Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
‘eiseamlair-den-scoth-i-rita-do-chailini-oga’

‘Eiseamláir den scoth í Rita do chailíní óga’

| sean o dubhchon | ,

Is é Rita agus an Fathach an séú leabhar sa tsraith Rita, sraith leabhair do pháistí atá scríofa ag Máire Zepf agus maisithe ag Andrew Whitson (faoina ainm cleite Mr Ando). Is é An tSnáthaid Mhór, teach foilsitheoireachta atá aitheanta don ardchaighdeán léaráidí a bhíonn ina gcuid leabhair, a d’fhoilsigh an tsraith ar fad. 

Tá draíocht ag baint le cuid scríbhneoireachta Mháire Zepf agus cuid léaráidí Andrew Whitson, agus tá sárshaothar cruthaithe acu le sraith Rita. Ní hamháin go bhfuil na leabhair ann, ach tá pleananna acu sraith theilifíse a chruthú bunaithe ar an gcarachtar, agus na leabhair a aistriú go teangacha eile. Tá Rita agus an Fathach i measc na leabhar Gaeilge is fearr atá ann, ach tá téamaí uilíocha sa leabhar a mheallfadh léitheoirí ar fud na cruinne. 

Cailín óg is ea í Rita, ach tá sí cliste, cróga agus uaillmhianach mar charachtar. Is eiseamláir den scoth í Rita do pháistí óga, agus do chailíní ach go háirithe, ós rud é go mbíonn sí ag rudaí a chur ina gceart sa domhan thart uirthi. Tá ardú ag teacht ar líon na ban láidre atá le feiceáil ar an teilifís, i scannáin agus sa litríocht le roinnt blianta anuas, agus tá Rita ar cheann de na samplaí is fearr atá le fáil i litríocht na n-óg. 

Tugtar dúshlán na steiréitíopaí inscne i sraith Rita agus tá sin le sonrú sa tslí ina bhfuil Rita tarraingthe ag an maisitheoir Andrew Whitson. Ní banphrionsa í Rita agus níl gúna fada ealaíonta á caitheamh aici. Caitheann sí casóg chliabhraigh gorm, geansaí stríocach, bríste culaithe traenála agus bróga compordacha. Tá cocán déanta dá cuid gruaige, agus is léir go bhfuil Rita níos dírithe ar a cuid eachtraí ná má atá sí ar chúrsaí faisin. Nach deas a bheith ag léamh faoi charachtar atá chomh huathúil, agus cineál carachtair a bhí fíorannamh i litríocht na n-óg go dtí le gairid. 

Tá an scríbhneoireacht i Rita agus an Fathach an-éifeachtach. Ní chuireann Máire Zepf focal amú agus tá teachtaireachtaí móra i mbeagán focail aici. Sa leabhar seo, feicimid Rita ar aistear timpeall na cruinne agus í ag caoineadh an slada atá á dhéanamh ag truailliú, dífhoraoisiú agus téamh domhanda. Ar dtús smaoiníonn Rita faoi cé chomh héifeachtach is a bheadh fathach mór le dul i ngleic leis na fadhbanna seo. Cabhraíonn an fathach le Rita plaisteach a bhaint as na farraigí, truailliú a shéideadh as an spéir agus na foraoisí a chosaint. 

Ach tá teachtaireacht fhíorthábhachtach i Rita agus an Fathach; tá sé de chumas ag gach duine gníomhú ar son na cúise, is cuma má tá siad aosta nó óg, beag nó mór. Léirítear nach bhfuil an Fathach in ann rudaí a athrú ina aonar, cé gur fathach mór é le “corp láidir agus croí cineálta.” Tá tacaíocht agus comhoibriú de dhíth. Feicimid go bhfuil Rita gach pioc chomh láidir leis an bhfathach, nuair a bhaineann sí úsáid as a glór agus nuair a dhéanann sí gníomh. 

Tá ceisteanna comhshaoil i ndiaidh imní a mhúscailt i measc an phobail agus tá tionchar an-diúltach aige seo ar dhaoine óga, a cheapann nach bhfuil siad in ann aon rud a dhéanamh faoi. Tugann an scéal seo misneach agus muinín don léiritheoir óg agus taispeánann sé an méid is féidir a dhéanamh nuair a chabhraíonn daoine le chéile. 

Cuireann Máire Zepf coincheap a bhíonn casta go minic i láthair don léitheoir óg ar bhealach atá sothuigthe, oiriúnach agus spreagúil. Tuigeann sí léitheoirí óga agus tá sé an-soiléir gur smaoinigh sí go domhain faoi charachtar Rita. Tá a carachtar inchreidte i gcónaí agus tá an scríbhneoir an-bheacht ina cuid insinte.

Tá ardmholadh tuilte ag an maisitheoir Andrew Whitson chomh maith. Tá leibhéal mionchruinnis sna léaráidí atá eisceachtúil agus is féidir a leabhar a léamh arís is arís, agus rud éigean nua a aimsiú sna léaráidí gach uair. Tá dhá stíl léaráidí atá ábhairín difriúil in úsáid i Rita agus an Fathach

Tá stíl thionsclaíoch le línte láidre le feiceáil sna farraigí lán de phlaisteach, i monarchana faoi scáth deatach dubh ó na simléir agus i láithreáin líonadh talún. Tá codarsnacht mhór idir seo agus an stíl a mbaintear úsáid as le háilleacht na timpeallachta a léiriú, ina bhfeicimid línte níos boige agus réimse leathan leaganacha datha. Cruthaíonn an maisitheoir domhan gléineach réalaíoch sa leabhar a chuireann go mór leis an scéal. 

Titfidh léitheoirí óga (agus sean léitheoirí ar nós an léirmheastóra seo) i ngrá leis na léaráidí beoga agus pearsantacht láidir uathúil Rita sa leabhar speisialta seo. 

Rita agus an Fathach le Máire Zepf agus Mr Ando ainmnithe do Ghradam Réics Carló 2022. Is féidir é a cheannach anseo. 

Níos mó