Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
tuairisc-on-mbrasail:-ga-le-vota-reitigh-idir-lula-agus-bolsonaro 

TUAIRISC ÓN mBRASAÍL: Gá le vóta réitigh idir Lula agus Bolsonaro 

| Alex Hijmans | , ,

Beidh an dara babhta vótála i dtoghchán uachtaránachta na Brasaíle toisc nár éirigh le Luiz Inácio Lula da Silva móramh a fháil in aghaidh an uachtaráin Jair Bolsonaro.

48% de na vótaí a fuair Lula ach d’éirigh níos fearr le Bolsonaro ná mar a bhíothas a thuar agus ghnóthaigh an t-uachtarán, atá an-fhada amach ar an eite dheis, 43% de na vótaí.

Beidh an vóta réitigh idir an bheirt ar siúl ar an 30 Deireadh Fómhair

D’éirigh níos fearr ná mar a bhí á thuar le cuid mhaith d’iarrthóirí na heite deise ar fud na tíre, cuid d’iar-airí rialtais Bolsonaro ina measc.

Ní raibh á thuar dó sna pobalbhreitheanna deireanacha ach rud beag le cois aon trian de na vótaí.

Ní hamháin sin, ach ar feadh dhá uair an chloig le linn an chomhairimh, bhí Bolsonaro chun tosaigh sa rás.

D’éirigh go hainnis ar fad le Ciro Gomes, iarrthóir ar chlé ón lár, agus gan aige ach 3% de na vótaí. Níor éirigh mórán níos fearr leis an iarrthóir nua-liobrálach Simone Tebet, a fuair 4% de na vótaí.

Léiríonn toradh an chéad bhabhta, mar sin, go bhfuil an Bhrasaíl chomh deighilte céanna ó thaobh na polaitíochta de agus atá ó rinneadh táinseamh ar chomharba Lula, Dilma Rousseff, sa bhliain 2016. Lucht na heite fíordheise atá i dtreis sa leath thiar theas den tír ar thaobh amháin agus lucht na heite clé atá i dtreis sa leath thoir thuaidh ar an taobh eile.

An cheist anois ná an éireoidh leis an eite chlé an lámh in uachtar a fháil ar an 30 Deireadh Fómhair nó an ndaingneoidh an eite fhíordheas a greim ar an tír.

Más aon fhianaise teip lucht na bpobalbhreitheanna láidreacht thacaíocht Jair Bolsonaro a mheas i gceart sna míonna roimh an gcéad bhabhta, ní féidir talamh slán a dhéanamh de ar chor ar bith go mbeidh Lula ina uachtarán ar an mBrasaíl in athuair.

Bhí Lula, ceannaire an PT, páirtí na n-oibrithe, ina uachtarán ar an mBrasaíl cheana, idir 2003-2010, tráth go raibh borradh faoi gheilleagar na tíre.

Ciontaíodh é as caimiléireacht ina dhiaidh sin, agus cé gur cuireadh an ciontú sin ar ceal sa deireadh, réitigh sé an bealach do Bolsonaro toghchán 2018 a bhuachan fad is a bhí Lula sa phríosún.

Deir Lula nach bhfuil sa vóta réitigh ach “moill bheag” agus é an-mhuiníneach go mbeidh an lá leis.

Toghchán achrannach go maith a bhí ann go nuige seo. Thug Bolsonaro “gadaí” ar Lula agus mhaígh seisean sin gur “fear buile” é Bolsonaro.

Deir Lula go dtabharfadh sé cosaint níos mó d’fhoraois bháistí na hAmasóine ach tá Bolsonaro den tuairim gur cheart dúshaothrú a dhéanamh ar chuid di.

Tá an boilsciú, an bochtanas agus an éagothroime atá ag méadú ina bhfadhbanna móra sa Bhrasaíl chomh maith.

Chuir Bolsonaro le teannas an toghcháin nuair a dúirt sé nach bhféadfadh “ach Dia” cinneadh a dhéanamh é a chur as oifig. Chaith sé amhras ar chóras ríomhvótála na Brasaíle cé nach raibh aon fhianaise aige go raibh aon locht air. Dúirt sé nach raibh aon seans go gcaillfeadh sé an toghchán ach amháin dá mbeadh camastaíl bhallóide i gceist.

Beidh an bheirt ag brath anois ar vótaí na n-iarrthóirí a díbríodh sa chéad bhabhta.

Fógróidh Tebet agus Gomes sna laethanta amach romhainn cén duine a dtabharfaidh siad a gcuid tacaíochta dóibh sa vóta réitigh.

Níos mó