Tá moladh déanta ag an gCoimisinéir Teanga go mbunófaí clár náisiúnta dianoiliúna nua chun a chinntiú go mbeidh dóthain daoine sa tseirbhís phoiblí amach anseo a bheidh ábalta seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil
Deir an Coimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill nach bhfaighfear aon leigheas ar an easpa cainteoirí Gaeilge sa tseirbhís phoiblí mura léirítear níos mó “ceannaireachta” agus “ceannródaíochta”.
Dúirt an Coimisinéir Teanga i dTeach Laighean tráthnóna nach leor an Ghaeilge a bheith luaite le “folúntas fánach thall is abhus” sa tseirbhís phoiblí agus go gcaithfeadh an teanga a bheith luaite mar “bhunriachtanas” i gcás “gach aon chineál folúntais ón mbarr anuas”.
Dúirt sé go raibh “géarghá” le “cur chuige córasach” i leith earcú daoine a bhfuil Gaeilge acu agus dúirt sé nach mbainfí amach sprioc earcaíochta an Rialtais i leith na Gaeilge gan a leithéid de chur chuige. Is í an sprioc sin, atá mar phríomhsprioc sa reachtaíocht teanga nua, ná gur cainteoirí Gaeilge a bheidh in 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoi 2030.
“Is léir nach dtiocfaidh athrú chun feabhais ar chúrsaí earcaíochta cheal ceannaireachta,” a dúirt an Coimisinéir Teanga agus é ag labhairt tráthnóna ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta.
I bhfianaise “phráinn an riachtanais” chaithfí, a dúirt Ó Domhnaill, earraíocht “a bhaint as gach seift feasta” chun cur le líon na n-iarratasóirí cáilithe a bheidh ag cur isteach ar fholúntais sa státchóras.
Dúirt sé gur den riachtanas é freisin go ndéanfaí “scrúdú fuarchúiseach” ar an soláthar céimithe oilte a bhfuil Gaeilge acu.
Chuige sin mhol an Coimisinéir Teanga go mbeadh “cur chuige comhordaithe náisiúnta, idir-institiúideach” ann chun cur le líon na gcéimithe a bheadh cáilithe chun seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge i réimsí éagsúla.
D’fhéadfadh an cur chuige nua a bheith bunaithe ar mhúnla an Ionaid Náisiúnta Barr Feabhais, ar sé.
Mhol an Coimisinéir go mbunófaí cúrsaí nua fochéime agus iarchéime i réimse an riaracháin phoiblí.
“D’fhéadfadh ról a bheith ag an bhForas Riaracháin (IPA) agus institiúidí ardoideachais siollabas comónta a dhearadh ina gcuimseofaí dianoiliúint teanga agus modúil chuí sa pholaitíocht, eacnamaíocht, dlí agus riarachán poiblí.”
“D’fhéadfaí a leithéid de chlár ceannródaíoch a bheith ar fáil go náisiúnta i roinnt institiúidí ardoideachais ionas go gcuirfí go suntasach le líon na gcéimithe cáilithe in achar réasúnta blianta.”
Dúirt sé gur “beart praiticiúil” a bheadh sa chlár náisiúnta nua nár mhór “tosú air láithreach”.
“Glacann próiseas forbartha céime suas le dhá bhliain agus glacann an cúrsa fochéime féin suas le ceithre bliana i mórchuid na n-institiúidí ardoideachais anois,” a dúirt sé.
Dúirt Ó Domhnaill nach “léir” go n-éiríonn le mórbhabhtaí earcaíochta ginearálta painéil mhóra iarratasóirí a bhfuil Gaeilge acu a chruthú. Dúirt sé go raibh “triail áirithe” á baint as sainchomórtais earcaíochta chun painéil de dhaoine a bhfuil Gaeilge acu a chruthú ach go mbíonn “an-éileamh” ar na daoine ar na painéil sin agus nach fada go mbíonn siad “ídithe”.
Mhaígh an Coimisinéir Teanga go bhféadfaí ceacht a fhoghlaim ó chur chuige an Aontais Eorpaigh i leith earcú daoine a bhfuil Gaeilge acu.
“Má tá sprioc 20% san earcaíocht ghinearálta le baint amach faoi 2030 ní mór a bheith i mbun áirimh ar líon na gcúrsaí le Gaeilge nó trí Ghaeilge atá ar fáil sa chóras ardoideachais.
“Rinneadh obair chéadach nuair a bunaíodh an tIonad Barr Feabhais um Ghairmeacha san AE tamall maith blianta siar. Is anois atá a thoradh sin le feiceáil ar an earcaíocht mhór atá déanta ar aistritheoirí cáilithe sna hinstitiúidí Eorpacha.”
Dúirt an Coimisinéir Teanga nár bhain fadhb na hearcaíochta leis an tríú leibhéal amháin agus go raibh gá le níos mó scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú chun sprioc an Rialtais a bhaint amach.
Luaigh sé tuarascáil nua na Roinne Oideachais a léiríonn nach ndeachaigh ach 36% de na daltaí a bhí i Rang a Sé i ngaelscoileanna an stáit i Meitheamh 2020 ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.
Cé go n-aithnítear sa tuarascáil nua na bearnaí móra sa soláthar oideachais lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, deirtear gur ar éigean go mbeidh mórán gaelscoileanna nó gaelcholáistí nua á mbunú sna blianta amach romhainn mar go dtiocfaidh laghdú ar bhunú scoileanna go ginearálta mar gheall ar athruithe déimeagrafacha.
Tá ráite cheana féin ag baill Choiste Oireachtais na Gaeilge gur gá cúrsaí nua tríú leibhéal a bhunú láithreach bonn chun go mbeifear in ann sprioc nua an Stáit cur le líon na nGaeilgeoirí sa tseirbhís phoiblí a bhaint amach.