Tá laghdú tagtha le deich mbliana anuas ar líon na gcainteoirí Breatnaise, de réir figiúirí daonáirimh nua ón mBreatain Bheag.
Sa bhliain 2021 bhí 538,000 cainteoir Breatnaise ina gcónaí sa Bhreatain Bheag, 17.8% den daonra, i gcomparáid le 562,000 in 2011, nó 19%.
De réir na bhfigiúirí nua a d’fhoilsigh an Oifig Náisiúnta Staitisticí inniu bhí baint mhór ag an laghdú ar an líon daoine óga idir 3-15 bliain a labhraíonn an Bhreatnais leis an laghdú 24,000 duine ar líon na gcainteoirí idir 2011-2021.
Bhí laghdú ar líon na gcainteoirí Breatnaise sa deich mbliana roimhe sin chomh maith agus léiriú na figiúirí ar a uaillmhianaí is atá plean rialtas na Breataine Bige go mbeadh milliún cainteoir Breatnaise sa tír faoi 2050.