart do gach duine sa pharóiste a raibh tacaíocht uathu i ndiaidh na tubaiste a leithéid a fháil, go háirithe daltaí Choláiste na Maoile Rua i mBaile na nGallóglach, mar a raibh James ina dhalta.
Dúirt sagart paróiste an Chraoslaigh gur dea-shampla do chách a bhí sa spiorad agus an dlúthpháirtíocht atá léirithe ag muintir an Chraoslaigh ó tharla an tubaiste agus gurb in é “a dtabhartas don saol mór”.
Ag labhairt dó sna Doirí Beaga, mhol an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an tslí “inspioráideach” ar dhéileáil muintir an Chraoslaigh, muintir Dhún na nGall agus muintir na hÉireann le tragóid an Chraoslaigh.