Feachtas Bailithe Bréagán
Don tríú bliain as a chéile, tá Cumann Pádraig Sairséil CLG tar éis Feachtas Bailithe Bréagán a bhunú le Glen Community Centre, chun a chinntiú go bhfaigheann gach páiste bronntanas an Nollaig seo.
D’fhéadfadh an Nollaig a bheith ina tréimhse dhúshlánach do go leor teaghlach, go háirithe anois agus an costas a bhaineann le géarchéim mhaireachtála ag dul in olcas agus praghsanna ag ardú. Ní hamháin go bhfuil daoine ag streachailt le híoc as leictreach agus teas, ach tugann an t-am seo bliana strus breise le bia, éadaí agus bronntanais.
Anois níos mó ná riamh, tá an t-achomharc Feachtas Bailithe Bréagán ó Cumann Pádraig Sairséil CLG tábhachtach.
Labhair Meon Eile le Róisín Mhic an Lia agus Fiona Nig Uidhir ó Cumann Pádraig Sairséil CLG a labhair beirt faoin tábhacht a bhaineann le tabhairt ar ais ag an am seo den bhliain, ach tuigeann siad gur am trom d’achan duine faoi lathair.
Má tá tú in ann airgead nó bréagáin a bhronnadh ar Feachtas Bailithe Bréagán , is féidir leat iad a thabhairt don Chumann Pádraig Sairséil CLG nó Glen Community Centre. Cé go ritheann an fheactas ar feadh seachtaine dar críoch Dé Domhnaigh an 4 Nollaig, tá níos mó ná fáilte fós roimh shíntiúis tar éis an ama seo.
Tá tuilleadh eolas le fáil anseo.