D’fhéadfadh go bhfuil deireadh i ndán don chosc ar fhógraí ar íocaíocht ar RTÉ Raidió na Gaeltachta tar éis 50 bliain.
Tá an t-athrú ar an bpolasaí atá ag an stáisiún ó bunaíodh é i 1972 á mheas mar gheall ar an dualgas reachtúil nua atá ar chomhlachtaí poiblí méid áirithe fógraí a chur i nGaeilge.
Faoin reachtaíocht teanga nua tá ar chomhlachtaí poiblí 20% dá bhfógraíocht a dhéanamh i nGaeilge gach bliain agus 5% dá mbuiséad fógraíochta a chaitheamh ar fhógraí ar na meáin Ghaeilge.
An sainmhíniú atá sa reachtaíocht ar na meáin Ghaeilge ná meáin a bhfuil 50% ar a laghad den ábhar a bhíonn acu i nGaeilge amháin.
I nGaeilge amháin a bhíonn RnaG ag craoladh ach ní bheadh aon bhuntáiste aige as an reachtaíocht nua mura gcuirfí deireadh leis an gcosc ar fhógraíocht ar íocaíocht.
Dúirt urlabhraí ó RTÉ Raidió na Gaeltachta le Tuairisc nach raibh aon chinneadh críochnúil déanta faoi cheist na fógraíochta.
“Bunaithe ar na leasaithe atá déanta ar Acht na dTeangacha Oifigiúla, agus mar go bhfuil RTÉ Raidió na Gaeltachta áirithe i measc na soláthróirí atá liostáilte in earnáil na Meán Ghaeilge, tá an stáisiún ag breathnú ar chúrsaí fógraíochta ach níl aon chinneadh déanta faoi go fóill,” a dúirt an t-urlabhraí.
Tuigtear do Tuairisc go bhfuil an scéal pléite ag lucht bainistíochta an stáisiúin agus gurb é is dóichí go mór ná go gcuirfear deireadh leis an gcosc ar fhógraí ar íocaíocht, cosc atá i bhfeidhm sa stáisiún ó thosaigh sé.
D’fhéadfadh nach mbeidh an oiread sin cur i gcoinne an athraithe ag daoine ó tharla gur cinneadh a bheadh ann buntáiste a bhaint as reachtaíocht a tugadh isteach chun a chinntiú nach mbeadh éagóir á déanamh ar phobal na Gaeilge ná ar na meáin Ghaeilge agus eolas poiblí á fhógairt ag comhlachtaí poiblí.
Ceist amháin a bheadh ann dá gcinnfí deireadh a chur leis an gcosc ná cá rachadh airgead na bhfógraí.
Is cinnte go mbeadh RTÉ Raidió na Gaeltachta ag iarraidh aon teacht isteach breise a infheistiú sa tseirbhís féin seachas é a bheith ag dul isteach i mórchiste fógraíochta RTÉ.